I ndiaidh duit teacht amach as Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma i dtuaisceart Bhéal Feirste, mothaíonn tú i gcónaí níos fearr agus bíonn spriorad athnuaite i do chroí.
Thiocfadh leis go raibh tú i ndiaidh a bheith ag freastal ar rang Gaeilge, nó ag ithe béile den scoth sa Chaifé Ceoil, é réitithe ag an chócaire aitheanta Ciarán Ó Crualaoich, nó ag foghlaim amhrán sean-nóis nó seans go raibh tú ag damhsa go maidin ag ceann de na coirmeacha iontacha a thuilleann clú don Áras.
Ach tagann na hiontais seo uilig le chéile le linn coicís Scoil Samhraidh Mhic Reachtain a bheidh ar siúl idir an 21 Iúil agus 2 Lúnasa i mbliana agus í ag ceiliúradh 25 bliain ar an fhód.
Faoi stiúir Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain, tá tionchar á imirt ag an Chumann ar phobal uile thuaisceart Bhéal Feirste agus ar bhonn náisiúnta chomh maith.
“Sílim gur athraigh an Caifé Ceoil anseo dearcadh daoine i leith na Gaeilge,” arsa Dáithí Mac Uait.
“Tagann siad isteach den chéad uair fá choinne cupán caife agus titeann siad faoi dhraíocht ag an atmaisféar Gaelach san áit. Is doras isteach ar shaol na Gaeilge dóibh é an caifé mar is minic a thosódh cuid acu ag freastal ar ranganna agus ina dhiaidh sin, ag glacadh páirt sna himeachtaí cultúrtha,” ar sé.
“Bíonn freastal maith i gcónaí ar na himeachtaí Cáis, Ceol agus Ól, ceithre chúrsa de ghreimíní blasta ullmhaithe ag Ciarán agus ceol Gaelach ar feadh an tráthnóna.”
Is eiseamláir é an Cumann Cultúrtha mar a sholáthraíonn siad ranganna Gaeilge, imeachtaí ceoil a mbíonn an-ráchairt orthu, na cumainn óige a bhíonn san ionad ar bhonn seachtainiúil agus an nasc dearfach atá acu le scoileanna na cathrach.
Reáchtálann Cumann Mhic Reachtain comórtas bliantúil amhránaíochta, Sean-Nós na Fearsaide, a tharraingíonn amhránaithe agus lucht éisteachta as gach cearn den tír.
Is cinnte go raibh an rath atá ar an chomórtas sin ar cheann de na cúiseanna ar éirigh le Béal Feirste Oireachtas na Samhna a mhealladh chun na cathrach in 2025.
Ach is í an Scoil Samhraidh buaicphointe na bliana i gcónaí – scoil ar cosúla le teacht le chéile teaghlaigh í bliain i ndiaidh bliana – ach déantar obair lena linn chomh maith!
“Tosóidh an Scoil Samhraidh i mbliana le siúlóid threoraithe go Dún Mhic Airt, ó Chaisleán Bhéal Feirste go barr an chnoic, ócáid do theaghlaigh, do dhaoine a bhfuil dúil sa dúlra acu, agus rud beag aclaíochta a dhéanamh ag an am céanna,” arsa Daithí.
“Ní hamháin sin ach beidh foinn bhinne á gceol roimh thosú na siúlóide agus ar mhullach Bheann Mhadagáin a bhuí le Conor Caldwell agus Brian Connolly.”
Ina dhiaidh sin, cuirfear tús leis an fhéile féin le réimse leathan ranganna – féach an suíomh idirlín le gach eolas a fháil.
Sin ráite, tá go leor ranganna díolta amach cheana féin mar sin is gá deifir a dhéanamh.
Gach lá, beidh seisiún ceoil ar siúl sa chaifé ag am lóin agus ag am tae agus beidh seisiún ceoil thuas staighre gach lá fosta chomh maith le ranganna amhránaíochta.
Taobh amuigh den Áras, beidh Pop-Up Gaeltacht ar siúl arís eile i dTeach Tábhairne Uí Chasaide ar Bhóthar Aontroma.
De réir mar atá Béal Feirste ag éirí níos ilchultúrtha, tá caidreamh dearfach ag Gaeil thuaisceart Bhéal Feirste leis na pobail as baile amach agus tá Lón Idirnáisiúnta beartaithe ina mbeidh ceol agus bia ón tSiria, ón Iaráic, ón Phalaistín agus ón India ar fáil.
Beidh Tura Artura ag déanamh damhsa ar an sean-nós agus beirt fhear ón Phalaistín, Saquer agus Fadi ag teagasc an nabka, damhsa corraitheach na Palaistíne.
Ach tá clú forleathan ar Scoil Samhraidh Mhic Reachtain mar gheall ar na coirmeacha iontacha a eagraíonn siad sa spás Barr an Tí, coirmeacha a léiríonn saibhreas is éagsúlacht cheoil Ghaeilge na haoise seo.
Ar an 22 Iúil, beidh Ceol na nGael ar siúl – i gcomhpháirt le Belfast Tradfest – ina mbeidh Diane Cannon mar bhean a’ tí agus Mick O’Brien, Derek Hickey, Ryan Molloy, Lorraine Ní Bhriain agus George McAdam mar aoicheoltóirí in Áras Mhic Reachtain.
Beidh léacht ar logainmneacha le ceol cruite agus caint ar thraidisiún na cruite in Éirinn fite fuaite leis á chur i láthair ag an Dr Lauren Ní Néill ar an Mháirt, 23 Iúil ag 12.30pm. An oíche sin cuirfear fáilte roimh chách chuig Caifé Ceoil ag a 8:00in le haghaidh Cáirióice na Gaeilge. Beatha na n-amhrán iad a cheol. Bígí ag cleachtadh.
An Chéadaoin, an 24 Iúil cuirfidh an tOllamh Fionntán de Brún na scríbhneoirí Laoighseach Ní Choistealbha agus Art Hughes faoi agallamh d’Oíche na Scríobhaithe.
Ar an Aoine, 26 Iúil, beidh John Spillane agus Lonesome George ag ceol mar aon le haíonna speisialta eile.
Ar an 27 Iúil beidh an t-urlár damhsa ag cur thar maoil agus Fite Fuaite ar siúl, oíche the spraíúil ina gcuirfidh IMLÉ x Róisín Seoighe, GrooveLine, Cigire na bPuntaí chomh maith le buillí cheirneoirí Fite Fuaite féin.
Is pléisiúr an tsaoil é a bheith ag éisteacht le filíocht Nuala Ní Dhomhnaill ach anois tá ceol curtha le sraith dánta dá cuid a foilsíodh den chéad uair sa chnuasach Feis i 1991.
Neil Ó Lochlainn a chuir foinn leis na dánta siúd, meascán de cheol sean-nóis, snagcheol, agus de cheol comhaimseartha clasaiceach agus iad á léiriú ag cuid de na ceoltóirí is spreagúla agus is cumasaí dá bhfuil le fáil i saol an cheoil Ghaelaigh na laethanta seo.
Cuirfear Cáis, Ceol ‘s Ól sa tsiúl i gCaifé Ceoil Dé Céadaoin 31 Iúil mar chuid den fhéile ach tapaigh an deis más spéis leat spás nó tábla a chur in áirithe! An mhaidin dár gcionn léireoidh Cleamairí Feirste ómós do Lugh agus do thús aimsir an fhómhair le gléaró ceoil agus aithriseoireachta ar bhealach isteach an Árais ag a 9:00rn.
Le clabhsúr den scoth a chur leis an Scoil Samhraidh, beidh Oíche Áirneáil ar siúl ina mbeidh amhránaíocht agus damhsa ar an tsean-nós, ceol traidisiúnta, craic, cuideachta agus siamsaíocht thar na bearta ar siúl. Ná caill í.
Le gach eolas a fháil ar an chúrsa, ar na ranganna agus ar na himeachtaí uilig, gabh chuig mhicreachtain.com/scoil-samhraidh-mhic-reachtain/
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tagann na hiontais uilig le chéile le linn coicís Scoil Samhraidh Mhic Reachtain'