GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Bíonn an gáire chomh tábhachtach leis an iomaíocht ag an fhéile Sean-Nós na Fearsaide

Is féile thar a bheith rathúil í Sean-Nós na Fearsaide atá ina hócáid teaghlaigh agus ina comórtas amhránaíochta

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Bíonn an gáire chomh tábhachtach leis an iomaíocht ag an fhéile Sean-Nós na Fearsaide

Os comhair Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma i dtuaisceart Béal Feirste, tá na hOibreacha Uisce, limistéar ina bhfuil dhá loch, plandaí áille go flúirseach agus ceiliúr an iliomad éan le cluinstin fá na crainn. Ach san Áras de chuid Chumainn Chultúrtha Mhic Reachtain, ag deireadh na míosa seo, ní ceiliúr na n-éan a bheidh ag mealladh daoine go tuaisceart Bhéal Feirste ach scoth na n-amhránaithe as na ceithre hairde d’Éirinn do dheireadh seachtaine Sean-Nós na Fearsaide.

Is féile thar a bheith rathúil í Sean-Nós na Fearsaide atá ina hócáid teaghlaigh, ina comórtas amhránaíochta – a bhfuil an gáire chomh coitianta leis an dian-iomaíocht inti – agus ina teacht le chéile do dhaoine a bhfuil suim acu sna healaíona traidisiúnta Gaeilge agus i gcomhluadar den scoth.

Níl a sárú le fáil i gcothú caidreamh idir pobail na Gaeltachta agus Gaeil an tuaiscirt agus le deich mbliana anuas, tá muintir na Gaeltachta ag teacht chun na cathrach seo le seal pléisiúrtha a chaitheamh i measc mhuintir fhorbhfáilteach Bhéal Feirste, ag roinnt amhrán agus cuideachta.

Creideann Sean-Nós na Fearsaide gur chóir an óige a mholadh agus tugann Corn an Oireachtais deis do dhaltaí bhunscoileanna (faoi bhun 12) dul i ndeabhaidh cheoil lena chéile. “Is iontach líon na scoileanna áitiúla a ghlacann páirt sa chomórtas seo, agus is léir go mbaineann na páistí sult as chomh maith,” arsa Daithí Mac Uait ó Chumann Chultúrtha Mhic Reachtain.

“Chomh maith leis an chomórtas do scoileanna, tá comórtas amhránaíochta aonair ann do pháistí faoi 12, Corn Mhic Reachtain, a thugann deis do chailíní agus do ghasúraí a scileanna féin a léiriú.”

Ar na comórtais eile, tugtar ómós do thriúir laoch a d’adhain tine na hamhránaíochta Gaeilge beo i mBéal Feirste – bronnfar Corn Cuimhneacháin Thomáis Uí Mhonacháin ar amhránaithe óga idir 12 – 15 bliain d’aois; tá Corn Cuimhneacháin Sheáin Mhic Aindreasa dírithe ar dhéagóirí idir 15 – 18 bliain d’aois) agus is é Corn Cuimhneacháin Mhéabh Uí Chriagáin an gradam do dhaoine fásta. “Tá sé d’ádh orainn go raibh leithéidí Thomáis, Sheáin, Mhéabha agus daoine eile ann a chaomhnaigh saibhreas Gaeilge Chúíge Uladh – idir theanga, mhúinteoireacht agus dhrámaíocht anuas ar an amhránaíocht – i dtréimhse dhorcha do chultúr na nGael ó thuaidh,” arsa Daithí.

“Agus inniu, bíonn a sprid beo beathach le linn Sean-Nós na Fearsaide agus níos mó daoine ná riamh ag cur suime san ealaín dúchais seo, fiú i suíomhanna uirbeacha mar Bhéal Feirste.”

Aine Ni Chroinin

Gheobhaidh achan bhuaiteoir iontráil saor in aisce don chomórtas chuí ag Oireachtas na Samhna. Do Chorn Uí Chriagáin, tá £750 ann don bhuaiteoir a bhuí le TG4, mar aon le ticéad deireadh seachtaine d’Oireachtas na Samhna a bhuí leis an Oireachtas. £300 ann don dara háit a bhuí le Raidió Fáilte, agus £150 ann don té a bhainfidh tríú háit amach, urraithe ag an Chaife Ceoil. Go dtí seo, bhí buaiteoirí as Conamara, Mín a’ Chladaigh, Béal Feirste, Ard a’ Rátha, Ard Mhacha Theas agus as Gaoth Dobhair.

Ach ní comórtais amháin atá i Sean-Nós na Fearsaide. Beidh ranganna amhránaíochta, cleachtadh cóir, seoladh albaim, léirithe damhsa, amhránaíocht, lúibíní, scéalaíocht, agallamh beirte, seisiúin cheoil, ceolchoirm, agus oíche airneáil ann mar chuid de.

Do chuid mhór daoine, is í an Oíche Airneáil buaicphointe na féile. I mbliana, beidh an t-Áras ag cur thar maoil le hiarbhuaiteoirí Chorn Uí Riada. Is í Caoimhe ‘ceol’ Ní Chathail a sheolfaidh an fhéile agus Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill a chuirfidh an oíche airneáil i láthair. Ar na hamhránaithe, beidh Colm Jimmy Ó Curraoin, Máire Ní Choilm, Lillis Ó Laoire, Michael Frank Ó Confhaola agus Doimnic Mac Giolla Bhríde chomh maith le Eileen Ní Chonghaile, Antaine Ó Faracháin, Gearóid Ó Droighneáin, Becky Ní Éallaithe, Eoghan Ó Curraighín, Róise Nic Corraidh, Aisling Ní Ghribín agus Róise Ní Mhurchú.

Tá plé ag dul ar aghaidh i láthair na huaire faoi Oireachtas na Samhna teacht go Béal Feirste in 2025 agus in 2026. Léireoidh Sean-Nós na Fearsaide – an Scoil Samhraidh chomh maith le himeachtaí Tradfest Bhéal Feirste agus na féilte eile mór le rá – go mbeadh an chathair lán d’ionaid agus d’óstáin mhóra seo breá ábalta ollchóisir na nGael a láimhseáil.

* Tá gach eolas faoi Shean-nós na Fearsaide ar fáil ag mhicreachtain.com/sean-nos/ agus más mian leat cur isteach ar cheann ar bith de na comórtais táthar ag glacadh le hiarratais faoi láthair ag mhicreachtain.com/sean-nos/ – ach is gá iarratas a bheith istigh roimh 25 Feabhra 2024!

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Bíonn an gáire chomh tábhachtach leis an iomaíocht ag an fhéile Sean-Nós na Fearsaide'