Glactha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le rún ag tacú le hacht Gaeilge

34 comhairleoir a vótáil ar son an rúin anocht agus 22 comhairleoir a vótáil ina choinne. Deir Conradh na Gaeilge go bhfágann an toradh sin go bhfuil ‘laethanta na Gaeilge imeallaithe ceilte thart’

Glactha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le rún ag tacú le hacht Gaeilge

Vótáil comhairleoirí Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste anocht le rún a mhol go dtabharfaí acht Gaeilge isteach.

34 comhairleoir a vótáil ar son an rúin agus 22 comhairleoir a vótáil ina choinne.

Bhí plé fada teasaí ann faoin rún, a mhol Matt Collins, an comhairleoir de chuid Pobal seachas Brabús, go nglacfadh an Chomhairle leis go bhfuil sé riachtanach go dtabharfaí acht Gaeilge isteach chun a chinntiú go gcaithfí “go cothrom agus go cuí” le pobal na Gaeilge.

Dúirt Matt Collins go raibh an rún á chur chun tosaigh aige toisc gur ceist í ceist an achta Gaeilge a bhaineann le “cearta bunúsacha” Gaeilgeoirí. Ní ceist “glas nó oráiste” a bhí i gceist an achta, a dúirt Collins.

Dúirt an Comhairleoir de chuid an DUP Lee Reynolds gurb é aidhm an rúin ná “cultúr na Breataine” a ruaigeadh as an gComhairle. Dúirt Chris McGimpsey ón UUP go raibh leas á bhaint ag daoine áirithe as an teanga chun sonc sa phus a thabhairt do Phrotastúnaigh (“to poke the Prods in the eye”).

Dúirt Deirdre Hagry comhairleoir de chuid Shinn Féin, gur theip ar an mbabhta cainteanna is déanaí maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont mar gheall go ndearna an DUP scéal chailleach an uafáis den éileamh ar acht Gaeilge.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh chinneadh na gcomhairleoirí agus dúradh i ráiteas a chuir an eagraíocht teanga amach anocht gur fhág an vóta go raibh “laethanta na Gaeilge imeallaithe ceilte thart”.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge gur léirigh an vóta an “tacaíocht leathan” a bhí ann don éileamh ar acht Gaeilge.

“Agus iad ann atá dírithe ar chearta a shéanadh ar phobal na Gaeilge, léiríonn an tacaíocht áitiúil agus idirnáisiúnta don cheist seo go mbeidh Acht Gaeilge ann, agus nach bhfuil ann ach ceist ama ag an phointe seo,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta leis an eagraíocht teanga, gur  “eiseamláir aitheanta é Béal Feirste don athbheochan phobalbhunaithe i dtaobh na Gaeilge fud fad na tíre”. In ainneoin sin bhí an Ghaeilge “dofheicthe agus iomlán imeallaithe” sa chathair, a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Dúirt sé gur léirigh an vóta ar son an rúin anocht tuiscint na gcomhairleoirí ar  “na hathruithe sa tsochaí i dtaobh measa, aitheantais agus cearta do phobal na Gaeilge”.

“Is le cách an Ghaeilge, agus tá súil againn go mbeidh sí le feiceáil agus le cluinstin ag cách de réir mar a théann muid chun tosaigh,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Glactha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le rún ag tacú le hacht Gaeilge'

  • Breathnóir

    Ar fheabhas ar fad!