Is é seal na Gaeilge i gcónaí é is cosúil agus a ‘móimint’ fós á caitheamh go giodamach ag céadteanga oifigiúil an stáit, í i mbarr a breáthachta agus an saol go léir faoina smacht.
N’fheadar an dtiocfaidh deireadh go deo leis?
Cheapamar gur baineadh an bhuaic amach an mhí seo caite le tagairt don Ghaeilge a chonaiceamar i ngné-alt a foilsíodh ar an Irish Times. Nuair a scríobhfar amach anseo stair mhóimint na Gaeilge teastóidh caibidil ar leith chun anailís a dhéanamh ar gach a ndúradh agus ná dúradh san abairt chéanna.
‘Letter writing, like vinyl records, film cameras and the Irish language is enjoying a renaissance.’
Ach féach go raibh a sárú d’abairt an lá eile i mír faoi earra a dtugtar an ‘Gaelic Revival Tote’ air, mír a foilsíodh i dtreoir siopadóireachta Nollag an Irish Independent.
‘Speaking of Irish revivals, Debúrca’s ‘Tír gan teanga, tír gan anam’ tote is the perfect one to carry books in to a New Year’s resolution Gaeilge class.’
Tá lán ‘Gaelic Revival Tote’ de cheisteanna le ‘díphacáil’ san abairt sin chomh maith.
Sinne a raibh cion againn ar an nGaeilge nuair nach ndíolfadh sí duit péirí fáinní cluaise nó podchraoladh nó an ‘Gaelic Revival Hoodie’ féin, is deacair uaireanta bun ná barr a bhaint as scéal mhóimint na Gaeilge.
Nuair atá nuachtán náisiúnta Béarla ag moladh duit ‘Cúpla Focal sticker set’ a cheannach mar bhronntanas Nollag – tá greamán de ‘smugairle róin’ ann gan dabht – is deacair gan a bheith soiniciúil.
An í seo ré tráchtálú an chúpla focal, agus más ea cén dochar? Nó an é atá ar siúl le fírinne ná díbirt ar deireadh púcaí an iarchoilíneachais?
Nó más ceadmhach dearcadh ábhairín níos duairce, an é seo glothar an bháis teanga phobail a bhfuil teanga leabhar tábla caife á déanamh di?
Ná bac, mar a deir mana nua bolscaireachta RTÉ dá sceideal don bhféile, ‘Sí an Nollaig í’.
Nach bhféadfadh gur comhartha ‘móimint na Gaeilge’ ar theacht athbheochan níos buaine?
B’fhéidir nárbh fhearr duit rud a dhéanamh ach glacadh le comhairle an nuachtáin agus dearbhán ranganna Gaeilge a bhronnadh ar an bhfoghlaimeoir is ansa leat.
‘Give the gift of Gaeilge’ a deir an treoir siopadóireachta.
Dein, ach in ainm Dé, abair leo chomh maith nach don Nollaig amháin í.
‘Sí an Nollaig í’
Chuir mana Gaeilge RTÉ dá bhfeachtas bolscaireachta do sceideal na Nollag ag cuimhneamh sinn.
Is annamh go gcloiseann Dialann Tuairisc ‘Sí an Nollaig í’ ach amháin mar leithscéal ag duine le rud a dhéanamh nár cheart a dhéanamh. Saghas carte blanche bliantúil. Leithscéal chun fanacht amuigh tamall eile i gcomhair dheoch an dorais, mar shampla. Nó b’fhéidir dá n-éireodh idir beirt chairde i ndiaidh deoch an dorais go ndéarfá leo ciall a bheith acu óir ‘Sí an Nollaig í’.
Pé scéal é, is é an rud deireanach a dhéanfadh formhór de lucht aitheantais Dialann Tuairisc i ndiaidh dóibh ‘Sí an Nollaig í’ a rá ná fanacht istigh ag féachaint ar Barbie nó Oppenheimer nó aon rud eile ar sceideal na Nollag RTÉ, dá fheabhas é.
Ach is cosúil go mbíonn ‘Sí an Nollaig í’ á úsáid ag daoine eile agus gan aon urchóid nó baol urchóide ag baint leis. Deirtear linn go gcuireann na daoine seo pictiúir in airde ar na meáin shóisialta agus gan faic ar siúl acu ach, b’fhéidir, iad ag seasamh go gealgháireach in aice a chéile taobh leis an gcrann Nollag agus na pitseámaí Nollag céanna orthu. #SíanNollaigí.
N’fheadar ach gur cairde nua an bronntanas is mó a dhéanfadh ár leas i mbliana.
Moladh na seachtaine…
Úrscéalaí agus cumadóir ceoil é John Darnielle a bhfuil stíl liteartha neamhghnách ag baint le liricí a shaothair leis an mbanna The Mountain Goats.
Tá a ghort féin á threabhadh ag an bhfíormhaivairic seo le blianta fada agus díol spéise a leabhar nua, This Year: 365 Songs Annotated – A Book of Days, cnuasach liricí ina dtugann sé éachtaint dúinn ar a chur chuige cumadóireachta. Beidh na Mountain Goats i Sráid Vicar i mBaile Átha Cliath an fómhar seo chugainn chomh maith.
Fág freagra ar '‘Give the gift of Gaeilge’ – móimint gan stad na teanga…'