‘Ghlacamar leis gan dochar a dhéanamh dár gcearta’ – CLG na Gaeltachta míshásta faoin gcaoi ar chaith Roinn na Gaeltachta leo

Fógraíodh inné go raibh suas le €175,000 le bronnadh ar CLG na Gaeltachta agus iad ag fáil réidh chun Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 a reáchtáil i nGallarus in iarthar Chiarraí ach deir siad nach leor an deontas atá faighte acu agus go ndearna an Roinn athrú ar an bpróiseas a bhíodh ann

‘Ghlacamar leis gan dochar a dhéanamh dár gcearta’ – CLG na Gaeltachta míshásta faoin gcaoi ar chaith Roinn na Gaeltachta leo

Cé go bhfuil fáilte curtha ag CLG na Gaeltachta roimh an deontas a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil dóibh chun páirc nua a thógáil, tá sé ráite ag an gcumann nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu.

Fógraíodh inné go raibh suas le €175,000 le bronnadh ar CLG na Gaeltachta agus iad ag fáil réidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019 a bheidh ar siúl i nGallarus an bhliain seo chugainn, ach deir lucht an chumainn nach leor an deontas atá faighte acu agus go ndearna an Roinn athrú ar an bpróiseas a bhíodh ann.

Dúirt Cathaoirleach choiste na páirce nua, Tommy Jim Mac Gearailt, gurbh é an próiseas a bhí ann chun deontas a fháil ná go nglacfadh an cumann leis an tairiscint ab ísle chun an obair a dhéanamh agus go gcuirfeadh an Roinn 80% den chostas ar fáil ansin.

“Sin é an córas a cheapamar go gcaithfí glacadh leis mar go bhfuil sé trédhearcach agus nach féidir aon athrú a dhéanamh air, síos ná suas ná soir ná siar. Ghlacamar leis sin ach níor ghlac an Roinn leis,” a dúirt Mac Gearailt agus é ag labhairt ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.

Dúirt sé gur €275,000 an tairiscint ab ísle a fuair an cumann chun an obair uile a dhéanamh agus go raibh siad ag súil dá bhar  le deontas suas le €225,000 ón Roinn.

“Rinne [an Roinn] athluacháil ar luach na páirce agus ghearradar 25% é,” a dúirt Mac Gearailt. Dúirt sé gur fhág sin go bhfuil an cumann €45,000 gann ar an méid a raibh siad ag súil leis.

Dúirt Mac Gearailt gur ghlac an cumann leis an deontas €175,000 a bronnadh orthu inné ach gur chuir siad in iúl don Roinn go rabhthas “ag glacadh leis gan dochar a dhéanamh dár gcearta”, agus go mbeadh siad ag lorg cruinniú leis an Roinn chun an cás a phlé.

“Is cumann deonach sinn. Aon rud atáimid á dhéanamh, táimid á dhéanamh ar mhaithe le muintir na háite agus chun áiseanna a chur ar fáil don áit,” a dúirt Mac Gearailt. “Ag deireadh an lae, tá sé ag teacht go dtí an bpointe go ndéarfaidh daoine, ‘Canathaobh go ndéanfá faic nuair nach bhfuil na cearta á bhfáil agat’.”

Dúirt Mac Gearailt nach bhféadfaí an t-airgead breise atá ag teastáil don fhorbairt a bhailiú ón bpobal mar go bhfuil go bhfuil a lán tiomsaithe acu cheana féin.

“Ní féidir imeacht go dtí an bpobal thar n-ais. Tá a gcuid airgid tugtha acu agus moladh ag dul dóibh as an tacaíocht atá tugtha. Tá os cionn €100,000 bailithe. I bpobal beag mar seo, sin airgead uafásach mór.”

Fág freagra ar '‘Ghlacamar leis gan dochar a dhéanamh dár gcearta’ – CLG na Gaeltachta míshásta faoin gcaoi ar chaith Roinn na Gaeltachta leo'