Tá Bridget Bhreathnach Tuairisc ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais do ‘Colúnaí na Bliana’. D’fhógair an tOireachtas an gearrliosta inné do na gradaim “a thugann aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí, agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse”.
Bronnfar gradaim i dtrí chatagóir déag i mbliana, chomh maith le ‘Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais’, ag ócáid ag Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i mBéal Feirste an mhí seo chugainn.
Beidh vóta poiblí ann don chatagóir ‘Réalta Óg na Bliana’ mar a bhí ó tugadh an gradam sin isteach deich mbliana ó shin. Cuirfear tús leis an vótáil phoiblí don cúigear óg atá ainmnithe don ghradam sin ar an 23 Meán Fómhair.
“Is pribhléid ar leith é spotsolas a lonrú ar na héachtaí atá á mbaint amach ag na daoine cruthaitheacha, ceannródaíocha, paiseanta atá ag saothrú in earnáil na cumarsáide Gaeilge.
“Tréaslaím leis na réaltaí ar fad atá ainmnithe inniu ar Ghearrliosta na nGradam Cumarsáide 2025. Tá sárshaothar Gaeilge craolta le bliain anuas agus beidh aitheantas á thabhairt dó sin ag an ócáid bhronnta ghalánta i Halla na Cathrach i mBéal Feirste,” a dúirt ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha.
Is í an craoltóir raidió agus teilifíse Lynette Fay a bheidh ina bean tí ag an searmanas bronnta ar Chéadaoin an Oireachtais i lár Bhéal Feirste. Seo é an chéad uair i stair na ngradam a mbronnfar i mBéal Feirste iad.
Deir an tOireachtas go ndéantar ceiliúradh ar “ardchaighdeán agus ar sháriarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain” ag na Gradaim Chumarsáide agus go dtugtar aitheantas do dhaoine atá ag obair sna meáin Ghaeilge a bhfuil “cion thar na bearta déanta acu” le dhá mhí dhéag anuas.
Seo a leanas na hainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025:
Scannán / Clár / Sraith Teilifíse na Bliana do Dhaoine Óga
Nuacht Cúla4 MEANGADH FIBÍN
Scoil Choille CORCRA MEDIA
Anfa MEANGADH FIBÍN
Lí Ban PAPER OWL FILMS
Mo Pheata MEANGADH FÍBÍN
Colúnaí na Bliana
Aodhán Ó Baoill Seachtain
Bridget Breathnach Tuairisc
Robert McMillen Seachtain agus The Irish News
Áine Ní Bhreisleáin Seachtain
Tomaí Ó Conghaile Nós
Sraith Raidió na Bliana
Fios Feasa RAIDIÓ NA LIFE
Tús Áite RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Moch ar Maidin RÁIDIÓ FÁILTE
Ceol sa Chroí BBC GAEILGE AR BBC RAIDIÓ ULADH
An Taobh Tuathail RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Clár Teilifíse / Scannán na Bliana
Carna an Cheoil agus na nAmhrán ANIAR TV
Níl aon Tinteán CLEAN SLATE PRODUCTIONS
Báite DANÚ MEDIA
Réiteoir! MACHA MEDIA
Na Lumière Gaelacha CORMORANT FILMS
Aontas PÚCA PICTURES
Iriseoir na Bliana
Caoimhe Ní Laighin NUACHT TG4 / RTÉ
Cuán Ó Seireadáin RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Jack Mac Íomhair AN PÁIPÉAR
Marian O’Flaherty TG4 / RTÉ
Kevin Magee INIÚCHADH TG4
Conchubhar Ó Liatháin – THE ECHO / SCÉAL THE IRISH TIMES / THE IRISH EXAMINER
Pearsa Raidió na Bliana
Máire Treasa Ní Dhubhghaill PÉ SCÉAL É
Colm Feirtéar RUAILLE BUAILLE
Róisín Ní Mhaoláin AN MEANGADH BEAG
Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail BLAS
Dónall Mac Ruairí CÓISIR CEOIL
Pearsa Teilifíse na Bliana
Proinsias Ó Coinn
Áine Ní Bhreisleáin
Louise Cantillon
John Sharpson
Síomha Ní Ruairc
Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail
Craic as Gaeilge FLIRT FM 101.3
Ceol agus Craic -103.2 DUBLIN CITY FM
An Áit a nÓlann an tUan an Bainne – Ceiliúradh Deich mBliana Fichead RAIDIÓ POBAIL CHONAMARA
Deich FLIRT FM 101.3
Aon Scéal 92.5 PHOENIXFM
Cumasc Ceilteach FINN VALLEY FM
Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail
Ruaille Buaille HIGHLAND RADIO
Splanc NEWSTALK
Sraith Teilifíse na Bliana
Is Mise le Mess ROINN TV
Saol na Feirme STRIDENT MEDIA
Sonas ANIAR TV
Crá FIBÍN MEDIA / ZOOGON LTD
Giorraíonn Beirt Bóthar MACHA MEDIA
Scéalta ár Stampaí MIDAS PRODUCTIONS
Craoltóir Solabhartha na Bliana
Caoimhe Ní Choncoille RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Seán Ó Dubhchon RAIDIÓ RÍ-RÁ / RÁIDIÓ NA LIFE
Sláine Ní Chathalláin RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Liam Mac Amhlaigh RAIDIÓ NA LIFE
Dónall Mac Ruairí RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Áine Ní Bhreisleáin BBC GAEILGE AR BBC RAIDIÓ ULADH & TG4
Réalta Óg na Bliana
Katelyn Hayes NUACHT CÚLA4
Róise Ní Mhurchú BBC RAIDIÓ ULADH
Joe Mac Aoidh NUACHT TG4 / NUACHT CÚLA 4 / 7 LÁ
Máire Ní Churraoin TG4 / ARDÁIN ILMHEÁN
Rhiann Flemming NUACHT TG4 / NUACHT CÚLA 4
Fág freagra ar 'Gearrliostaí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025 fógartha'