Tá na cúig leabhar atá ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló, gradam Oireachtas na Gaeilge do litríocht do dhaoine óga, fógartha ag Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.
Is iad Lá leis na Lochlannaigh le Máire Zepf, Hata Zú Mhamó le Áine Ní Ghlinn, Trixie agus Tony: An Madra Mistéireach le Patricia Mac Eoin, Ná Gabh ar Scoil le Máire Zepf, agus Éalú as an Lios le hAoife Ní Dhufaigh na leabhair atá ainmnithe i mbliana.
Tá sé mar aidhm ag Gradam Réics Carlo aitheantas a thabhairt do “dhea-chleachtais, do chruthaitheacht agus do chur i láthair proifisiúnta” na leabhar “ag gach aon leibhéal den phróiseas” a bhaineann lena n-ullmhú.
“Tá caighdeán na leabhar do pháistí chomh hiontach sin inniu go gcinnteoidh sé go leanfaidh daoine óga leo ag léamh leabhar Gaeilge agus ní haon eisceacht é gearrliosta 2016.
“Tá scríbhneoirí agus ealaíontóirí den scoth ag feidhmiú trí Ghaeilge agus tugann an gradam seo deis dúinn éacht oibre na scríbhneoirí, na n-ealaíontóirí agus na bhfoilsitheoirí araon a cheiliúradh,” a dúirt Ó Maolaodha.
Fógrófar buaiteoir an Ghradaim ag Oireachtas na Samhna in Óstán an Gleneagle ar 2 Samhain. Bronnfar duais €3,000 ar an bhfoilsitheoir, duais €1,000 ar an ealaíontóir agus duais €1,000 ar údar an leabhair.
Scéal faoi eachtra draíochta ag beirt ghasúr atá i Lá leis na Lochlannaigh (Cois Life) le Máire Zepf. Is í Zepf an t-aon údar a bhfuil dhá leabhar léi ar an ngearrliosta i mbliana. Is leabhar faoin gcéad lá ar scoil agus ar naíonra é an leabhar eile atá aici, Ná Gabh ar Scoil (Futa Fata).
Is leabhar atá mar chuid de shraith nua é Éalú as an Lios (Leabhar Breac) le hAoife Ní Dhufaigh, a bhaineann le scéal ‘Luisne’, sióg óg atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí.
Tá duais Oireachtais buaite cheana féin ag Hata Zú Mhamó (Cois Life) le Áine Ní Ghlinn, scéal faoi chuairt a thugann Mamó ar an zú lena gariníon Siobhán agus beirt chairde léi ó theach altranais.
Scéal faoi mhadra cliste agus a chara Tony an tréidlia atá i Trixie agus Tony: An Madra Mistéireach (Futa Fata) le Patricia Mac Eoin
Fág freagra ar 'Gearrliosta do Ghradam Réics Carló fógartha'