Deir Príomfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn gur bliain dhúshlánach a bheidh ag an eagraíocht in 2025 agus go bhfuil an baol ann gur ag gearradh siar ar sheirbhísí a bheidh siad. Dúirt Seán Ó Coinn go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar cheist mhaoinithe na heagraíochta.
“Ainneoin ar éirigh linn a bhaint amach le linn 2024 beidh cúrsaí buiséid thar a bheith dúshlánach do 2025 mar a sheasann rudaí. Tá géarghá le réiteach cothrom agus fadtéarmach maoinithe a ligfidh d’Fhoras na Gaeilge freastal ar an bpobal agus tógáil ar 2024, seachas seirbhísí a ghearradh,” arsa Seán Ó Coinn.
De réir figiúirí nua a foilsíodh i Ráiteas Deireadh Bliana an Fhorais, chaith siopaí leabhar na tíre €1 milliún ar leabhair Ghaeilge a cheannach anuraidh.
Deir an Foras gur os cionn 200,000 leabhar Gaeilge a díoladh anuraidh le siopaí leabhar tríd Áis (Áisíneacht Dáileacháin Leabhar).
Dúirt Cathaoirleach an Bhoird, Regina Uí Chollatáin, go raibh bliain mhaith anuraidh ag an eagraíocht trasteorann. “Agus Foras na Gaeilge ag ceiliúradh cúig bliana is fiche ar an bhfód in 2024, ba thráthúil dúinn an chéad chomhdháil idirnáisiúnta faoin bpróiseas pleanála teanga don Ghaeilge a eagrú.
“D’fhreastail Foras na Gaeilge ar an éileamh leanúnach ar leabhair Ghaeilge nuair a sháraigh díolachán Áis €1 mhilliún in 2024.”
De réir an ráitis deireadh bliana 536 deontas a chuir an Foras ar Fáil in 2024 agus thacaigh siad le 220 post in earnáil na Gaeilge.
Dúradh gur mheall an feachtas teanga Creidim Ionat “na céadta daoine le clárú do ranganna Gaeilge, imeachtaí ar líne agus acmhainní do gach leibhéal”.
Fág freagra ar '‘Géarghá’ le réiteach ‘cothrom’ ar cheist mhaoinithe Fhoras na Gaeilge – príomhfheidhmeannach'