Deirtear i dtuarascáil taighde idirnáisiúnta nua go gcaithfear dul i ngleic leis an “imní shóisialta” a bhíonn ar fhoghlaimeoirí Gaeilge an teanga a labhairt, go háirithe le cainteoirí dúchais.
I measc na moltaí atá sa tuarascáil nua, From New Speaker to Speaker, tá go reáchtálfaí mórfheachtas feasachta náisiúnta chun fáil réidh leis na “steiréitíopaí diúltacha” faoi fhoghlaimeoirí Gaeilge.
Ba chóir, a deirtear, an feachtas seo a cheangal le cur chun cinn agus athbheochan na Gaeltachta, rud a dhéanfadh tairbhe do chách agus don chaidreamh idir nuachainteoirí agus cainteoirí dúchais.
Deirtear sa tuarascáil chomh maith gur gá leasuithe suntasacha a dhéanamh i gcúrsaí oiliúna múinteoirí más fúinn ‘borradh mór’ a chur faoi líon na gcainteoirí Gaeilge.
Deirtear sa tuarascáil, a foilsíodh an tseachtain seo, gur chóir páirt-tumoideachas agus polasaithe oideachais eile atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm chun cur le líon ‘na nuachainteoirí’ Gaeilge.
Is é an sainmhíniú a bhí ag an lucht taighde ar ‘nuachainteoirí’ ná daoine a labhraíonn teanga áirithe go rialta agus go líofa ach nár tógadh leis an teanga sin iad i dtimpeallacht ina labhraítear an teanga sin de ghnáth.
Sa tuarascáil nua ón Ghréasán Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht COST (European Co-operation in Science and Technology), deirtear gur ceist polasaí rialtais é tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do dhaoine ar mian leo “aistriú ó bheith ina bhfoghlaimeoirí Gaeilge go nuachainteoirí gníomhacha”.
Mar chuid den tacaíocht bhreise seo, moltar ionaid Ghaeilge a thógáil ‘san oiread ceantar agus is féidir’. Ionaid iad seo a bheadh mar ‘spásanna sábháilte’ do chainteoirí dúchais agus ‘nuachainteoirí’ labhairt lena chéile, a deirtear sa tuarascáil.
Aithnítear sa taighde chomh maith an imní mhór atá ar shaineolaithe áirithe faoi nuachainteoirí a bheith ag múineadh na Gaeilge agus iad féin easnamhach maidir le líofacht agus réim teanga i gcomparáid leis an gcainteoir dúchais.
Ar an dtaobh eile den scéal, bhíodar ann a mhaígh le linn an taighde go raibh seanchleachtadh in Éirinn ar mheascán de mhodhanna agus stíleanna éagsúla teagaisc agus de mhúinteoirí le leibhéil éagsúla líofachta. Mhaígh an dream sin nárbh aon údar imní nó míshuaimhnis é seo.
A mhalairt a mhaígh siad a bhí fíor, is é sin gur ag brath ar nuachainteoirí agus foghlaimeoirí ardchumais atá beatha na teanga seachas ar an gcainteoir dúchais.
Pléann an taighde chomh maith leis an “easpa muiníne” agus an “imní” a chuireann as do nuachainteoirí Gaeilge maidir leis an teanga a labhairt le cainteoirí dúchais Gaeltachta.
Deirtear gur gá dul i ngleic le “steiréitíopaí diúltacha” a bhaineann le foghlaimeoirí Gaeilge.
Moltar aird a tharraingt ar na cineálacha éagsúla daoine a labhraíonn Gaeilge agus mórfheachtas feasachta náisiúnta a reáchtáil chun an imní a bhíonn ar fhoghlaimeoirí a mhaolú agus chun fáil réidh le “steiréitíopaí diúltacha”.
Moltar chomh maith polasaithe a thabhairt isteach ar mhaithe le cur in iúl do dhaoine nach gá canúint thraidisiúnta a tharraingt chugat féin chun an Ghaeilge a fhoghlaim.
D’fhéadfadh cainteoirí líofa nach bhfuil canúint thraidisiúnta acu a bheith ina n-eiseamláir ag daoine atá ag smaoineamh an Ghaeilge a fhoghlaim.
Díríonn an taighde, atá maoinithe ag Horizon 2020 Creatclár an Aontais Eorpaigh, ar theangacha mionlaigh de chuid na hEorpa agus tugtar léargas sa taighde ar nuachainteoirí éagsúla i réimse teangacha mionlaigh. I measc na dteangacha sin, tá Gaeilge, Breatnais, Bascais, Corsaicis, Briotáinis, Gaeilge Mhanann, Sáimis, Ocsatáinis, Giúdais agus Gailísis. Aithnítear an Ghaeilge ar cheann de na teangacha ar éirigh go maith lena n-athbheochan.
Ba é an sochtheangeolaí aitheanta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Dr John Walsh, a bhí mar ionadaí na hÉireann ar choiste stiúrtha an taighde. Dúirt an Dr Walsh le Tuairisc.ie gurbh é aidhm an tionscadail “tuiscint níos fearr a fháil ar nuachainteoirí theangacha éagsúla i gcomhthéacs na hEorpa ilteangaí”.
Dúirt sé gur aithníodh sa tuarascáil taighde dúshláin áirithe a bhí le sárú ag an nuachainteoir Gaeilge.
Ar na dúshláin sin bhí “easpa spásanna sóisialta inar féidir an Ghaeilge a úsáid” agus “easpa tuisceana ar na bealaí ina n-iompaíonn foghlaimeoirí ina gcainteoirí gníomhacha, go háirithe sa chóras oideachais”. Dúshlán eile is ea an “imní shóisialta” a bhíonn ar dhaoine an teanga a labhairt agus an “easpa tuisceana” ar conas meascadh “le pobal na teanga”.
Bhí tábhacht ar leith chomh maith a dúirt an Dr Walsh leis an mórfheachtas feasachta “chun cur le tuiscint an phobail ar chainteoirí uile na Gaeilge”.
Cé go n-aithníonn na húdaráis coincheap an nuachainteora anois i gcás na Gaeilge, dúirt an Dr. John Walsh go léiríonn an taighde “gur lú an t-ualach atá leis sa bheartas teanga i gcomparáid le tíortha eile ar nós Thír na mBascach agus na Catalóine, áit a bhfuil an tuiscint fréamhaithe go maith”.
Dúirt sé freisin gur gá mionstaidéar a dhéanamh ar na bealaí “ina dtagann nuachainteoirí chun cinn, nó ar an aistriú a dhéanann an duine ó fhoghlaimeoir go cainteoir gníomhach, ionas gur féidir leis na húdaráis tacú leis an aistriú sin”.
“Is gá riachtanais nuachainteoirí ó thaobh na teanga féin, ó thaobh na hoibre agus ó thaobh an oideachais a aithint,” a dúirt sé.
Dúirt an Dr. John Walsh go bhfáiltíonn sé go háirithe roimh an mholadh sa taighde go gcruthófaí próifílí de nuachtaineoirí a dhéanfadh cur síos ar chineálacha éagsúla nuachainteoirí agus go ndéanfaí forbairt ar spásanna nó ionaid shóisialta chun tacú le nuachainteoirí comhtháthú le pobal na teanga.
An Déaghnach
De réir mo bharúlsa, is í an fhadhb is mó os comhair na bhfoghlaimeoirí Gaeilge (téarma atá i bhfad níos cruinne ná nuachainteoirí) ná nach bhfuil cleactadh dóthanach acu ar theanga na Gaeltachta nó an teanga í féin (bunáim mo bhreithiúnas suibiachtúil ar mo chomhráite féin le foghlaimeoirí/nuachainteoirí). Muna ndéanann tú dianiarracht greim a fháil ar an nGaeilge ná bí ag cur an mhilleáin ar chúis eile nó ag iarraidh leithscéal éigin a aimsiú. Ní mór duit glacadh go gcaithfidh tú breis oibre a chur isteach. Is ionann sin agus a rá go gcaithfidh tú éist le cainteoirí dúchais na nGaeltacht (tá RnaG ar fáil ar fud na bhfudanna), leabhair a léamh (ar fáil go fairsing) agus labhairt le daoine eile nó leat féin.
Seán Mór
“Is ionann sin agus a rá go gcaithfidh tú éisteacht le cainteoirí dúchais na nGaeltachtaí (tá RnaG ar fáil ar fud na bhfudanna), leabhair a léamh (ar fáil go fairsing) agus labhairt le daoine eile nó leat féin”.
Aontaím go huile is go hiomlán leis seo. Níor éirigh liom féin greim mheasaetha a fháil ar an Ghaeilge go dtí gur thoisigh mé ag léamh (os ard go minic fosta, rud a dhéanaim go fóill), ag éisteacht go gníomhach (seachas go falsach) le RnaG agus dul siar ar chláracha cainte agus éisteacht go géar le tráchtairí spóirt faoi lánseoil, agus sa deireadh daoune a aimsiú le gan ach Gaeilge a labhairt leo i gcónaí gcónaí gcónaí. Cuidíonn an scríbhneoireacht fosta leis an teanga a neadú i d’intinn.
Níl aon dualgas reachtúil ar aon chainteoir dúchais ná líofa cuidiú linn mar fhoghlaimeoirí. Is fúinne amháin atá sé greim a fháil ar ruball éan na teanga agus eitilt linn.
Mholfainn coincheap an “Tumchónaí LánGhaeilge 3 Lá” sa Ghaeltacht seachas an deireadh seachtaine cogarnaigh i mBéarla le linn cúrsa Gaeilge.
Dáithí Mac Cárthaigh
Tá sé riachtanach an difir idir na consain chaola agus na consain leathana a chur i dtuiscint do lucht foghlama na Gaeilge mar ní dhéantar dul chun cinn dá cheal.
Deasún Ó Cearúlláin
Ma tá suim agat an tuarascáil (From Speaker to New Speaker) a léamh, is féidir leat leagan pdf a íoslódáil ón nasc idirlín seo: http://www.nspk.org.uk/images/iaith_digital.pdf
Mac an Mheiriceánaigh
Tá nuachainteoirí ann agus Gaeilge uafásach acu. Ach tá nuachainteoirí eile ann agus Gaeilge den scoth acu. Dá mhéad is féidir cur le líon na nuachainteoirí is amhlaidh is mó a bhéas na daoine maithe ann. Dá mbeadh breith agus dá rogha ag scoil nó ag eagraíocht ar bith roghnófaí an duine ní b’fhearr. Ní fíor mar sin a mhaíomh gur drochrud é borradh líon na nuachainteoirí. Bheinn féin sásta go mbeadh miliúin de dhrochchainteoirí ann da mba rud é go raibh miliúin eile de chainteoirí maithe. Is dóigh liom go bhfuil gach duine ar aon intinn maidir leis sin.
Caithfear cuimriú air sin, déarfainn.