Géarchéim uisce agus fuinnimh sa Bhrasaíl

Níl ach cúpla braon fágtha sna taiscumair ar a bhfuil na scórtha milliún in oirdheisceart na tíre ag brath dá soláthar uisce agus leictreachais

iIdl780CXPF8

Botháin á dtógáil ag bochtáin gan dídean i dtóin thaiscumar uisce nach bhfuil ach braon nó dhó fágtha ann. Na milliúin fágtha gan uisce reatha gach ré lá san ollchathair in aice láimhe; fógra tugtha ag na húdaráis nach mbeidh uisce ar fáil ach dhá lá sa tseachtain mura dtitfidh díle go luath.

Toisc go bhfuil taiscumair na stáisiún giniúna hidreachumhachta nach mór folamh freisin, is cuid den saol iad gearrthacha cumhachta a mhaireann uaireanta an chloig. Íomhánna as scannán iarapacailipteach éigin? Ní hea, seo nuacht an lae in São Paulo agus an ceantar maguaird.

Géarchéim uisce

Tá géarchéim uisce sa chathair is mó sa Bhrasaíl le bliain anuas, agus tá sí ag scaipeadh soir go Rio de Janeiro agus soir ó thuaidh i dtreo na bplandálacha caife a sholáthraíonn aon trian de phónairí caife an domhain.

Easpa báistí, gan dabht, an phríomhchúis atá leis an nganntanas uisce. Ach tá baint ag drochinfreastruchtúr agus easpa tuisceana leis an scéal freisin.

Cailltear 37 faoin gcéad d’uisce mhórcheantar São Paulo de bharr píopaí pollta.

In ainneoin go bhfuiltear ag iarraidh ar mhuintir na cathrach le bliain anuas gan uisce a chur amú, bíonn gluaisteáin á ní agus linnte snámha á líonadh. 

Ach ní muintir na cathrach amháin a bhí ag ligean orthu féin nach raibh tada ag tarlú. Níor admhaigh Geraldo Alckmin, gobharnóir stát São Paulo, ach coicís ó shin go bhfuil ciondáil (rationing) curtha i bhfeidhm ar sholáthar uisce mhórcheantar São Paulo le míonna anuas. 

Géarchéim fhuinnimh

D’admhaigh rialtas na Brasaíle an tseachtain seo caite go bhfuil aibhléis á hiompórtáil ag an tír as an Airgintín toisc go bhfuil titim thubaisteach ar leibhéal an uisce sna taiscumair ar a mbrathann stáisiúin hidreachumhachta na Brasaíle, a ghineann 75 faoin gcéad de sholáthar leictreachais na tíre. 

Tá stáisiúin ghiniúna a fheidhmíonn ar bhreosla iontaise (fossil fuel) agus a choinnítear i leataobh do ghéarchéimeanna mar seo curtha ar siúl freisin, rud a mhéadóidh costas an leictreachais tuilleadh – drochnuacht d’eacnamaíocht na tíre, atá ag fuarú.

Is léir go bhfuil géarghá leis na beartais seo. An tseachtain seo caite, fágadh 800,000 duine i mórcheantar São Paulo gan leictreachas ar feadh uaireanta fada an chloig, agus níorbh é an chéad uair é. An iarraidh seo, bhí ar phaisinéirí ar cheann de línte fobhealaigh na cathrach a mbealach a dhéanamh trí tholláin dorcha, de shiúl na gcos, nuair a stad na traenacha ar a rabhadar ag taisteal.

Costas ard

Cé go bhfuil tús curtha le hoibreacha infreastruchtúrtha a bhfuil géarghá leo, tógfaidh sé blianta – agus na mílte milliún – chun dul i ngleic leis an ngéarchéim uisce agus fuinnimh. Gan ach sampla amháin a lua: tá córas na bpíopaí uisce i gcathair São Paulo, a chaithfear a athnuachan, 64,000 ciliméadar ar fhad.

Athrú aeráide

Idir an dá linn, gach seans go n-éireoidh an scéal níos measa. Déarfaidh seandaoine a chaith a saol ar fad i gcathair São Paulo leat, mar shampla, nach cuimhin leo teas 37 gcéim – mar a marcáladh an tseachtain seo caite – ó laethanta a n-óige.

Deir eolaithe nach téamh na cruinne amháin, ach laghdú dhufair na hAmasóine agus fás na mórchathracha is cúis leis na hathruithe ar an aimsir atá á dtabhairt faoi deara sa Bhrasaíl le deireanas.

Ní gach duine sa Bhrasaíl a ghlacann leis an bhfeiniméan athrú aeráide, áfach. ‘Ceann droichid an impiriúlachais’ a thug Aldo Rebelo, Aire Eolaíochta na tíre agus ball de Pháirtí Cumannach na Brasaíle (PCdoB), ar ‘ghluaiseacht idirnáisiúnta na timpeallachta’ le gairid. 

Tá an dearcadh seo – go dteastaíonn ó chumhachtaí móra an domhain úsáid a bhaint as ceist na timpeallachta chun cur isteach ar fhlaitheas na Brasaíle san Amasóin – forleathan, ní amháin ar an eite chlé radacach ach ar an eite dheis radacach freisin.

Fág freagra ar 'Géarchéim uisce agus fuinnimh sa Bhrasaíl'

  • Fearn

    Is bocht an scéal é seo. Dea-thuairisc ó Aileics,