‘Géarchéim ar leith’ i ndrámaíocht na Gaeilge

Deirtear i dtuarascáil taighde nua a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta go bhfuil easpa lárphleanála ag cur as go mór d’fhorbairt dhrámaíocht na Gaeilge

‘Géarchéim ar leith’ i ndrámaíocht na Gaeilge

Tá “géarchéim ar leith” i ndrámaíocht na Gaeilge “idir ghairmiúil agus amaitéarach”, a deirtear i dtuarascáil taighde nuafhoilsithe.

Deirtear sa tuarascáil, a bhí ina bunús le straitéis náisiúnta nua atá le seoladh go luath do na healaíona i nGaeilge, go bhfuil easpa lárphleanála ag cur as go mór do dhrámaíocht na Gaeilge.

Tá géarchéim ann chomh maith, a deir údair na tuarascála, ó thaobh lucht féachana a fháil don drámaíocht i nGaeilge.

Luaitear sa tuarascáil, a rinne meitheal taighde as Coláiste Mhuire Gan Smál agus Ollscoil Luimnigh, fadhbanna éagsúla a mhaítear atá ag cur as d’fhorbairt na hamharclannaíochta Gaeilge.

Baineann na fadhbanna seo le gach gné den earnáil, ó easpa drámaí Gaeilge Amharclann na Mainistreach go dtí drochbhail na drámaíochta amaitéaraí.

Bhíodh an gréasán cumann amaitéarach “níos fairsinge agus níos ilghnéithí” san am atá caite agus tá laghdú ar líon na gcumann “go háirithe cumainn sna coláistí tríú leibhéil”, mar a bhfuil an scéal “níos measa fós”.

Deirtear nár léiríodh drámaí Gaeilge le fada ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach agus gur go fíor-ócáidiúil a léirítear drámaí Gaeilge ar stáitse na Péacóige.

Maidir leis an Taibhdhearc deirtear go mba “líonmhaire agus rialta go mór” san amharclann le tamall “na léirithe Béarla ilchineálacha” ná “na léirithe ócáidiúla Gaeilge”.

Deir údair na tuarascála nach bhfuil “aon struchtúr leanúnach ann in aon amharclann maidir le forbairt scripteanna drámaíochta i nGaeilge”.

Deirtear go bhfuil maoiniú breise á lorg ag an Taibhdhearc agus fonn orthu “ról cinnireachta” níos mó a bheith acu i bhforbairt na drámaíochta Gaeilge.

Ó thaobh na hamharclannaíochta don óige “eiseamláir” a bheadh in obair Youth Theatre Ireland maidir le struchtúr d’earnáil na Gaeilge.

Deirtear, áfach, nach bhfuil aon chraobh Ghaeilge ag Youth Theatre Ireland agus nach bhfuil “aon saineolas ar leith” san eagraíocht maidir le drámaíocht na Gaeilge.

Deirtear go bhfuil “ról tábhachtach” á imirt ag an gCumann Scoildrámaíochta i réimse an oideachais ach nach bhfuil “próifíl ard nó feasacht leathan ann maidir le hobair an chumainn…”. Bac “breise” a laghad béime a chuirtear ar an drámaíocht mar “ealaín bheo” i gcuraclam ollscoile agus ar chláir oideachais do mhúinteoirí, a deirtear.

Cé go bhfuil béim i mbeartais stáit éagsúla ar ghuth na hóige a thabhairt san áireamh, deirtear nach bhfuil an bhéim chéanna i mbeartais Ghaeilge an rialtais ná ag eagrais drámaíochta Gaeilge.

Níl “aon bhéim ar leith ar na healaíona” ag Cumann na bhFiann, an cheanneagraíocht do dhaoine óga atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

Tá sé i gceist go bhfoilseoidh Roinn na Gaeltachta Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge go luath, straitéis a bheidh bunaithe ar an tuarascáil taighde leis an Dr Shane Grant, an Dr Róisín Ní Ghairbhí agus an Dr Éamonn Costelloe.

Moltar sa tuarascáil go mbeadh maoiniú luaite leis na beartais a bheidh sa straitéis agus go leagfaí síos “spriocanna sainiúla maidir le gach réimse cleachtais ar leith”.

Moltar freisin go ndéanfadh an straitéis cur síos ar an gcomhordú agus na hathruithe struchtúrtha is gá a chur i bhfeidhm maidir le riaradh agus forbairt na hearnála trí chéile.

Fág freagra ar '‘Géarchéim ar leith’ i ndrámaíocht na Gaeilge'

  • Máirín

    Acadamh Drámaíochta le haghaidh óige na Gaeltachta a theastaíonn rud nach bhfuil an-soiléir san alt.
    Cén tíontas mar a deireann údaír an tuarascáil “nach bhfuil aon chraobh Ghaeilge ag Youth Theatre Ireland” mar is eagraíocht do Bhéarlóirí atá sa National Youth Theatre. Ar a laghad tá NYT macánta faoi sin.
    https://www.youththeatre.ie/

    Ó bheith ag éisteacht le Niamh Ní Curnáin agus le Alan Esslemont (Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge) i dTeach Laighean Céad, 21 Feabh 2024 agus iad ag caint ar “Úsáid agus Infheictheacht na Gaeilge ar na Meáin Chraolta”, is léir go mbeidh gá le go leor aisteoirí óga agus láithreoirí óga le Gaeilge líofa.

    https://www.oireachtas.ie/ga/committees/33/an-ghaeilge-an-ghaeltacht-agus-phobal-labhartha-na-gaeilge/
    Murach an obair dheonach agus fíorthábhachtach atá ar siúl ag an Cumann Scoildrámaíochta is beag spreagadh a bheadh ar fáil do dhaltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí. Is mór an creidiúint atá ag dul dóibh.
    Tá streachailt leanúnach ar siúl ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, roinnt mhaith scoileanna Gaeltachta agus roinnt mhaith tuismitheoirí Gaeltachta chun daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa drámaíocht. Is mór an creidiúint atá ag dul dóibh siúd freisin.
    Ceisteanna árachais, spásanna le haghaidh cleachtadh a bheith ag braith ar deathoil nó táillí arda, spás le haghaidh seiteanna, daoine deonacha a fháil, leanúnachas fóirne srl srl atá ag cur lagmhisneach ar daoine sna Gaeltachtaí a bhfuil suim acu an drámaíócht a chur chun cinn i measc an óige.
    Dá mbunófaí Acadamh Drámaíochta le haghaidh óige na Gaeltachta bheadh tús curtha chun an taoide a chasadh.