Gearán le déanamh faoi Theachta Dála a scaip bileoga ‘bolscaireachta’ i mBéarla ar dhaltaí scoile ag coiste Gaeilge

Dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais gur “masla” a bhí ann gur tháinig an Teachta Dála Michael Healy-Rae go dtí cruinniú díreach chun bileoga faoi féin a scaipeadh ar na daltaí a bhí i láthair

Gearán le déanamh faoi Theachta Dála a scaip bileoga ‘bolscaireachta’ i mBéarla ar dhaltaí scoile ag coiste Gaeilge

Tá Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais le scríobh chuig an Teachta Dála Michael Healy-Rae chun gearán a dhéanamh leis faoin scéala gur scaip sé ábhar “bolscaireachta” ar dhaltaí scoile le linn cruinniú de chuid an choiste.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh gur tháinig an Teachta Dála neamhspleách as Ciarraí isteach chuig an seomra i dTeach Laighean ina raibh an cruinniú ar siúl díreach chun bileoga a scaipeadh ar daltaí agus nár ghlac sé aon pháirt sa phlé a bhí ar bun.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh sé maslach gur “shleamhnaigh” an Teachta Healy-Rae isteach ag an gcruinniú chun ábhar a bhí go hiomlán i mBéarla a scaipeadh. Tuigtear gur faoi féin agus a obair mar Theachta Dála a bhí na bileoga a scaip Healy Rae.

Bhí daltaí ó Ghaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí i láthair i seomra an choiste, chomh maith le daltaí ó Choláiste Mhuire, Cabrach, Baile Átha Cliath 7, Coláiste na bPiarsach, Ros Muc agus Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg i gCaisleán Uidhilín i gcontae an Dúin.

Bhí an Teachta Dála Danny Healy-Rae i láthair ag an gcruinniú ar feadh achar gairid freisin. Is ball de Choiste Gaeilge an Oireachtais é Danny Healy Rae ach ní minic leis freastal ar na cruinnithe. Léirigh anailís de chuid Tuairisc go raibh sé as láthair do bheagnach 95% de na cruinnithe a bhí ag an gcoiste ó bunaíodh é i bhfómhar 2020 go dtí deireadh na bliana seo caite.

Rinneadh plé ar roinnt ábhar le linn an chruinnithe, ina measc todhchaí éiceolaíochta na tíre, conas pobal Gaeilge nua-aoiseach a chruthú agus cad iad na deiseanna a bhí ann do Ghaeilgeoirí sa státseirbhís. Is nuair a bhí sé ag cur deireadh leis an gcruinniú a léirigh Cathaoirleach an choiste a mhíshástacht le hiompar Michael Healy-Rae.

“Ábhar amháin eile agus caithfidh mé déileáil leis mar chuir sé as dom níos luaithe. Déanann an coiste seo fáilte a chur roimh aon Theachta nó Seanadóir freastal [ar chruinnithe] nó páirt a ghlacadh in imeachtaí an Choiste ach measaim go raibh sé tubaisteach inniu ag ár gcruinniú gur shleamhnaigh Teachta amháin isteach, nár ghlac sé páirt sa chruinniú in aon chor ach gur thosaigh sé ag scaipeadh bileoga bolscaireachta faoi fhéin ar na cuairteoirí óga ó scoileanna difriúla,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Níos maslaí fós, bhí an bhileog go huile agus go hiomlán i mBéarla. Coiste Gaeilge muid. Déanann muid ár ngnó trí Ghaeilge. Lorgaíonn aíonna anois agus arís cead labhairt as Béarla nó as Albainis nó pé teanga. Níor dhein seisean é sin agus beidh mé ag scríobh chuige chun gearán a dhéanamh.”

Bhí an Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar, Mairéad Farrell, ar dhuine eile de na Teachtaí Dála nach bhfuil ina mball den choiste a d’fhreastail ar chruinniú an lae inné ach, murab ionann agus Healy-Rae, ghlac sí páirt sa chruinniú agus rinne sí píosa cainte leis na daltaí.

Fág freagra ar 'Gearán le déanamh faoi Theachta Dála a scaip bileoga ‘bolscaireachta’ i mBéarla ar dhaltaí scoile ag coiste Gaeilge'

  • Seán Mag Leannáin

    Cad eile a mbeifeá ag súil leis ón gcaracatúr den bhréag-Chiarraíoch seo.

  • Aidan Duggan

    ‘bhréag-Chiarraíoch’ . . . Is maith liom é.