Gearán faoi TG4 agus faoi Nuacht TG4 diúltaithe ag an BAI

Rinneadh gearán le hÚdarás Craolacháin na hÉireann faoin gclár ‘An Balla’ agus faoi mhír ar Nuacht TG4

Gearán faoi TG4 agus faoi Nuacht TG4 diúltaithe ag an BAI

Dhiúltaigh Údarás Craolacháin na hÉireann do ghearán go raibh clár a craoladh ar TG4 “frith-Sheimiteach”.

Tá cur síos ar an ngearán faoin gclár faisnéise An Balla sa tuarascáil is déanaí ar chinntí an BAI faoi ghearáin ón bpobal i leith craoltóirí.

Mhaígh an gearánaí go raibh ‘An Balla’ éagothrom agus “frith-Sheimiteach” ina chur chuige maidir leis an mballa idir Iosrael agus an Phalaistín.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt TG4 gur chomhléiriú idirnáisiúnta a bhí sa tsraith seo agus go raibh sé bunaithe ar thaighde cuimsitheach. Na daoine a raibh tionchar díreach ag an mballa orthu ábhar an chláir, a dúirt an craoltóir.

Chinn an BAI gur cuireadh an stair i láthair mar chomhthéacs sa chlár ach gur chlár faisnéise faoi dhaoine, nó clár daonspéise, a bhí ann, a dhírigh ar dhaoine a bhí ina gcónaí ar dhá thaobh an bhalla.

Cinneadh nach cúrsaí reatha a bhí i gceist leis an gclár agus nár tháinig sé faoi riachtanais na reachtaíochta a bhain le neamhchlaontacht i gcúrsaí reatha.

Maidir leis an ngearán go raibh cuid d’ábhar an chláir “frith-Sheimiteach”, cinneadh nach raibh aon fhianaise ann gurbh amhlaidh a bhí agus dá bharr sin diúltaíodh don ghearán.

Dhiúltaigh an BAI chomh maith do ghearán faoi Nuacht TG4 maidir le mír nuachta a craoladh faoi ócáid i Ros Muc i gConamara ag comóradh Éirí Amach na Cásca. Mhaígh an gearánaí, Kevin O’Hara, polaiteoir de chuid Shinn Féin i nGaillimh, go raibh an tuairisc nuachta míchothrom toisc nár luadh inti gurbh iad Sinn Féin a d’eagraigh an ócáid agus toisc nár luadh an té a bhí ina phríomchainteoir ag an ócáid.

Mar fhreagra ar an ngearán sin, dúirt TG4 gur bhain an tuairisc le tábhacht Éirí Amach na Cásca do mhuintir Ros Muc agus go raibh an bhéim dá réir ar an bpobal seachas ar an bpolaitíocht agus ar pholaiteoirí.

Thug an BAI suntas dó go raibh an mhír ina cuid de thuairisc faoi imeachtaí comórtha éagsúla ar fud na tíre.

Dúirt an BAI go raibh an tsaoirse eagarthóireachta ag Nuacht TG4 cinneadh a dhéanamh faoin eolas a chraoltar ina scéalta nuachta. Níorbh ionann ainm cainteora nó lucht a heagraithe a fhágáil ar lár agus an mhír faoi ócáid a bheith claonta nó neamhoibiachtúil, a chinn an BAI.

Cinneadh chomh maith nár cuireadh an fíricí i láthair ar bhealach a chuirfeadh duine ar strae.

Fág freagra ar 'Gearán faoi TG4 agus faoi Nuacht TG4 diúltaithe ag an BAI'

  • Pádraig

    Dea-scéal. Is breá le lucht tacaíochta Iosrael a mhaíomh go bhfuil aon duine a cháineann polasaithe na tíre sin ‘frith-Sheimiteach’ mar nach bhfuil aon chosaint eile acu. Is léir don dall an cos ar bolg atá á himirt ar na Palaistínigh. Clár iontach a bhí in ‘An Balla’ a d’inis scéal ionraic na ndaoine a ndéanann balla na tíre sin difear dóibh. Ceann de na cláracha is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ar TG4 le fada an lá.

  • Beartla

    Clár iontach go deimhin a bhí sa cheann sin – An Balla, tugadh moladh mór dó i measc daoine gur suim leo cás na bPalaistíneach agus stair an cheantair i gcoitinne. Cuireadh i láthair é ar bhealach tarraingteach agus cothrom, bhí an clár sin chomh gairmiúil agus a d’fhéadfadh sé a bheith, molaim TG4 as a leithéid a dhéanamh.