Gealltanas tugtha ag Heather Humphreys go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge dá dtoghfaí í

Deir iarrthóir Fhine Gael do thoghchán na huachtaránachta go bhfuil ‘an cúpla focal’ aici ach go gcuirfeadh sí feabhas ar a scileanna teanga dá dtoghfaí í

Gealltanas tugtha ag Heather Humphreys go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge dá dtoghfaí í

Tá geallúint tugtha ag Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael do thoghchán na huachtaránachta, go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge sa chás go dtoghfaí ina huachtarán an mhí seo chugainn í.

Dúirt Humphreys go bhfuil “an cúpla focal” aici ach go gcuirfeadh sí feabhas ar a scileanna teanga dá dtoghfaí í.

“Níl aon Ghaeilge agam ach tá an cúpla focal agam. D’fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil, d’éirigh liom i scrúdú na hArdteistiméireachta, agus cosúil le go leor daoine sa tír seo chuaigh mé amach ag obair agus níor úsáid mé an Ghaeilge.

“Ach d’fhill mé ar an nGaeltacht in 2017 nuair a bhí mé i m’Aire Ealaíon, Oidhreachta, agus Gaeltachta agus chonaic mé go raibh sí ag teacht ar ais chugam. Geallaim, má thoghtar i m’uachtarán mé, go bhfillfidh mé ar an nGaeltacht agus go bhfoghlaimeoidh mé an Ghaeilge,” a dúirt sí agus í faoi agallamh ar an gclár Newstalk Breakfast ar Newstalk.

Tá cúlra conspóideach teanga ag an iar-aire Gaeltachta. Bhí an cháil uirthi gur beag a spéis sa teanga ná i gcás na teanga agus í ina haire sinsearach idir 2014-2017 sa roinn rialtais a raibh cúram na Gaeltachta uirthi. Ach mar sin féin d’fhreastail sí ar chúrsa Gaeilge amháin i nGleann Fhinne le hOideas Gael ag deireadh na tréimhse.

Chuir Tuairisc sraith ceisteanna faoin nGaeilge chuig Heather Humphreys seachtain ó shin ach ainneoin cúpla iarracht níl freagraí faighte uaithi ná óna hoifig go fóill.

Tá ceist líofacht na Gaeilge a bheith ag iarrthóirí an toghcháin uachtaránachta go mór i mbéal an phobail san fheachtas go dtí seo. Ní dhealraíonn sé, áfach, go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ach ag duine amháin de na daoine is mó atá á lua leis an uachtaránacht. Is cainteoir líofa Gaeilge í an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, a bhí ina cathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais agus a bhíonn le cloisteáil go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cé go maítear go bhfuil Jim Gavin, an duine ar dócha go bhfaighidh sé ainmniúchán Fhianna Fáil, báúil don Ghaeilge, níl an teanga ar a thoil aige siúd ach an oiread.

Tá roinnt Gaeilge ag an bhfeisire Eorpach Billy Kelleher, an duine eile atá sa tóir ar ainmniúchán Fhianna Fáil.

D’fhógair Joanna Donnelly, a bhíodh ag obair le Met Éireann, inné gur mhaith léi a hainm féin a chur chun cinn do thoghchán na huachtaránachta a bheidh ar siúl ar an 24 Deireadh Fómhair. Rinne Donnelly cúrsaí Gaeilge le hOideas Gael freisin agus tá alt i nGaeilge foilsithe aici ar shuíomh RTÉ.

Fág freagra ar 'Gealltanas tugtha ag Heather Humphreys go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge dá dtoghfaí í'

  • Breathnóir1

    Tá súil agam go mbeidh an bua ag Catherine Connolly, ní amháin mar go bhfuil Gaeilge ar a toil aici, ach ar go leor cúiseanna. Tugaim faoi deara go ndeachaigh sí go Béal Feirste mar chuid dá feachtas ar na mallaibh. An gcuimhneoidh duine ar bith de na hiarrthóirí eile ar na Sé Chontae?

  • Daithí Ó Féich

    Is cúis imní orm le neart daoine ag caint faoi Ghaeluinn. Beidh níos mó le déanamh ach caith seachtain amháin sa Ghaeltacht ag buachailleacht na muice. Bhí Verona Murphy tofa níos mó ná naoi mhí ó shin agus is a dhícheall aici chun seachtain amháin a chaitheamh sa Ghaeltacht

  • Mícheál Ó Flaithearta

    ‘Má thoghfar mise, ní íosfaidh mé aon chaora eile le mo bheo!’ adúirt an mac tíre leis an scata caorach.

  • Pádraic

    Go n-éirí go go geal le Catherine Connolly! Is bean lách thuisceanach í a bhfuil Gaeilge mhaith aici. Seasann sí lena cuid prionsabal agus níl aon easpa moráltachta uirthi. Tá sí an-ghníomhach ar son na Palaistíne, cúrsaí sláinte, cearta daonna agus teanga agus d’aithneofá uirthi gur duine maith í. Dhéanfadh sí sár-uachtarán agus bheadh sí ina comharba iontach ar Michael D.