Gealltanas Stormont d’íobartaigh ar deireadh thiar thall

Tá compord agus faoiseamh tuillte ag íobartaigh na dTrioblóidí fiú más go mall féin é

Gealltanas Stormont d’íobartaigh ar deireadh thiar thall

Ní inné ná inniu a bhí pinsean nó cúiteamh ag dul d’íobartaigh na dTrioblóidí.

I ndiaidh fhaillí na mblianta thug Feidhmeannas Stormont gealltanas foirmeálta san Ard-Chúirt i mBéal Feirste Dé Luain nach gcuirfear a thuilleadh moille ar íocaíochtaí do dhaoine a gortaíodh le linn na coimhlinte.

‘Más ó Westminster nó as buiséad Stormont a thiocfaidh an t-airgead íocfar é nuair a bheidh sé dlite faoin scéim,’ a dúirt an litir chun na cúirte.

Chinn an Príomh-Bhreitheamh, an Tiarna Declan Morgan gur ghealltanas sásúil é. Chuir sé bailchríoch ar chás cúirte Brian Turley, duine de na ‘Fir sna Púicíní’. Grúpa ceithre dhuine dhéag ab ea iad sin a d’fhulaing pionós cruálach, díth chéadfach is iad i bpúicíní nuair a gabhadh iad lá an Imtheorannaithe i 1971.

Chuaigh Brian Turley chun cúirte anuraidh in éineacht le Jennifer McNern a chaill an dá chois in ionsaí buamála an IRA ar bhialann an Abercorn i mBéal Feirste i 1972; thug siad dúshlán an Fheidhmeannais as an mhoill ar an scéim phinsin a bhí bunaithe ag Westminster le linn an fholúis in Stormont. Rialaigh an chúirt i mí Lúnasa gur chuir Stormont bac ar an scéim in aon turas chun iachall a chur ar rialtas na Breataine an costas a sheasamh. Nuair nach raibh dul chun cinn ar bith déanta chuaigh Brian Turley ar ais chun na cúirte a d’ordaigh do Stormont dhá mhí ó shin an scéim a thionscnamh. Ag éisteacht chúirte an Luain a fuarthas freagra an Fheidhmeannais.

Fearacht Brian Turley agus Jennifer McNern atá ag fanacht beagnach 50 bliain ar thacaíocht airgid an-bheag is iomaí duine eile a raibh fuireach fada orthu. Tá go leor eile a d’fhulaing gortuithe nó damáiste shíceolaíoch imithe ar shlí na fírinne ó tosaíodh ag caint ar fhaoiseamh d’íobartaigh na dTrioblóidí gan tada faighte acu ach briathra comhbhróin. Díobh sin a mhaireann tá mórán i bpian go seasta agus a lán nach bhfuil agus nach raibh ar a gcumas a mbeatha a shaothrú de bharr a ngortuithe. Sé an pinsean idir £2,000 sa mbliain agus £10,000 an rud is lú atá dlite dóibh agus ba é an feall é gur tugadh tosaíocht don choraíocht idir Sinn Féin agus an DUP nó idir Stormont agus Londain.

Bhí daoine in ainm is a bheith in ann iarratais ar an bpinsean a chur isteach ag deireadh mhí na Bealtaine anuraidh. Ní bhfuair siad amach go dtí cúpla lá roimh an spriocdháta go raibh moill ar an bplean. Chuir Sinn Féin bac air toisc nach mbeadh iarpharaimíleataigh áirithe i dteideal íocaíochta. I ndiaidh rialú na cúirte mí Lúnasa cheadaigh Sinn Féin an scéim agus cinneadh go rithfeadh an Roinn Cirt í.

Ó shin i leith bhí an Feidhmeannas ag iarraidh maoiniú don scéim a fháil ó Londain. Cé nár éirigh leo go fóill an glas ar sparán Whitehall a scaoileadh b’éigean dóibh gníomhú mar nár fhág rialú na cúirte an dara rogha acu. Leanfaidh na hAirí ag plé na ceiste le hOifig Thuaisceart Éireann (rialtas na Breataine) a dúirt siad mar go bhfuil siad suite de gur cheart do Westminster an maoiniú a sholáthar, sa bhreis ar an ngnáthbhuiséad.

Áirítear go mbeadh costas timpeall £1.2 billiún ar an scéim thar 20 bliain, £30 milliún an chéad bhliain. Ceaptar gur timpeall 40,000 duine ar fad a gortaíodh le linn na dTrioblóidí chomh maith leis an 3,500 a maraíodh. Beidh daoine i dteideal íocaíochtaí sa Bhreatain Mhór, sa Phoblacht agus ar an Mór-Roinn; níl freagracht as an scéim taobh amuigh den Tuaisceart soiléir fós ach ní bheadh sé féaráilte iarraidh ar Stormont an costas a sheasamh.

Beidh le feiceáil cé chomh luath is a chuirfear ceann leis an scéim ó tá tine curtha faoi Stormont ag an Ard-Chúirt. Tá formhór na n-íobartach ag druidim le deireadh a saoil, compord agus faoiseamh tuillte acu fiú más go mall féin é. Slat tomhais ar fhiúntas rialtais ar bith is ea cé mar a chaitheann sé leis na saoránaigh is goilliúnaí; is mithid do Stormont agus do rialtais na Breataine is na hÉireann féachaint chuige nach ndéanfar a thuilleadh faillí.

Fág freagra ar 'Gealltanas Stormont d’íobartaigh ar deireadh thiar thall'