Tá sé ráite ag an Aire Ardoideachais go gcaithfidh an rialtas níos mó a dhéanamh chun cur le líon na ndaoine a bhíonn ag staidéar ar chúrsaí trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal agus geallta aige go n-oibreoidh sé féin i dtreo na sprice sin.
Tá sé ráite go minic ag polaiteoirí agus lucht feachtais le roinnt blianta anuas go dteastaíonn níos mó céimithe le Gaeilge má tá an sprioc earcaíochta maidir le cainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí le baint amach ach tá diúltaithe ag an rialtas aon bhrú a chur ar ollscoileanna tuilleadh cúrsaí a chur ar fáil.
Agus é ag labhairt sa Dáil, dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless, gur “prionsabal bunúsach” a bhí ann go mbíonn “leibhéal ard neamhspleáchais” ag institiúidí ardoideachais agus “nach féidir leis an rialtas a rá leo cad é atá le teagasc ná an chaoi le dul i mbun teagaisc”.
Mar sin féin, d’admhaigh an tAire Lawless gur gá níos mó a dhéanamh chun tacú le teagasc agus stádas na Gaeilge ag an tríú leibhéal, go háirithe i gcomhthéacs na sprice gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí faoi 2030.
Dúirt an tAire Lawless go raibh treoir tugtha aige dá oifigigh dul i mbun oibre “go gníomhach” ar fud an rialtais chun an obair a bheidh ag teastáil chun an sprioc a bhaint amach a chur chun cinn.
“Aontaím go gcaithfidh muid níos mó a dhéanamh agus geallaim go huile agus go hiomlán é sin a dhéanamh.”
Dúirt comhghleacaí de chuid an Aire Lawless i bhFianna Fáil, an Teachta Dála John Connolly gur léir nach raibh mórán roghanna ag daoine a bhí ag iarraidh cúrsaí tríú leibhéal a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Dúirt an Teachta do Ghaillimh Thiar go raibh níos lú ná 1% de mhic léinn i mbun staidéir ar chúrsaí trí mheán na Gaeilge agus gur ag foghlaim na teanga mar ábhar a bhí a bhformhór siúd.
“Ar bhealach, ceist cearta atá ann,” a dúirt Connolly. “D’aon pháiste nó d’aon duine óg, a thagann ón nGaeltacht agus atá ag iarraidh coinneáil orthu ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge, tá na roghanna atá acu an-teoranta. Caithfidh muid breathnú air seo i dtaobh cearta an mhic léinn.”
Mhol an Teachta Connolly go mbreathnófaí ar an múnla atá in úsáid don Bhreatnais. Dúirt sé go gcuirtear deontais bhreise ar fáil d’institiúidí a chuireann cúrsaí ar fáil trí Bhreatnais agus go raibh líon na ndaoine a fhreastalaíonn ar chúrsa a mhúintear trí mheán na Breatnaise tar éis méadú faoi dhó ó 2011.
Dúirt an tAire Lawless go raibh an scéal sa mBreatain Bheag “suimiúil” agus gur phléigh sé scéimeanna printíseachta sa mBreatnais agus sa nGaeilge le baill de pharlaimint na Breataine Bige an tseachtain seo caite.
Dúirt an tAire go raibh roinnt tograí ar bun chun an Ghaeilge a chur chun cinn na hinstitiúidí tríú leibhéal, ina measc ‘Mo Thráchtas i mBeagán Focal’.
“Tugtar cuireadh d’iarchéimithe a gcuid taighde a chur i láthair as Gaeilge i dtrí nóiméad, ag úsáid sleamhnáin amháin”.
D’admhaigh sé go raibh gá le níos mó a dhéanamh.
Beidh ionadaithe ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inniu chun plé a dhéanamh ar an obair atá ar bun chun an sprioc earcaíochta a bhaint amach.
Fág freagra ar 'Geallta ag an Aire Ardoideachais tuilleadh a dhéanamh chun cur le líon na gcúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil trí Ghaeilge'