Dún na nGall
Tá Gaoth Dobhair, Naomh Conaill, Naomh Micheál agus Cumann na gCeithre Máistrí tríd go dtí babhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo chugainn tar éis dóibh a gcluichí ceathrú ceannais a bhuachan le cúpla lá anuas.
Bhí sé ina chath idir boic mhóra sna Gleannta oíche Dé Sathairn agus an ceann is fearr faighte ag Gaoth Dobhair ar Chill Charthaigh, 0-16 in aghaidh 1-10. Bhí Cill Charthaigh sé phointe chun tosaigh agus deich nóiméad imeartha ach tháinig Gaoth Dobhair ar ais go láidir idir sin agus leath ama agus ní raibh siad ach pointe ar chúl faoi leath ama, 0-7 in aghaidh 0-6. Bhí fir Mhachaire Gathlán imithe chun tosaigh luath sa dara leath agus bhíodar cúig phointe chun tosaigh agus an t-am beagnach caite. D’aimsigh Patrick McBrearty cúl agus chuir Ryan McHugh pointe leis chun an bhearna a laghdú go dtí aon phointe amháin ach d’aimsigh Micheál Roarty scór dhá phointe mar fhreagra chun an bua a chinntiú do Ghaoth Dobhair.
Imreoidh siad anois in aghaidh Naomh Micheál Dé Domhnaigh seo chugainn tar éis d’fhoireann Dhún Fionnachaidh agus an Chraoslaigh Cumann Sheáin Mhic Cumhaill a chur de dhroim seoil, 0-26 in aghaidh 0-15. D’aimsigh Michael Langan deich bpointe ar fad do Naomh Micheál, a bhí 0-16 in aghaidh 0-6 chun tosaigh ag leath ama, agus Seán Mac Cumhaill faoi mhíbhuntáiste mór agus gan teacht acu ar an imreoir contae Oisín Gallen.
Tá Naomh Conaill ar ais sna babhtaí leathcheannais chomh maith tar éis dóibh an Tearmann a shárú i gcluiche drámatúil. Bhí cumann na nGleanntach trí phointe chun deiridh in am cúitimh ach scóráil an t-ógánach Max Campbell cúl chun na foirne a chur ar comhscór agus déagóir eile a bhí ina laoch do Naomh Conaill agus cúilín an bhua aimsithe ag Finnbarr Roarty agus an t-am istigh.
Beidh an-díomá ar an Tearmann gur scaoil siad leis an deis cluiche ceannais a bhaint amach. Dhíbir seaimpíní Idirmheánach na bliana seo caite, Naomh Adhmhanáin, curaidh na sinsear i gcluiche conspóideach sa mbabhta deireanach agus bhíodar naoi bpointe chun tosaigh ag leath ama sa gceann seo ach, mar atá déanta go mion minic acu le blianta beaga anuas, d’éirigh le Naomh Conaill an taoide a chasadh agus tá cluiche leathcheannais eile anois rompu.
Na Ceithre Máistrí a bheidh leo sa gcluiche sin ar an Satharn agus bua cuimsitheach acu ar an gClochán Liath, 0-20 in aghaidh 0-10. Is beag a bhí idir na foirne ar feadh tréimhsí fada sa gcluiche ar an Domhnach. Bhí an Clochán Liath 0-10 in aghaidh 0-9 chun tosaigh agus ceathrú uaire fágtha ach d’aimsigh na Ceithre Máistrí aon phointe dhéag gan aon fhreagra san am a bhí fágtha chun a gcéilí comhraic a fhágáil i bhfad ina ndiaidh.
Sna babhtaí dícháilithe, d’éirigh le Gleann Fhinne an ceann is fearr a fháil ar Aodh Ruadh i ngéarchoimhlint. Ba é an cúl a scóráil Karl McGlynn sa gcéad leath d’am breise an scór cinniúnach agus bua 2-16 in aghaidh 1-17 ag Gleann Fhine faoi dheireadh.
Sa gcluiche leathcheannais eile, bhuaigh Ard an Rátha ar Naomh Náille le ceithre phointe, 2-13 in aghaidh 2-9. Bhí Ard an Rátha ceithre phointe chun deiridh ag tráth amháin ach fuair Gavin Sweeney agus Kyle McHugh cúil chun iad a choinneáil bliain eile sa gcraobh shinsir.
Sa ngrád idirmheánach, beidh Naomh Columba agus Málainn le chéile sa gcluiche ceannais. Is sa gcéad leath a rinne Naomh Columba go leor den obair ina gcluiche i gcoinne Aoidh Rua Cúil na gCuirdín. Bhí fir Ghleann Cholm Cille 2-5 in aghaidh 0-6 chun tosaigh ag an mbriseadh in ainneoin go raibh siad ag imirt in aghaidh na gaoithe agus cé go ndearna Aodh Rua teacht aniar sa dara leath, tháinig Naomh Columba slán ar scór 2-18 in aghaidh 3-10.
D’fhág bua Mhálanna ar Naomh Muire nach mbeidh dhá fhoireann Ghaeltachta sa gcluiche ceannais. Bhí Naomh Muire seacht bpointe chun deiridh ag leath ama ach cúil a mharaigh iad agus trí cinn aimsithe ag Málainn chun an cluiche a bhuachan le trí phointe, 3-15 in aghaidh 0-21.
Na Rosa nó Cloich Cheann Fhaola a bheidh ag titim go dtí grád na sóisear an bhliain seo chugainn tar éis don dá fhoireann a gcluichí leathcheannais a chailliúint. Imreofar an cluiche ceannais dícháilithe Dé Sathairn beag seo.
I bpeil na mban, tá Gleann Fhinne agus an Tearmann ar ais le chéile i gcluiche ceannais na sinsear. Bhuaigh an Tearmann, atá sa tóir ar a gceathrú craobh as a chéile, ar Naomh Náille 1-8 in aghaidh 0-5 Dé Domhnaigh. Ba í 2024 an chéad bhliain ó 2013 nár bhain Gleann Fhinne cluiche ceannais an chontae amach ach beidh siad ag imirt ar an lá mór arís tar éis dóibh Bun an Phobail a chloí, 2-12 in aghaidh 1-7.
Ciarraí
D’éirigh le peileadóirí Chiarraí Thiar a gcéad chluiche ó 2019 i gCraobh Shinsir Chiarraí a bhuachan nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chiarraí Theas ag an deireadh seachtaine, 2-17 in aghaidh 2-15. Bhí an-spreagadh acu ó scata imreoirí ón nGaeltacht a bhuaigh Craobh Idirmheánach Chiarraí sé lá roimhe sin, Brian Ó Beaglaoich ina measc, agus bhí an spreagadh sin ag teastáil mar bhí ar Chiarraí Thiar teacht aniar a dhéanamh sa dara leath.
Bhí an Beaglaoch eile atá ar fhoireann Chiarraí, Cathal, lárnach sa teacht aniar sin mar aigesean a bhí trí phointe de na seacht bpointe as a chéile a d’aimsigh Ciarraí Thiar sna deich nóiméad deireanach chun an taoide a chasadh. Ba mhór an t-athrú é sin ó 2019 nuair a thug Ciarraí Thiar bua gan choimhlint do Chiarraí Theas nuair a theip orthu foireann a chur chun páirce.
Maigh Eo
Tháinig deireadh le feachtas Bhéal an Mhuirthead i gCraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite agus iad cloíte go cuimsitheach ag Crois Mhaoilíona, 1-24 in aghaidh 0-12. D’aimsigh Ryan O’Donoghue leath de na pointí a scóráil Béal an Mhuirthead ach ní raibh aon fhreagra acu ar Kobe McDonald, mac an laoich Ciarán, a d’aimsigh 1-5 is gan é ach seacht mbliana déag. Bhí na himreoirí contae Jordan Flynn agus Conor Loftus i lár an aonaigh chomh maith do na buaiteoirí.
Sa gCraobh Idirmheánach, bhuaigh Cill tSéadhna cath Iorrais agus an ceann is fearr faighte acu ar Chill Chomáin, 2-15 in aghaidh 0-9. Cuireadh lántosach Chill tSéadhna Josh Carey den pháirc laistigh den chéad deich nóiméad ach bhíodar fós chun tosaigh ag leath ama. Chuir Cill tSéadhna cic éirice amú ansin sa dara leath ach ní raibh Cill Chomáin in ann leas a bhaint as na deiseanna sin a chuir an freasúra amú agus d’aimsigh John Ginty agus Ben Donoghue cúil do Chill tSéadhna chun an bua a chinntiú. Casfaidh Cill tSéadhna ar Chill Mhíona i gcluiche leathcheannais faoi cheann coicíse.
Port Láirge
Bhí lá crua eile ag peileadóirí na Rinne agus greadadh buailte ag curaidh an chontae, Ráth Ó gCormaic, orthu i gcluiche a chríochnaigh ar scór 3-15 in aghaidh 0-3. Aon phointe amháin a d’aimsigh an Rinn sa gcéad leath agus iad 3-8 in aghaidh 0-1 chun deiridh tar éis 30 nóiméad agus is beag a d’fheabhsaigh cúrsaí ina dhiaidh sin. Cé go bhfuil an dá chluiche i nGrúpa A anois caillte ag an Rinn, bainfidh siad na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais pé toradh a bheidh sa gcluiche deireanach in aghaidh na Gailltíre an deireadh seachtaine seo chugainn.
Gaillimh
Bhí curaidh 2024 róláidir d’iománaithe Mhaigh Cuilinn Dé Sathairn agus an ceann is fearr faighte ag Baile Locha Riach ar fhir na Gaeltachta sna réamhbhabhtaí de Craobh Shinsir Iomána na Gaillimhe. Cúil a mharaigh Maigh Cuilinn agus ceithre cinn géillte sa gcéad leath nuair a bhí cóir na gaoithe acu. Ní raibh ach trí nóiméad caite nuair a d’aimsigh Vince Morgan an chéad cheann do Bhaile Locha Riach, d’aimsigh Darren Shaughnessy péire eile sula i bhfad agus fuair Martin McManus an ceathrú ceann cúig nóiméad roimh leath ama chun na seaimpíní a chur sé phointe chun tosaigh ag leath ama, 4-6 in aghaidh 0-12, agus d’úsáid siad an ghaoth chun an bhearna sin a mhéadú go dtí 4-15 in aghaidh 0-13.
An Mhí
Sa Mhí, chlis ar Chlann na nGael sna babhtaí ceathrú ceannais de Chraobh Shinsir B Iomána an chontae agus an ceann is fearr faighte ag Cumann Uí Mhathúna orthu i bPáirc Tailteann, 2-22 in aghaidh 1-18. Cúl a d’aimsigh fir na hUaimhe a bhí idir na foirne ag leath ama agus cé gur ardaigh Clann na nGael an brat glas luath sa dara leath, d’fhreagair Cumann Uí Mhathúna le cúl eile agus mhéadaigh siad an bhearna tuilleadh roimh dheireadh an chluiche.
D’éirigh níos fearr le Bhulf Tón sa gCraobh Idirmheánach B agus an ceann is fearr faighte acu ar Naomh Pádraig. Bhí Bhulf Tón cúig phointe chun deiridh agus deich nóiméad fágtha ach d’éirigh leo teacht aniar a dhéanamh le cabhair ó chúl ag Seán McKeown chun na babhtaí leathcheannais a bhaint amach.
Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill i gcluichí leathcheannais, bua mór do Chiarraí Thiar'