Gan aon dul chun cinn déanta i gcainteanna sos cogaidh, an tríú seachtain d’ionradh na Rúise ina tús

Deir údaráis na hÚcráine gur maraíodh triúr i gceann de na hionsaithe is déanaí, ionsaí ar ospidéal máithreachais in Mariupol

Gan aon dul chun cinn déanta i gcainteanna sos cogaidh, an tríú seachtain d’ionradh na Rúise ina tús

Níor éirigh le hairí gnóthaí eachtracha na Rúise agus na hÚcráine teacht ar aon réiteach sna cainteanna sos cogaidh ardleibhéil a bhí ar siúl  in Antalya na Tuirce.

Theip ar na cainteanna tráth a bhfuil na tríú seachtain d’ionradh na Rúise ina tús.

Cuireadh ó dhóchas inniu aon duine a bhí ag súil go gcuirfeadh na cainteanna deireadh leis an gcoimhlint inar maraíodh na mílte duine go dtí seo.

Chuir an t-ionradh tús chomh maith leis an ngéarchéim teifeach is measa san Eoraip ón Dara Cogadh Domhanda agus breis agus dhá milliún duine teite ón Úcráin.

Tá bailte agus cathracha scriosta ag ionsaithe na Rúise agus foirgnimh buamáilte ar fud na tíre, scoileanna san áireamh.

Deir údaráis na hÚcráine gur maraíodh triúr i gceann de na hionsaithe is déanaí, ionsaí ar ospidéal máithreachais in Mariupol inné. Páiste ab ea duine den triúr, a dúradh.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go raibh daoine teanntaithe faoin smionagar agus gur choir chogaidh a bhí san ionsaí.

Tá cathair Mariupol timpeallaithe ag fórsaí na Rúise le seachtain. Tuairiscítear go bhfuil muintir na cathrach ag gearradh crann i gcomhair breosla agus go bhfuil trinsí á dtochailt acu chun olluaigheanna a dhéanamh.

I ndiaidh na gcainteanna sos cogaidh sa Tuirc, dúirt Dmytro Kuleba, aire gnóthaí eachtracha na hÚcráine, go mba ionann glacadh leis na héilimh a bhí ag aire na Rúise, Sergei Lavrov, agus géilleadh.

Mhaígh Sergey Lavrov go raibh gníomh míleata na Rúise ag dul de réir mar a bhí beartaithe. Dúirt sé go raibh an Rúis ag iarraidh “comhrá dáiríre” faoi theacht ar réiteach.

Dúirt Dmytro Kuleba, aire na hÚcráine, nach ngéillfeadh a thír.

Idir an dá linn tá smachtbhannaí airgeadais leagtha i Sasana ar úinéir an chumainn sacair Chelsea, Roman Abramovich. Tá sócmhainní Abramovich reoite, Chelsea san áireamh, cé go mbeidh cead ag an gclub leanúint orthu ag imirt.

Fág freagra ar 'Gan aon dul chun cinn déanta i gcainteanna sos cogaidh, an tríú seachtain d’ionradh na Rúise ina tús'