Tá iarratas ar chead pleanála le haghaidh lárionad Manainnise curtha faoi bhráid na n-údarás i Manainn agus súil ag lucht na Gaeilge cúrsaí teanga a reáchtáil ann do mhuintir an oileáin agus do chuairteoirí thar sáile isteach.
Is í an eagraíocht teanga Caarjyn ny Gaelgey (Cairde na Manainnise) a chuir an plean isteach le hathchóiriú a dhéanamh ar sheanfheirm in Balley Keeill Varkysh (Baile Chill Mharcuis).
Tá sé i gceist ag an gcarthanas foirgnimh na seanfheirme, lena n-áirítear teachín, scioból agus muileann, a athchóiriú i seanstíl tógála Mhanann agus ionad teanga a chur isteach ann. Sa scioból a bheadh na seomraí ranga agus áiseanna eile do lucht freastail na gcúrsaí teanga agus chuirfí lóistín ar fáil dóibh sa seanmhuileann.
Tá sé i gceist ag Caarjyn na Gaelgey go gcuirfí lóistín ar fáil sa teachín do bhainisteoir lánaimseartha an ionaid. Ba é mian Jane Rogers, a chónaíodh sa teachín go dtí gur bhásaigh sí, go gcoinneofaí an talamh agus na foirgnimh le chéile agus gur ar mhaithe le cultúr agus oidhreacht Mhanann a chur chun cinn a d’úsáidfí iad.
Deirtear san iarratas pleanála freisin go bhfuil sé i gceist ag Caarjyn na Gaelgey léachtlann a fhorbairt ar an láthair agus go bhféadfaí an spás sin a úsáid le haghaidh cuairteoirí ó scoileanna agus chun críocha “oideachais agus forbartha cultúir cuí”.
Tá ionaid dá chineál sa dá thír eile Ghaelacha cheana féin – Oideas Gael i nGleann Cholm Cille do lucht foghlama na Gaeilge agus Sabhal Mòr Ostaig san Eilean Sgitheanach in Albain do lucht foghlama na Gàidhlig. Táthar ag súil go mbeidh spás do suas le 34 duine san ionad nua i Manainn, idir an fhoireann agus na foghlaimeoirí.
Tá an Mhanainnis i bhfad níos laige ná an dá theanga Gaeilge eile. Cé go bhfuil tuairim is míle cainteoir líofa san oileán, ní labhraítear an teanga mar theanga phobail in aon cheantar ann a thuilleadh.
Fág freagra ar 'Iarratas déanta ar lárionad Manainnise a bhunú'