Gan aon chinnteacht go bhfanfaidh maoiniú Chois Life in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge

Thart ar €150,000 a chuirtear ar fáil do Chois Life sa bhliain ach níltear sásta aon ghealltanas a thabhairt faoi cad a tharlóidh don mhaoiniú sin ach a scorfar an comhlacht

Gan aon chinnteacht go bhfanfaidh maoiniú Chois Life in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge

Ní féidir le Foras na Gaeilge ná an Chomhairle Ealaíon aon ghealltanas a thabhairt go bhfanfaidh an maoiniú a fhaigheann Cois Life in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge nuair a scorfar an comhlacht sin ag deireadh na bliana seo chugainn.

Thug an Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge, príomhmhaoinitheoirí Chois Life, le fios do Tuairisc.ie, nach bhféadfaidís aon ghealltanas a thabhairt maidir le cad atá i ndán don mhaoiniú thart ar €150,000 a chuirtear ar fáil do Chois Life sa bhliain, nó cé acu an bhfanfadh an maoiniú sin in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge nó nach bhfanfaidh.

Dúradh i ráiteas a chuir an Chomhairle Ealaíon ar fáil do Tuairisc.ie, nach gcuirfí ar leataobh aon chuid den airgead a ceadaíodh do Chois Life do thithe foilsitheoireachta eile na Gaeilge nuair a thagann deireadh leis an chomhlacht.

Ina ainneoin sin, dúirt an t-urlabhraí go “leanfaí” leis an tacaíocht a thugann an Chomhairle Ealaíon do litríocht na Gaeilge.

“D’ainneoin nach bhfuil aon chuid de bhuiséad na Comhairle Ealaíon curtha ar leataobh go speisialta d’aon ghné ar leith de na healaíona, tá an Chomhairle tiomanta do thacaíocht a thabhairt do litríocht na Gaeilge,” a dúradh sa ráiteas ón Chomhairle.

Ceadaíodh €35,000 do Chois Life ó Chiste ‘Straitéiseach’ na Comhairle Ealaíon don bhliain 2018, agus €33,000 a fuarthas ón Chomhairle don bhliain 2017.

Fuair Cois Life maoiniú €120,061 ó Fhoras na Gaeilge don bhliain 2018, ag áireamh maoiniú le haghaidh coimisiúnuithe.

Dúirt urlabhraí de chuid Fhoras na Gaeilge le Tuairisc.ie go bhfuil “machnamh” fós le déanamh ag an eagraíocht thrasteorann ar chúrsaí maoinithe don bhliain 2020 agus “socrú fós le déanamh” faoi aon bhearna a d’fhéadfadh a bheith in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge nuair a thagann deireadh leis an chomhlacht foilsitheoireachta Cois Life.

Fógraíodh an mhí seo caite go bhfuil an comhlacht foilsitheoireachta mórchlú Cois Life le scor ag deireadh na bliana seo chugainn agus go raibh sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht stoc agus cearta Chois Life a thógáil ar láimh.

Tá sé curtha in iúl ag Stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht Micheál Ó Conghaile go bhfuil súil ag Cló Iar-Chonnacht chomh maith freastal ar scríbhneoirí Chois Life “chomh fada agus is féidir” agus idir 8-10 leabhar breise a fhoilsiú sa mbliain dá réir.

Fág freagra ar 'Gan aon chinnteacht go bhfanfaidh maoiniú Chois Life in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge'