Gan ach 121 Éireannach buacach i gcrannchur imirce Mheiriceá le trí bliana –

Tá lámh na nÉireannach mar  phobal i Meiriceá ag dul chun deiridh agus níl córas chrannchur na hinimirce ag cuidiú leis an scéal

Gan ach 121 Éireannach buacach i gcrannchur imirce Mheiriceá le trí bliana –

Níor éirigh ach le 100 as Poblacht na hÉireann tairiscint a fháil ar stádas dleathach sna Stáit Aontaithe de bharr na gcrannchur idirnáisiúnta inimirce le trí bliana.

Is é an crannchur idirnáisiúnta – an DV Diversity Lottery – an deis is fearr atá ag formhór na nÉireannach atá ag iarraidh a dhul chun cónaithe sna Stáit Aontaithe go dleathach sin a dhéanamh.

Ach, tá thiar orthu sna crannchuir seo le tamall agus tá tanaíochan á dhéanamh de réir a chéile ar bhunchloch na nÉireannach sna Stáit Aontaithe de bharr an chórais inimirce atá i bhfeidhm ar an taobh eile den Atlantach.

Taispeánann torthaí an chrannchuir is deireanaí – an DV Diversity Lottery – nár éirigh i mbliana ach le 29 iarrthóir as an bPoblacht.  Anuraidh níor tháinig as an gCrannchur ach 19 agus 52 a bhí i gceist an bhliain roimhe sin.

Idir Thuaisceart Éireann agus an Phoblacht níor tarraingíodh ach 121 Éireannach amach as  crannchur imirce Mheiriceá le trí bliana.  Is dóigh ná a mhalairt go bhfuil i bhfad Éireann níos mó ná sin ag dul go dtí na Stáit Aontaithe as an tír seo agus ag obair ansin gan stádas dlíthiúil agus iad i mbaol a ndíbeartha abhaile. De barr nach bhfuil stádas cinnte nó stádas buan acu is deacair dóibhsean bunáit sheasmhach a shocrú dóibh féin sna Stáit Aontaithe.

Ní bhfuair Éireannaigh aon deis cheart ar stádas dleathach oibre agus cónaithe sna Stáit Aontaithe ó 1987 i leith nuair a rinne Teach na Comhdhála socrú eisceachtúil.  Thug an córas sin ar ar tugadh na ‘Donnelly Visas’ deis ar leith d’Éireannaigh, gan oideachas ná scileanna a chur san áireamh, ar stádas dleathach agus saoránacht.  An Feisire Comhdhála Brian Donnelly as Massachusetts a rinne stiúir ar an iarracht sin agus dúirt sé go poiblí ina dhiaidh sin go mba fear as Gaeltacht Chonamara, Mike Joyce as Béal an Daingin ó dhúchas,  a rinne an bhun-obair ar an iarracht sin.  Bhí an Seoigeach ina Fheidhmeannach Imirce sa bParlaimint Stáit in Massachusetts.

Bhí cathracha sna Stáit ag cur thar maoil le hÉireannaigh óga sna blianta sin agus iad éalaithe ón ngéarchéim eacnamaíochta sa mbaile.

Fuair tuilleadh acu víosaí oibre de bharr cúpla socrú eile in Washington idir sin agus 1991 – víosaí Berman agus Morrison.  Bhí aithne fhorleathan ar an bhFeisire Comhdhála as Connecticut, Bruce Morrison, go háirithe i measc an phobail Éireannaigh.

Ach, ó shin i leith, tá na hÉireannaigh ag snámh in aghaidh easa ó thaobh deiseanna imirce  go Meiriceá.

I 1996 a tosaíodh an córas crannchuir nó an clár ‘DV Diversity Lottery’.  Díríodh an clár sin ar thíortha a bhí thíos leis na hathruithe móra a cuireadh ar dhlíthe inimirce na Stáit Aontaithe i 1965.  Bhí Éire ar cheann de na tíortha sin.

55,000 víosa oibre sa mbliain a chuireann na Meiriceánaigh ar fáil sa gcóras agus níl ach 3,677 ar fad faighte ag muintir na tíre seo idir an taobh ó thuaidh agus an Phoblacht le scór blianta.   Ní mórán le cois 100 sa mbliain acu ag teacht go hÉirinn anois.  Níl aon fheall á dhéanamh ar Éirinn de réir an chórais atá ann, ach ó thosaigh córas na víosaí DV-Diversity, tá tír chomh beag linne buailte amach ag muintir na Síne, na hIndia, na nOileán Filipíneach agus go leor tíortha eile atá níos mó ná muid.   Bíonn cuid mhaith do cheithre mhilliún déag iarratas sa mbliain istigh ar an gcrannchur agus iad ag teacht as cuimse tíortha ar fud na cruinne.

Cé go bhfuil bealaí ann le hiarraidh a thabhairt faoi chead oibre agus cónaithe sna Stáit Aontaithe seachas córas an Chrannchuir, ní fheileann a bhformhór do mhuintir na hÉireann.  Ceangal teaghlaigh an bealach is scafánta, ach ní mór ball teaghlaigh leat – fear céile nó bean chéile, athair, máthair, gasúr nó deartháireacha agus deirfiúracha i gcásanna áirithe – ina saoránach Meiriceánach.  Is beag ceangal mar sin atá ag muintir na hÉireann thall anois; tá an gaol ruainne níos faide amach go minic.  Ach, tá go leor den cheangal teaghlaigh ag daoine as Meiriceá Theas, tíortha Mhuir Chairb agus tíortha na hÁise.  Scaití is féidir bealaí dleathacha eile a fháil le dhul chun cónaithe i Meiriceá ach bheadh siad bunaithe ar chúrsaí oibre agus go hiondúil bheadh teorainn ama leo.

Ait go leor, is le linn réimeas an Uachtaráin John F. Kennedy a chaill Éirinn an stádas ar leith a bhí againne agus tíortha thuaisceart na hEorpa i gcóras imirce Mheiriceá ach sin scéal eile – agus scéal thairis anois.

Tá lorg an athrú saoil le feiceáil sna Stáit Aontaithe.  Bhíodh na céadta as Éirinn i gceardchumann na n-oibrithe tógála in Boston nuair a tháinig sé féin go Meiriceá luath go maith sna 1980idí, a deir Tomás Ó Conaire as Ros Muc.  Bhíodh Gaeilge dá labhairt ar fud na háite ag na cruinnithe a bhíodh acu maidineacha Domhnaigh.

Cé go bhfuil neart Éireannach agus muintir chuid mhaith de mhuintir Chonamara sa gcathair agus sna bailte  mórthimpeall i gcónaí, tá laghdú 60% nó 70% ar an lear fear acu atá anois in aois oibre.  Ceapann Tomás Ó Conaire go mbeadh sé deacair trí scór duine as Conamara a ainmniú ina measc siúd anois.

Tá lámh na nÉireannach mar  phobal i Meiriceá ag dul chun deiridh agus níl córas chrannchur na hinimirce ag cuidiú leis an scéal.

Fág freagra ar 'Gan ach 121 Éireannach buacach i gcrannchur imirce Mheiriceá le trí bliana –'