Tá an lá mór tagtha faoi dheireadh. 131 lá óna mbua drámatúil san Ungáir, tá foireann na hÉireann thall i bPrág inniu agus Heimir Hallgrímsson agus a chuid imreoirí ag iarraidh gaisce eile a dhéanamh ar an mbóthar chuig Corn Sacair an Domhain.
Ar ndóigh, má éiríonn leis an bhfoireann i gcoinne na Seicia anocht, ní bheidh muid ag fanacht i bhfad don chéad lá mór eile -cluiche cáilithe eile, an ceann deireanach, i mBaile Átha Cliath Dé Máirt in aghaidh na Danmhairge nó na Macadóine Thuaidh.
Is ar Phrág atá muid uile dírithe roimhe sin, áfach, agus na buanna sin i gcoinne na Portaingéile agus na hUngáire tar éis borradh nua a chur faoin tacaíocht a thugtar don fhoireann.
I ndiaidh na tubaiste thall in Eireaván, nuair a chaill Éire 1-2 in aghaidh na hAirméine, cheap go leor go mbeifí ag fágáil slán le Hallgrímsson ag deireadh an fheachtais sin ach d’athraigh an dá bhua sin sin mí na Samhna an scéal ar fad agus cuireadh fáilte roimh an scéal a tháinig an tseachtain seo caite go raibh síneadh curtha le conradh an Íoslannaigh agus gurb é a bheidh i gceannas go dtí samhradh 2028 ar a laghad.
Fear socair, staidéarach atá sa mbainisteoir ach is léir go bhfuil sé in ann na himreoirí a ghríosú nuair is gá agus tabharfaidh na mílte Éireannach atá imithe anonn chun tacú leis an bhfoireann spreagadh dóibh chomh maith, cé go meastar nach mbeidh ach cúpla míle díobh sa Fortuna Arena anocht.
I measc an tslua sin beidh Liam Scales agus imreoir Celtic ar fionraí don chluiche sin. Níl fáil ar Josh Cullen ach an oiread. Bhain drochghortú glúine do Cullen mí na Nollag agus tá bearna mhór fágtha ag an bhfear beag i lár na foirne.
Ar an dea-uair, tá laoch Bhúdaipeist imithe ó neart go neart ón oíche stairiúil sin. Tá 28 cúl scóráilte ag Troy Parrott i 41 cluiche le AZ Alkmaar an séasúr seo tháinig cúig cinn déag de na cúil sin ag teacht i ndiaidh na seachtaine dochreidte sin a bhí aige i lár mhí na Samhna. Agus Evan Ferguson ar dhuine eile de na himreoirí nach bhfuil fáil orthu anocht, beidh brú mór ar Parrott an beart a dhéanamh ach, mar a dúirt sé féin i mBúdaipeist, is maith leis an brú sin a bheith air.
Níl aon fhadhb ag Hallgrímsson ar an taobh eile den pháirc ach an oiread agus é cinnte go mbeidh an Corcaíoch, Caoimhín Kelleher sa gcúl. Tá roinnt cinntí le déanamh ag an mbainisteoir faoi cé a bheidh ag imirt os a chomhair, áfach.
Triúr a bhíonn againn i lár na cosanta go hiondúil agus is ann a bheidh Nathan Collins agus Dara O’Shea, beirt atá ag imirt go maith lena gcumainn faoi láthair. Thosaigh Jake O’Brien taobh leo in aghaidh na hUngáire ach d’fhéadfaí fear Everton a bhogadh go dtí an cliathán deas mura bhfuil Hallgrímsson chun Séamus Coleman a roghnú.

Tá sé admhaithe ag an mbainisteoir go ndearna sé botún Coleman a fhágáil amach as an scuad don chéad chúpla cluiche aige ach tá an Conallach 37 bliain d’aois anois agus gan ach deich nóiméad imeartha aige do Everton i bPríomhroinn Shasana ón gcluich i mBúdaipeist ceithre mhí go leith ó shin. Rogha eile atá againn ar an gcliathán sin ná Alan Browne, atá ar ais sa scuad, ach tá Coleman chomh tábhachtach sin don fhoireann gur mó seans go bhfeicfear anocht é.
Tá seanfhondúir eile, Robbie Brady, fillte ar an scuad tar éis dó a bheith gortaithe le tamall fada agus d’fhéadfaí é a fheiceáil ar thaobh na láimhe clé den chosaint. Tá Ryan Manning ag imirt thar cionn do Southampton faoi láthair, áfach, agus seans maith gurb é an Gaillimheach a thógfaidh áit Liam Scales ar an bhfoireann.
Thosaigh Jayson Molumby i lár na páirce i gcoinne na hUngáire agus déarfá go gcoinneoidh sé a háit, go háirithe agus Cullen imithe. Is idir Jason Knight, Jack Taylor agus Alan Browne atá an áit eile. Imreoir maith é Bosun Lawal chomh maith ach níl sé ach díreach tar éis teacht ar ais ó ghortú.
Fágann sin an bheirt a bheidh ag imirt taobh thiar de Parrott. Bhí Finn Azaz ar fheabhas nuair a tháinig sé isteach in aghaidh na hUngáire agus tuairim láidir ann go dtosóidh sé anocht. Níl mórán cluichí imeartha ag Chieodze Ogbene ó gortaíodh é sa mbua i mBúdaipeist ach tá luas agus coisíocht aige nach bhfuil ag mórán imreoirí eile sa scuad. Rogha eile é Harvey Vale, atá tugtha isteach sa scuad den chéad uair ach a bhfuil an-mheas air de réir tuairiscí agus tá Sammie Szmodics tar éis filleadh chomh maith.
Agus Evan Ferguson ar iarraidh, is iad Adam Idah agus Johnny Kenny an bheirt tosach eile sa scuad. Fear eile é Idah atá díreach tar éis teacht ar ais ó ghortú agus níl ach aon chluiche amháin imeartha ag Kenny d’Éirinn.
Cluiche crua, fisiciúil atá romhainn anocht. Bainisteoir den seanchineál é Miroslav Koubek, atá le bheith i gceannas ar an tSeicia den chéad uair anocht. Bhí na Seicigh trína chéile ag deireadh na bliana seo caite. Bhí cúpla drochthoradh ag an bhfoireann agus bhí aighneas idir imreoirí agus an lucht tacaíochta ach tá Koubek, atá 74 bliain d’aois, ag iarraidh gach duine a tharraingt le chéile arís le stíl atá simplí go maith.
Lárnach sna hiarrachtaí sin beidh imreoir West Ham United, Tomáš Souček. Fear mór, láidir, tá cúil go leor scóráilte aige ó lár na páirce agus rogha mhaith é do na ciceanna cúinne agus ciceanna saora. Tá níos mó scile ag Pavel Šulc, atá ag imirt ar fheabhas do Lyon sa bhFrainc i láthair na huaire. Bhí gortú ag cur as do Šulc le roinnt seachtainí ach d’imir agus scóráil sé do Lyon ag an deireadh seachtaine.
Is ar Patrik Schick is mó a chaithfidh cosantóirí na hÉireann súil a choinneáil, áfach. Fear a bhfuil meascán de neart Souček agus scil Šulc aige, tá Schick sé troithe trí orlach agus is é naoscaire na Seicia é. Cosúil le Šulc, bhí sé ina imní go raibh gortú ag cur as dó roimh an gcluiche seo ach scóráil sé dhá chúl do Bayer Leverkusen i gcoinne Heidenheim Dé Sathairn seo caite agus cuma na maitheasa air.
Má ligtear don triúr sin thuas dul i bhfeidhm ar an gcluiche i bPrág anocht, is mór an dúshlán a bheidh le sárú ag Éirinn.
Fág freagra ar 'Gaisce eile ó Troy Parrott ag teastáil más leis na hÉireannaigh teacht slán ó Phrág'