Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar Chiarraí sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Peile na mBan

Charlotte Cooney. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar Chiarraí sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Peile na mBan

Tabharfaidh Gaillimh agus Ciarraí aghaidh ar a chéile an mhí seo chugainn sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Peile na mBan.

Imreoidh Gaillimh sa bhaile in aghaidh na Ríochta ar an 10 Iúil agus beidh siad as baile in aghaidh na bhfoirne eile sa ghrúpa, Dún na nGall, an tseachtain ina dhiaidh sin.

Imreoidh Ciarraí sa bhaile i gcoinne na gConallach sa tríú babhta i nGrúpa D ar an 24 Iúil.

Rachaidh an dá fhoireann is fearr sa ghrúpa ar aghaidh chuig babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe.

Tá seaimpíní na hÉireann, Áth Cliath, Port Láirge, agus Tír Eoghain le chéile i nGrúpa C. Imreoidh Áth Cliath sa bhaile in aghaidh Thír Eoghain sa chéad bhabhta agus casfaidh siad ar Phort Láirge sa dara babhta. Imreoidh na Déisigh in aghaidh Thír Eoghain i mbabhta a trí.

Tá Corcaigh, contae na Mí agus Tiobraid Árann i nGrúpa B. Chaill Corcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh agus beidh siad ag iarraidh an chaill sin a chúiteamh i mbliana. Cuirfidh siad tús lena bhfeachtas ar an 10 Iúil in aghaidh na Mí agus cluiche in aghaidh Thiobraid Árann acu seachtain ina dhiaidh sin. Imreoidh contae na Mí agus Tiobraid Árann ar an 24 Iúil.

Ceithre fhoireann atá i nGrúpa A, Ard Mhacha, an Cabhán, Muineachán agus Maigh Eo. Imreoidh Maigh Eo in aghaidh an Chabháin sa chéad bhabhta, in aghaidh Mhuineacháin a bheidh siad sa dara babhta agus beidh an cluiche deireanach acu in aghaidh Ard Mhacha.

Imreofar babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe sinsir deireadh seachtaine saoire bainc mhí Lúnasa, beidh na cluichí leathcheannais ann ar an 14 Lúnasa agus imreofar cluiche ceannais na hÉireann ar an 5 Meán Fómhair.

Craobh Shinsir Peile na mBan 2021

Babhta 1 – 10 Iúil
Grúpa 1: Ard Mhacha v Muineachán
An Cabhán v Maigh Eo
Grúpa 2: Corcaigh v An Mhí
Grúpa 3: Áth Cliath v Tír Eoghain
Grúpa 4: Gaillimh v Ciarraí
Babhta 2 – 17 Iúil
Grúpa 1: Muineachán v Maigh Eo
Ard Mhacha v An Cabhán
Grúpa 2: Corcaigh v Tiobraid Árann
Grúpa 3: Áth Cliath v Port Láirge
Grúpa 4: Dún na nGall v Gaillimh
Babhta 3 – 24 Iúil
Grúpa 1: Muineachán v An Cabhán
Ard Mhacha v Maigh Eo
Grúpa 2: Tiobraid Árann v An Mhí
Grúpa 3: Tír Eoghain v Port Láirge
Grúpa 4 Ciarraí v Dún na nGall

 

Fág freagra ar 'Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar Chiarraí sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Peile na mBan'