‘Gaeltacht na hÉireann’ – lógó nua seolta ag Údarás na Gaeltachta

Tá sé i gceist ag branda nua de chuid an Údaráis an Ghaeltacht a chur chun cinn mar áit ar leith ó thaobh an chultúir agus an ghnó

‘Gaeltacht na hÉireann’ – lógó nua seolta ag Údarás na Gaeltachta

Tá branda nua seolta inniu ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí, do thograí agus do tháirgí Gaeltachta.

‘Gaeltacht na hÉireann’ atá scríofa ar an lógó nua a bhfuil sé i gceist aige íomhá shuaithinseach den Ghaeltacht a chur chun cinn mar áit ar leith ó thaobh na teanga, an chultúir, na hoidhreachta, na turasóireachta agus an ghnó.

Dúradh go mbeadh an branda “mar acmhainn chun an Ghaeltacht, agus gach gné de shaol na Gaeltachta a chur chun cinn” ar mhaithe “le buanú” na teanga agus phobal na Gaeltachta.

Tugadh le fios gur tarraingíodh de láimh an chlófhoireann “nua-aoiseach” don fhocal ‘Gaeltacht’ sa lógó nua agus gur clófhoireann “uathúil atá ann, an oiread leis an réigiún atá i gceist”.

Clófhoireann “níos traidisiúnta” a roghnaíodh do na focail ‘na hÉireann’, a dúradh, chun “ár n-oidhreacht a chur i gcuimhne dúinn”.

Dúradh go seasann na trí chiorcal “don trí ghné den bhranda seo – fiontraíocht, pobal agus teanga is cultúr”.

Ag seoladh an bhranda dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair go bhfuil “féiniúlacht orgánach” ag baint leis an nGaeltacht “atá éasca a shamhlú le branda dá cuid féin”.

“Mar gheall ar an oiread rudaí iontacha spreagúla atá ag tarlú sa réigiún speisialta seo, cúis áthais domsa agus don Bhord branda faoi leith a bheith forbartha ag Údarás na Gaeltachta le húsáid chun iontais an réigiúin seo a chur chun cinn ar fud an domhain,” a dúirt Cathaoirleach, Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh go mbeadh an branda ar fáil do gach duine atá lonnaithe sa Ghaeltacht idir chomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás agus chomhlachtaí agus eagraíochtaí Gaeltachta eile.

“Beidh comhlachtaí agus eagraíochtaí ar mian leo an stampa formheasa seo a úsáid in ann é a chur ar a gcuid seirbhísí nó a dtáirgí lena chur in iúl dá gcuid custaiméirí go bhfuil na táirgí á ndéanamh sa nGaeltacht, ag lucht saothair Gaeltachta agus ag tacú le geilleagar na Gaeltachta agus na gceantar máguaird,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh.

Tá an branda nua á sheoladh ar maidin ag ócáid sna Forbacha i gConamara.

 

 

 

Fág freagra ar '‘Gaeltacht na hÉireann’ – lógó nua seolta ag Údarás na Gaeltachta'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Bheinn féin sásta níos mó a íoc as a leithéid de tháirgí

  • Páidín

    Is léir gur ‘lógó area’ í an Ghaeltacht feasta!