Gael, múinteoir agus máthair – Nóirín Bean Uí Chasaide – 1916-2019

Saol mór meanmnach a chaith Nóirín Bean Uí Chasaide lena fear céile Seán agus lena clann mhac agus iníonacha

Gael, múinteoir agus máthair –  Nóirín Bean Uí Chasaide – 1916-2019

Nóirín Bean Uí Chasaide

Ceol nár chualathas riamh ag píobaire sí

Ceol a chuirfeadh na réaltaí ag rince i spéartha na hoích’

… ceol chomh ciúin le cuisle an chroí chiúin

ceol meidhreach ríghealgháireach

…ceol ina cheathanna de ghiníocha óir…

[Oíche Nollag le hEoghan Ó Tuairisc]

Ní raibh Nóirín Bean Uí Chasaide gan cheol nuair a chuaigh sí chun suan an bháis ina teach cónaithe i Raghnallach ar an 7ú Nollaig 2019. Scaoil a sliocht, agus sliocht a sleachta, beannacht léi le caoineadh croíúil an cheoil. Thug Sagart na Paróiste, an tAthair Paul Taylor, le fios ina dhiaidh sin ina aitheasc ar lá a tórraimh nár chuala sé riamh a leithéid de bheannacht cheolmhar le linn a 45 bliain ina shagart.

Níl ina bás, áfach, ach blúire beag den tsaol mór, iomlán, spioradúil, meanmnach a chaith Nóirín lena fear céile Seán Ó Casaide agus lena clann mhac agus iníonacha: Ruairí (nach maireann), Fionnuala, Ciarán, Feargus, Ailbhe, Caitríona, Fionntán, Aongus, Odhrán agus Seathrún agus lena 27 garpháiste.

Rugadh Nóirín Nic Mhágha in 1916 ar Oileán Dairbhre i gContae Chiarraí. Ainneoin go raibh sí, mar a dúirt sí féin, ‘ró-óg le páirt a ghlacadh i nGluaiseacht na Saoirse’, rinne sí a cuid éachtaí ceannródaíocha féin ina dhiaidh sin ina beatha. Chinntigh a hathair gur le Gaeilge a thógfaí í féin agus a beirt deirfiúracha, Enda agus Ella, ainneoin gur bheag duine a bhí á labhairt ar an oileán ag an am. Bhásaigh deartháir léi, Síofra, ag aois a thrí bliana d’aois, eachtra thragóideach a d’fhág a rian go buan orthu mar theaghlach.

Chuaigh Nóirín ina dhiaidh sin leis an mhúinteoireacht ach b’éigean di éirí as an obair sin nuair a phós sí an cigire iomráiteach bunscoile Seán Ó Casaide (1907-2003) sa bhliain 1945. Ba mhaith an cleamhnas é seo mar go mba dhuine é Seán a raibh a chroí agus a anam sa cheol, sa Ghaeilge agus i ngach gné de chultúr na hÉireann, go díreach mar a bhí aici féin. D’oibrigh siad go maith as láimh a chéile chun a gclann a thógáil leis an dearcadh láidir agus leis na luachanna saoil a bhí acu féin.

Chaith siad chóir a bheith 10 mbliana i nGaoth Dobhair nuair a bhí na páistí óg – tréimhse ríthábhachtach dá saol ina raibh deis acu mar pháistí laethanta geala a chaitheamh le comharsana carthanacha agus ag súgradh lena gcairde ar an Luinnigh. Nuair a rinneadh Leas-Phríomhchigire de chuid na Roinne Oideachais de Sheán i 1966, chuir an teaghlach fúthu ansin i mBaile Átha Cliath.

Ba í Nóirín a chinntigh le linn an ama seo go gcoinneofaí leis an obair bhaile, leis an chleachtadh ceoil agus le labhairt na Gaeilge sa teaghlach, in ainneoin nach raibh siad lonnaithe sa Ghaeltacht níos mó. D’fhill sí ar an mhúinteoireacht ní ba mhoille ina saol agus bhí a croí san obair a bhí ar bun aici le páistí óga an lucht siúil. Ceann de na rudaí ab ansa le Nóirín a dhéanamh ná a ghabháil ar an aifreann Gaeilge in Ascaill Choill Bheathach achan Domhnach lena clann chun ceol sa chór a thosaigh a fear céile, Seán.

Bhí toradh ar a cuid saothair uilig nuair a bhain a cuid mac agus a cuid iníonacha clú agus cáil amach dóibh féin leis an ghrúpa ceoil ‘Na Casaidigh’. Chan é amháin sin, ach tá iomrá mór an cheoil inniu lena cuid garpháistí fosta agus iad ag saothrú go tréan ar fud na cruinne, ina measc sin, tá an grúpa The Bonnymen, ina bhfuil Natalie agus Maitiú Ó Casaide – ba é Maitiú ar ndóigh a bhain ‘Ceoltóir Óg na Bliana’, gradam de chuid TG4 in 2015; Sibéal Ní Chasaide a bhain clú amach leis an amhrán ‘Mise Éire’ in 2016; Seán Óg Ó Casaide a bhain duaiseanna san amhránaíocht ar an tsean-nós ag Oireachtas na Gaeilge; Síomhá, Órnait, agus Oisín Ó hAonghusa a bhí páirteach sa bhanna Mo Hat Mo Gheansaí agus na garpháistí óga ceolmhara ar fad i mBaile Átha Cliath, i gContae na Mí, i gCill Chainnigh agus i Vín na hOstaire. 

Ba í an chomhairle scoir a bhí ag Nóirín ar a sliocht i gclár teilifíse TG4 dar teideal ‘Na Casaidigh’, ná:

‘Ó bhí mé iontach bródúil agus tá mé bródúil go fóill…ach b’fhearr daoibh leanúint ar aghaidh! Ná bígí ag éirí leisciúil, tá súil agam oraibh’!

Níl aon bhaol ná go ndéanfar beart de réir na comhairle sin!

‘Go ndéana Dia an mhaith ar anam dílis, uasal Nóirín Bean Uí Chasaide!’

Fág freagra ar 'Gael, múinteoir agus máthair – Nóirín Bean Uí Chasaide – 1916-2019'