Gaeilge ardleibhéil ag níos mó daltaí ach gráid níos ísle á bhfáil acu

Is lú daltaí i scoileanna DEIS agus scoileanna beaga a thugann faoin scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge

Gaeilge ardleibhéil ag níos mó daltaí ach gráid níos ísle á bhfáil acu

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Léiríonn taighde nua go bhfuil ardú tagtha ar líon na ndaltaí Ardteiste a thugann faoi scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge don Ardteist ach go bhfuil gráid níos ísle á bhfáil acu ná mar a bhíodh.

Deirtear i dtuarascáil taighde nua faoi chóras nua grádaithe na hArdteiste, go bhfuil “laghdú suntasach” tagtha ar líon na ndaltaí a fhaigheann na gráid is airde ag an ardleibhéal sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic agus sa Ghaeilge ag an ngnáthleibhéal.

I gcás na Gaeilge bhí an laghdú ó thaobh na ngrád arda níos mó i measc na mbuachaillí ná na cailíní ag an dá leibhéal agus bhí an laghdú “beagáinín níos mó” ag an ardleibhéal i gcás daltaí faoi  mhíbhuntáiste.

Is mó cailíní ná buachaillí a thugann faoin ardleibhéal sa Ghaeilge agus is lú daltaí ó theaghlaigh bhochta, teaghlaigh a maitear táillí na scrúduithe dóibh, a thugann faoin scrúdú ardleibhéil.

Is lú daltaí i scoileanna DEIS agus scoileanna beaga a thugann faoin scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge, ach murab ionann agus scrúdú ardleibhéil an Bhéarla, níl aon difríocht sa líon daltaí a thugann faoin ardleibhéal sa Ghaeilge idir scoileanna táillí agus gnáthscoileanna.

De réir an taighde a rinne an ERSI don NCCA ar an gcóras nua grádaithe a tugadh isteach don Ardteist i Meitheamh 2017, tháinig ardú 9.5% ar líon na ndaltaí a thug faoin scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge in 2017 i gcomparáid le 2016. Le linn na tréimhse céanna, tháinig laghdú 3.7% ar líon na ndaltaí a fuair ardghráid (H1-H3) agus tháinig ardú 3.8% ar líon na ndaltaí a fuair na gráid is ísle (H6 – H8) 10.5% a fuair na gráid sin in 2017.

Ag an ngnáthleibhéal, bhí titim níos suntasaí i líon na ndaltaí a fuair na gráid is airde ghnáthleibhéal, mar a raibh titim 6.7% ar líon na ndaltaí a bhain an trí ghrád is airde amach agus méadú 6.4% ar líon na ndaltaí a fuair na trí ghrád is ísle. Ba bheag nach bhfuair a dhá oiread daltaí gnáthleibhéil ceann den dá ghrád is ísle in 2017 le hais 2016.

Léiríonn an taighde gur éirigh leis an athrú ar chóras na ngrád níos mó daoine a mhealladh go dtí cúrsaí ardleibhéil san Ardteist, an sprioc a bhí aige. Léirítear chomh maith áfach go raibh titim i líon na ndaltaí a fuair gráid arda dá bharr agus go bhfuil an bhearna idir scoileanna DEIS agus scoileanna eile ag méadú maidir le líon na ndaltaí a thugann faoin ardleibhéal. Léirítear chomh maith go mbíonn srianta ar scoileanna beaga agus iad ag iarraidh ábhair a chur ar fáil ag an ardleibhéal.

Tháinig méadú mór ar líon na ndaltaí a thugann faoin nGaeilge ag an ardleibhéal sna blianta sular tugadh an córas nua grádaithe isteach. Idir 2001 agus 2015, tháinig ardú ar líon na ndaltaí a thugann faoin nGaeilge ag an ardleibhéal, ach is ar éigean go raibh aon ardú breise ar an líon sin nó gur tugadh isteach an córas nua.

Tá sé ráite go minic ag saineolaithe éagsúla go bhfuil ísliú déanta ar an gcaighdeán Gaeilge a éilítear i scrúduithe na hArdteiste go háirithe ó gearradh siar go mór ar an litríocht ar an gcúrsa agus ó tosaíodh ar 40% a bhronnadh don scrúdú cainte.

Ábhar machnaimh do lucht oideachais é mar sin go bhfuil níos lú daoine ag fáil na ngrád is airde i scrúdú a mheastar atá ag éirí níos éasca.

Fág freagra ar 'Gaeilge ardleibhéil ag níos mó daltaí ach gráid níos ísle á bhfáil acu'