Gá le polasaí ‘níos soiléire’ faoi aonaid Ghaeilge – An tAire Oideachais

Tá sé ráite ag lucht an ghaeloideachais cheana gur “údar mór imní” na figiúirí a léiríonn go bhfuil beagnach an oiread céanna daltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge is atá ag freastal ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla

Gá le polasaí ‘níos soiléire’ faoi aonaid Ghaeilge – An tAire Oideachais

Tá ráite ag an Aire Oideachais, Norma Foley, go gcaithfidh a Roinn ‘soiléiriú’ a dhéanamh ar ról na nAonad lán-Ghaeilge in iar-bhunscoileanna an stáit agus gur gá an soláthar oideachais trí mheán na Ghaeilge ‘a neartú’. 

Bunaíodh grúpa oibre laistigh den Roinn anuraidh chun tabhairt faoi pholasaí nua don oideachas Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, agus tá grúpa stiúrtha bunaithe freisin chun maoirsiú a dhéanamh ar fhorbairt an pholasaí nua. 

Bhí an chéad chruinniú den ghrúpa stiúrtha ann le deireanaí. 

Tá sé ráite ag lucht an ghaeloideachais cheana gur “údar mór imní” na figiúirí a léiríonn go bhfuil beagnach an oiread céanna daltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge is atá ag freastal ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla. 

Dúirt an tAire Oideachais sa Dáil gurb é an sprioc a bheadh ag an bpolasaí nua ná cur le líon na ngaelscoileanna agus na ngaelcholáistí a a bhunaítear agus “polasaí soiléir” a fhorbairt i dtaobh na n-aonad.

De réir anailís a rinne Tuairisc anuraidh ar fhigiúirí nua ón Roinn Oideachais, tá beagnach an méid céanna daltaí ag freastal ar aonaid Ghaeilge is atá ag freastal ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

13,871 dalta a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta sa stát anuraidh agus 13,597 dalta a chláraigh d’aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla.

Dúirt eagraíochtaí oideachais ag an am gur “údar mór imní” an bhéim atá á leagan ag an Roinn ar bhunú aonad Gaeilge i scoileanna Béarla.

Dúirt an Foras Pátrúnachta mar shampla gur bac ollmhór ar chur chun cinn an ghaeloideachais é cur chuige na Roinne i leith na n-aonad. Is é a fhianaise sin an fíorbheagán Gaelcholáistí atá bunaithe ag an roinn le deich mbliana anuas, a dúradh.

Deir lucht an ghaeloideachais nach féidir “aon chomparáid” a dhéanamh idir aonaid Ghaeilge agus scoileanna lán-Ghaeilge.

Dúirt an Roinn Oideachais roimhe seo go bhfuil an t-aonad Gaeilge ar champas Béarla ina dhlúthchuid dá bpolasaí i leith an oideachais trí Ghaeilge ach deir an tAire Oideachais anois gur gá soiléiriú a dhéanamh ar ról an aonaid. 

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, cheana gur “sop in áit na scuaibe” aonaid Ghaeilge agus nach mbíonn i ndán dóibh ach  “teip”.

Tá lucht an ghaeloideachais ag maíomh le fada nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh atá ag tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus nach bhfuil dóthain scoileanna lán-Ghaeilge nua á dtógáil.

Fág freagra ar 'Gá le polasaí ‘níos soiléire’ faoi aonaid Ghaeilge – An tAire Oideachais'