Fuinneamh faoi fheachtas Maria Steen lena hainm a chur ar an bpáipéar ballóide

Scór ainmniúchán ó bhaill an Oireachtais a theastaíonn ó Mharia Steen roimh mheán lae amárach le go mbeidh sí in ann a hainm a chur isteach go hoifigiúil don toghchán uachtaránachta

Fuinneamh faoi fheachtas Maria Steen lena hainm a chur ar an bpáipéar ballóide

Tá fuinneamh faoi fheachtas Maria Steen lena hainm a chur ar an bpáipéar ballóide do thoghchán na huachtaránachta ó d’fhógair an páirtí Independent Ireland go bhfuil siadsan chun a dtacaíocht a thabhairt d’ainmniúchán an abhcóide a sheasann ar son luachanna sóisialta coimeádacha.

Scór ainmniúchán ó bhaill an Oireachtais a theastaíonn ó Mharia Steen roimh mheán lae amárach le go mbeidh sí in ann a hainm a chur isteach go hoifigiúil don toghchán an mhí seo chugainn.

Ceathrar Teachtaí Dála atá ag páirtí Independent Ireland, Michael Collins, Ken O’Flynn, Michael Fitzmaurice agus Richard O’Donoghue agus gheall an ceathrar go síneoidís a hainmniúchán le deis a thabhairt di a bheith ar an bpáipéar ballóide.

Tá an Teachta neamhspleách as Ciarraí, Danny Healy-Rae é féin ag tacú lena hainmniúchán agus deir lucht a feachtais go bhfágann sin 17 vóta as an scór aici agus gan ach tamall de lá fágtha.

I ráiteas an pháirtí Independent Ireland, dúradh go ndeachaigh “ionracas, oscailteacht agus cumas Steen a tuairimí agus a fís don uachtaránacht a chur in iúl i bhfeidhm go mór orthu”.

Níos túisce inniu dúirt an Teachta Dála neamhspleách, an tAire Stáit Marian Harkin, gur “iarrthóir iontaofa í Steen a raibh na tuairimí ar fad, nó cuid díobh, a bhí ag pobal na hÉireann aici”.

“Mar bhall den Oireachtas tá dhá vóta agamsa sa toghchán uachtaránachta agus bainfidh mé leas as an bpéire -ceann chun duine a ainmniú le bheith ar an bpáipéar ballóide, sa gcás seo Maria Steen, agus an ceann eile le vótáil do mo rogha féin iarrthóra, Heather Humphreys,” a dúirt Harkin.

Is iad na Teachtaí Dála eile a thacaíonn le hainmniúchán Steen – Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, Paul Lawless, Aontú, agus na Teachtaí neamhspleácha, Michael Healy-Rae, Gillian Toole, Marian Harkin, Mattie McGrath, Carol Nolan agus Paul Gogarty. Tá tacaíocht an tSeanadóra, Sarah O’Reilly, Aontú, ag Steen chomh maith leis na seanadóirí neamhspleácha Joe Conway, Rónán Mullen agus Sharon Keogan.

Fág freagra ar 'Fuinneamh faoi fheachtas Maria Steen lena hainm a chur ar an bpáipéar ballóide'