FUAIM: Séanta ag Ospidéal OÉ, Gaillimh gur cuireadh othair ‘i bhfolach’ ón Taoiseach

Ba é Pádraig Mac Donncha, othar as an gCeathrú Rua a bhí san ospidéal Déardaoin seo caite, a líomhain gur cuireadh é féin agus othair eile ‘i bhfolach’ le linn chuairt an Taoisigh

FUAIM: Séanta ag Ospidéal OÉ, Gaillimh gur cuireadh othair ‘i bhfolach’ ón Taoiseach

Tá séanta ag Ospidéal Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gur aistríodh othair amach as an Aonad Timpistí agus Éigeandála ann roimh chuairt an Taoisigh Déardaoin seo caite.

Dúirt urlabhraí de chuid an ospidéil gur “sheachtain an-ghnóthach” a bhí sa tseachtain seo caite agus “líon ard othar ag freastal ar an Aonad Timpistí agus Éigeandála”.

Ba é Pádraig Mac Donncha, othar as an gCeathrú Rua a bhí san ospidéal Déardaoin seo caite, a líomhain gur cuireadh é féin agus othair eile “i bhfolach” le linn chuairt an Taoisigh.

Agus é faoi agallamh ag Cóilín Ó Neachtain ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt Mac Donnacha gur “mór an náire” an méid, a deir sé, a tharla Déardaoin seo caite.

“Áit ar bith a raibh deis acu duine a chur bhí sé curtha acu ann i bhfolach, ní raibh ann ach iad a chur i bhfolach ann,” a dúirt Mac Donncha.

Dúirt sé nár thuig sé féin an t-údar a bheadh lena leithéid de chur chuige.

“Ní fhaighim ciall ná réasún cén fáth a déanadh é, nár taispeánadh an pictiúr do Leo nuair a bhí sé ann…Bhí sé pleanáilte amach an-mhaith acu, caithfidh mé an méid sin a rá.

“…Is uafásach an rud a rinne siad nár taispeánadh an pictiúr ceart, go bhfeicfidís é, na Teachtaí Dála a bhí in éindí leis an Taoiseach. Níor ’speáin siad tada, ach bhí chuile shórt ag breathnú thar barr uilig.”

Mhaígh sé gur “cuireadh back na leapachaí” arís san Aonad Éigeandála nuair a d’imigh an Taoiseach agus na Teachtaí Dála. Dúirt Mac Donncha go raibh daoine eile as Conamara san Aonad ag an am céanna leis féin Déardaoin.

“Ní mise an t-aon duine amháin as Conamara a bhí istigh ann. Ó a mhaighdinín, ní mé. Bhí neart as Conamara ann. Ach bhí sé déanta an-mhaith acu, bhí sé déanta an-ghlic acu,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Donncha gur cheart “fiosrúchán a bheith ann agus fáil amach cén fáth nár taispeánadh don Taoiseach agus do na Teachtaí Dála an bhail atá ar Ospidéal Réigiúnach na Gaillimhe”.

Dúirt urlabhraí thar ceann Ospidéal Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go raibh an “prótacal maidir le teach lán i bhfeidhm an tseachtain ar fad”.

“Bhí an tAonad Éigeandála an-ghnóthach arís maidin Dé Céadaoin, an 11 Aibreán, agus 58 othar ag fanacht ar leaba.

Tháinig feabhas ar an scéal, áfach, i rith an lae mar gur cuireadh béim níos mó ar othar a scaoileadh abhaile mar chuid de phlean formhéadaithe an ospidéil agus den iarracht déileáil go sonrach Dé Céadaoin leis an 58 othar a bhí ar thralaithe.

“Déardaoin, an 12 Aibreán, bhí 18 othar ag fanacht san Aonad Éigeandála ar leaba agus seachtar othar a bhí ar thralaithe i mbardaí.

“Ag 8am Dé hAoine, bhí 19 othar ag fanacht le leaba san Aonad agus bhí 12 othar ar thralaithe i mbardaí.”

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly, a bhí ar cuairt san ospidéal Déardaoin, gur chuala sí ó othair eile an scéal céanna a bhí ag Pádraig Mac Donncha.

Dúirt sí go raibh “rud éigin lofa” faoin scéal.

Fág freagra ar 'FUAIM: Séanta ag Ospidéal OÉ, Gaillimh gur cuireadh othair ‘i bhfolach’ ón Taoiseach'

  • Saoithín

    Nach é “Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe” teideal an ospidéil? Go bhfios dom níl smacht ag Ollscoil na hÉireann (aka an NUI) ar an gcóras sláinte.