Fuacht á thuar as seo go Déardaoin agus baol seaca, oighir, agus fiú sneachta ann

Fuacht is sioc a bheidh roimh dhaoine i roinnt ceantar maidin amárach

Fuacht á thuar as seo go Déardaoin agus baol seaca, oighir, agus fiú sneachta ann

Fuacht is sioc a bheidh roimh dhaoine i roinnt ceantar maidin amárach

Tá rabhadh buí seaca fógartha ag Met Éireann go dtí a 10.00am maidin amárach.

Tá fainic á cur ag lucht na haimsire go mbeidh oighear ar bhóithre agus cosáin agus contúirt ag baint leo toisc an teocht a bheith faoin reophointe.

Fuacht atá á thuar as seo go Déardaoin agus baol seaca, oighir, agus fiú sneachta ann.

Báisteach agus ceathanna a bhí i gcuid mhaith áiteanna ó am lóin inniu agus clocha sneachta le cuid acu sin. Táthar ag tuar go nglanfaidh sé i gCúige Uladh ar ball agus gaoth lag aduaidh a bheidh ag séideadh.

Báisteach atá á gealladh sa leath ó dheas den tír anocht ach amach san oíche flichshneachta nó sneachta a thitfidh ach glanfaidh sé leis ó dheas le maidneachan. Beidh tréimhsí geala againn ach éireoidh sé feanntach fuar agus an teocht idir 0 agus 4 chéim Celsius. Tabharfaidh an ghoimh sin sioc crua chugainn agus beidh paistí oighir ar bhóithre is cosáin. Ceantair cois cósta a bhfuil a n-aghaidh ó thuaidh beidh corrmhúr geimhriúil acu.

Fuacht is sioc a bheidh roimh dhaoine i roinnt ceantar maidin amárach. Glanfaidh an sioc agus an t-oighear tar éis tamaill agus beidh lá geal fuar againn a bheidh tirim den chuid is mó agus an ghrian ag scaladh corrscaitheamh. D’fhéadfadh corrmhúr a bheith i gceantair chósta a bhfuil a n-aghaidh ó thuaidh. Níl de theocht á thuar ach idir 3 agus 6 chéim Celsius agus gaoth lag aduaidh chugainn.

D’fhéadfadh ceathanna sneachta agus paistí oighir ar bhóithre cur as do chúrsaí iompair sa Tuaisceart agus tá rabhadh buí i bhfeidhm freisin do na sé chontae ó thuaidh den teorainn óna 9.00pm anocht go dtí a 10am amárach.

Fág freagra ar 'Fuacht á thuar as seo go Déardaoin agus baol seaca, oighir, agus fiú sneachta ann'