Formhór mór an phobail ar son seirbhísí stáit a chur ar fáil i nGaeilge

Tá beagnach trí cheathrú den phobal ó dheas agus a leath ó thuaidh den tuairim gur cheart don stát seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint astu

Formhór mór an phobail ar son seirbhísí stáit a chur ar fáil i nGaeilge

Tá tromlach an-mhór den phobal ag iarraidh go gcuirfeadh an stát seirbhísí Gaeilge ar fáil do dhaoine a bhfuil a leithéid uathu, de réir pobalbhreith nua.

Deir 73% de dhaoine ó dheas gur chóir don stát seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint astu. Duine as gach deichniúr a thug le fios nár cheart don stát seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil.

Nuair a bhaintear na daoine a dúirt nárbh fhios dóibh ar cheart nó nár cheart don stát seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, 88% a bhí ar son seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge.

Cuireadh an cheist i bpobalbhreith a rinne an comhlacht taighde margaíochta Kantar do Chonradh na Gaeilge.

Tá beagnach leath den phobal ó thuaidh ar son seirbhísí stáit a chur ar fáil i nGaeilge freisin. Dúirt 45% gur chóir don stát seirbhísí a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí. 30% díobh a dúirt nár aontaigh siad lena leithéid.

Nuair a chuirtear an 25% ó thuaidh a dúirt nach fios dóibh céard ba cheart a dhéanamh as an áireamh, triúr as gach cúigear a bhí ar son seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint astu.

Ba chóir don Stát seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint astu

Anuas air sin, aontaíonn beagnach beirt as gach triúr ó dheas agus beirt as gach cúigear ó thuaidh gur cheart don stát tacaíocht bhreise a thabhairt don Ghaeilge.

Dúirt 65% den phobal ó dheas agus 40% ó thuaidh gur chóir don stát tuilleadh a dhéanamh chun tacú leis an teanga. Níor mheas ach 14% ó dheas nár cheart tacaíocht bhreise a chur ar fáil agus 34% a bhí i gceist ó thuaidh.

Ba chóir don Stát tacaíocht bhreise a thabhairt don Ghaeilge

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, gur léiriú a bhí i dtorthaí na pobalbhreithe go raibh muintir na hÉireann ag iarraidh go gcuirfeadh an stát seirbhísí ar fáil i nGaeilge dóibh siúd a raibh siad ag teastáil uathu.

“Léiríonn na figiúirí seo go soiléir don dá rialtas, thuaidh agus theas, go bhfuil gá seirbhísí a chur ar fáil don phobal atá ag iarraidh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus beidh reachtaíocht láidir ag teastáil leis na seirbhísí sin a chinntiú.

“Táimid ag obair le polaiteoirí éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear lena chinntiú go n-achtófar an reachtaíocht Ghaeilge do na sé chontae agus go láidreofar an reachtaíocht teanga ó dheas lena chinntiú go mbeidh cothrom na Féinne ann do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt Comer.

Tá soláthar seirbhísí stáit i nGaeilge ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí sa bhille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla atá os comhair an Oireachtais faoi láthair.

Ceann de na cúiseanna imní is mó a bhí ag an gCoimisinéir Teanga, ag polaiteoirí an fhreasúra agus ag Conradh na Gaeilge nach raibh aon spriocdháta sa dréachtreachtaíocht faoi cathain a bheadh fáil ar gach seirbhís ón Stát sa Ghaeltacht i nGaeilge.

Má ghlactar le leasú atá molta ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers, beidh ar Aire na Gaeltachta ordú a thabhairt go mbeidh gach oifig agus seirbhís stáit ábalta feidhmiú trí Ghaeilge, ach níl aon chinnteacht go fóill faoin spriocdháta a bheadh i gceist.

Tá achainí déanta ag Oifigigh Pleanála Teanga ar Airí na Gaeltachta a dhéanamh cinnte go mbeidh seirbhísí i nGaeilge ar fáil ón stát ag pobal na Gaeltachta.

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc.ie mar shraith scéalta an tseachtain seo.

I measc na gceisteanna eile a cíoradh sa taighde bhí dearcadh an phobail ar thógáil clainne le Gaeilge, coláistí samhraidh, tithíocht sa Ghaeltacht, Gaelscoileanna agus cúrsaí teanga ar RTÉ.

Roghnaíodh 2,026 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Bhí roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath acu ó thuaidh den teorainn agus agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Fág freagra ar 'Formhór mór an phobail ar son seirbhísí stáit a chur ar fáil i nGaeilge'