Forbairt ionaid oideachais agus óige i gConamara fógartha

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan bhfuil an fhorbairt in Indreabhán ‘ar cheann de na tograí pobail agus teanga is suntasaí a raibh baint ag an Roinn leis riamh’

Forbairt ionaid oideachais agus óige i gConamara fógartha

Tá an chéad chéim d’fhorbairt ionaid oideachais agus óige nua i gConamara fógartha ag Airí na Gaeltachta.

€315,0000 a fógraíodh d’Údarás na Gaeltachta chun iarratas ar chead pleanála a ullmhú agus a dhéanamh don ionad atá le tógáil ar shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán.

Tuigtear gur €10 milliún ar fad atá luaite leis an bhforbairt.

Beidh halla ilfheidhmeach, seomraí ranga, cistin agus oifigí san ionad nua. Beidh spás spraoi agus áit pháirceála taobh amuigh. Táthar ag súil go mbeidh an t-ionad tógtha faoi fhómhar 2025.

Táthar ag súil an t-iarratas ar chead pleanála a chur faoi bhráid Chomhairle Contae na Gaillimhe faoi shamhradh na bliana seo.

Beidh an t-ionad faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Údarás na Gaeltachta agus Coláiste Lurgan a bheidh mar phríomhthionónta ann le linn cúrsaí Gaeilge an tsamhraidh. An chuid eile den bhliain beidh sé ina áis oideachais, óige, spóirt agus pobail.

Dúradh go gceapfaidh an tÚdarás bainisteoir don ionad amach anseo agus bunófar coiste comhairleach chomh maith.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go raibh an fhorbairt “ar cheann de na tograí pobail agus teanga is suntasaí a raibh baint ag an Roinn leis riamh”.

“Níl aon amhras orm ach go rachaidh an tIonad seo chun tairbhe phobal Chois Fharraige chomh maith le foghlaimeoirí Gaeilge ar fud na tíre.

“Beidh an t-ionad nua-aimseartha seo ina acmhainn thábhachtach d’fhoghlaim na Gaeilge agus do chúrsaí oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna Gaeilge san earnáil phoiblí agus sa phobal.  Déanfar freastal ann chomh maith ar ndóigh ar na healaíona, ar an gceardaíocht, an teicneolaíocht, cúrsaí spóirt agus go mór mhór ar an óige –  ceann de na spriocghrúpaí is tábhachtaí ó thaobh thodhchaí na Gaeilge.”

Dúirt an tAire Catherine Martin gur “cúis mhór áthais” di go bhfuil an tIonad Oideachais agus Óige le forbairt i gceantar Cois Fharraige.   Chuirfeadh na háiseanna “a thógfar le cúnamh suntasach na Roinne” bonn “níos láidre fós” faoin bpleanáil teanga sa cheantar, a dúirt sí.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin gur “céim mhór chun cinn” a bhí i bhfógra an lae inniu. tógtha anois sa togra seo.

“Creideann muid gur togra é seo atá ríthábhachtach do thodhchaí na Gaeilge, ní amháin i gCois Fharraige ach go náisiúnta.

“Bhí próiseas fada agus casta le muid a thabhairt chuig an bpointe seo, ach tá muid lán-mhuiníneach go mbeidh an tIonad Oideachais agus Óige ina eiseamláir náisiúnta, ag freastal ar óige na Gaeltachta agus ar phobal labhartha agus foghlamtha na Gaeilge ar fud na tíre.”

Cuireadh moill leis an bplean don Ionad Óige agus Pobail mar gheall ar aighneas idir an Roinn agus an tÚdarás agus úinéir Choláiste Lurgan.

Chuir úinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil i leith na Roinne agus an Údaráis go minic gur ag tarraingt na gcos a bhí siad i dtaobh an togra in Indreabhán.

Ach dúirt lucht na Roinne agus an Údaráis, gurb amhlaidh go raibh siadsan ag fanacht ar úinéir Choláiste Lurgan glacadh leis an bplean atá acu don fhorbairt.

Bhain an chonspóid le píosa talún a bhí le ceannach don fhorbairt agus le cé a bheadh freagrach as bainistíocht an fhoirgnimh.

Fág freagra ar 'Forbairt ionaid oideachais agus óige i gConamara fógartha'