Fonn díoltais ar na Sáirséalaigh i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh an Abhalloirt-An Bealach

Tabharfaidh buaiteoirí Chraobhacha na hÉireann 2019 agus 2020 aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais 2021 i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna

Fonn díoltais ar na Sáirséalaigh i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh an Abhalloirt-An Bealach

An tAbhallort-An Bealach v Na Sáirséalaigh – Páirc an Chrócaigh, 4pm (Beo ar RTÉ 2)

Níl ach aon seachtain déag ann ó d’imir curaidh Loch Garman, an tAbhallort-An Bealach, agus seaimpíní na Gaillimhe, na Sáirséalaigh, i gcluiche ceannais na hÉireann ach tá na foirne céanna ar ais sa chluiche mór arís inniu.

Na Laighnigh a bhuaigh cluiche ceannais 2020, nár imríodh go dtí mí na Nollag seo caite, agus beidh fonn díoltais ar mhná na Gaillimhe, a bhuaigh Craobh na hÉireann 2019 ach a bhfuil trí cinn eile de chluichí ceannais caillte acu le cúig bliana anuas, ceann na bliana seo caite ina measc.

Bhí an bua sa chluiche sin tuillte go maith ag an tAbhallort-An Bealach, 4-8 in aghaidh 2-9. D’aimsigh Úna Leacy trí chúl dá foireann sa chluiche céanna agus caithfidh na Sáirséalaigh srian níos fearr a choinneáil uirthi más leo an t-aicean a dhéanamh inniu.

Is maith is eol d’fhoireann Michael McGrath nach féidir leo ligean dá gcéilí comhraic tús iontach eile a chur leis an gcluiche ceannais. Bhí an tAbhallort-An Bealach 2-4 in aghaidh 0-1 chun tosaigh leath bealaigh tríd an gcéad leath sa gcluiche deiridh agus níor éirigh leis na Sáirséalaigh an bhearna sin a laghdú a ndóthain.

Léirigh an tAbhallort-An Bealach a gcumas arís sna babhtaí leathcheannais coicís ó shin. Bhí siad ag imirt in aghaidh sheaimpíní na Mumhan, An Scairbh-Tuagh Ó gConaíle, agus níor ligeadh scór ar bith le foireann an Chláir sa chéad leath agus bhuaigh an an tAbhallort-An Bealach an cluiche go slachtmhar, 3-11 in aghaidh 0-2.

Ba ghéire an choimhlint sa chluiche leathcheannais eile idir na Sáirséalaigh agus Sleacht Néill Dhoire, a d’imir in aghaidh a chéile i dtrí cinn de chluichí ceannais na hÉireann le blianta beaga anuas. Theastaigh am breise sa chluiche is deireanaí eatarthu agus bhí an poc éirice a scóráil Siobhán McGrath san am breise sin cinniúnach agus an cluiche buaite le haon phointe amháin, 2-4 in aghaidh 0-9, ag na Gaillimhigh.

Beidh taispeántais mhuintir McGrath – Siobhán, Niamh, Ciara is Orlaith – an-tábhachtach más leis na Gaillimhigh díoltas a bhaint amach ach tá taithí na mblianta ag an tAbhallort-An Bealach. Bhí Ursula Jacob, Karen Atkinson, na deirfiúracha Mary agus Úna Leacy ar fad ina gcaptaein ar fhoirne Loch Garman a bhuaigh Craobhacha Uile-Éireann agus d’imir dornán eile, Ciara Storey, Shelley agus Stacey Kehoe, agus Aideen Brennan ar na foirne sin freisin. Is fada ar an mbóthar iad ach, mar a léirigh siad mí na Nollag, tá an mianach iontu go fóill.

Fág freagra ar 'Fonn díoltais ar na Sáirséalaigh i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh an Abhalloirt-An Bealach'