Foláireamh faoi bhaol tuilte agus fuarlaigh eisithe ag Met Éireann

Tá fainic curtha ag an AA ar thiománaithe a bheith ar a n-airdeall mar go bhfuil an-bhaol ann go mbeidh fuarlaigh ar bhóithre agus go mbeidh bóithre sleamhain tar éis an triomaigh fhada a bhí againn

Foláireamh faoi bhaol tuilte agus fuarlaigh eisithe ag Met Éireann

Tá foláireamh faoi bhaol tuilte agus fuarlaigh eisithe ag Met Éireann do chúig chontae in iarthar na tíre as seo go dtí a cúig a chlog maidin amárach. Meastar go dtabharfaidh eireaball beag de spéirling Helene (mar a bhí) tulca báistí aniar chugainn  agus go bhféadfadh idir 25 agus 40 mm báistí titim as seo go meán oíche. Contaetha na Gaillimhe, Dhún na nGall, Liatroma, Mhaigh Eo agus Shligigh is measa a bheidh buailte.

Deir Met Éireann gur chóir go nglanfadh an bháisteach léi soir maidin amárach agus go bhféadfadh sé lá te a dhéanamh ina dhiaidh sin agus an teocht a bheith chomh hard le 19 céim Celsius.

Is mó imní atá faoin díle seo de bharr an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta a bheith ag tosú amárach agus súil le thart ar 300,000 duine ar an Screagán i gContae Uíbh Fhailí an trí lá sin agus go leor acu ag taisteal tamall fada ó bhaile.

Tá fainic curtha ag an AA ar thiománaithe a bheith ar a n-airdeall mar go bhfuil an-bhaol ann go mbeidh fuarlaigh ar bhóithre agus go mbeidh bóithre sleamhain tar éis an triomaigh fhada a bhí againn.

D’eisigh an grúpa feachtais a chuidíonn le daoine gan dídean, an Inner City Helping Homeless (ICHH) ráiteas ag léiriú imní faoi na daoine a chodlaíonn amuigh agus an chontúirt a chuireann tuilte iad. Tá plean éigeandála réitithe ag an ngrúpa agus iad ag coinneáil súil ghéar ar an stoirm Helene. Dar leo gur chóir 150 leaba eile a chur ar fáil anois díreach, sula dtiocfaidh an geimhreadh ar chor ar bith, seachas a bheith ag fanacht le mí na Nollag.

Fág freagra ar 'Foláireamh faoi bhaol tuilte agus fuarlaigh eisithe ag Met Éireann'