Foirgneamh nua faighte do bhunscoil lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath

Tá Gaelscoil Laighean le haistriú ón gCarraig Dhubh go dtí Dún Laoghaire agus ionad nua faighte sa cheantar ar Ascaill Eblana

Foirgneamh nua faighte do bhunscoil lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath

Tá cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais foirgneamh nua a chur ar fáil do Ghaelscoil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Tá Gaelscoil Laighean le haistriú ón gCarraig Dhubh go dtí Dún Laoghaire agus ionad nua faighte sa cheantar ar Ascaill Eblana.

Osclaíodh Gaelscoil Laighean Meán Fómhair 2019 agus bhí an bhunscoil chomhoideachais lonnaithe i bhfoirgneamh beag ar Lána na Cille i nGráinseach an Déin.

Moladh go dtógfaí an scoil i gceantar na Carraige Duibhe-Bhaile an Bhóthair ach ó dheas i nDún Laoghaire a aimsíodh foirgneamh nua don scoil.

Chuir an Seanadóir de chuid Fhine Gael, Barry Ward, fáilte roimh chinneadh na Roinne Oideachais.

“Céim dhearfach don phobal inár gceantar a bheidh ann, chun áiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.

 “Tá éileamh mór ann d’oideachas trí mheán na Gaeilge, agus forbairt dhearfach atá ann, go háirithe i gceantar cosúil le Dún Laoghaire, a bhfuil stair fhada aige leis an nGaeloideachas le scoileanna cosúil le Scoil Lorcáin, Gaelscoil Phádraig, Coláiste Eoin and Coláiste Íosagáin. Tá ríméad orm go leanfaidh an traidisiún seo ar aghaidh, agus i gcuid den tír ina labhraíonn níos mó daoine Gaeilge ar bhonn laethúil ná aon áit eile sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht.”

Scoil il-sainchreidmheach í Gaelscoil Laighean atá faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta. Príomhoide agus aon mhúinteoir amháin atá ag obair inti  faoi láthair, ach tá leanaí fós á rollú sa scoil agus tá súil ann go leanfaidh an fás agus go mbeidh ocht rang inti amach anseo.

Fág freagra ar 'Foirgneamh nua faighte do bhunscoil lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath'