Foireann na hÉireann ainmnithe don tsraith idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile

D’ainmnigh bainisteoir na hÉireann Joe Kernan an 23 imreoir a bheidh ag déanamh ionadaíochta don tír sa chluiche idirnáisiúnta an tseachtain seo chugainn

Bainisteoir na hÉireann, Joe Kernan, le captaen na foirne, Bernard Brogan. INPHO/Donall Farmer
Bainisteoir na hÉireann, Joe Kernan, le captaen na foirne, Bernard Brogan. INPHO/Donall Farmer

D’ainmnigh bainisteoir na hÉireann Joe Kernan a fhoireann don tsraith idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile i bPáirc an Chrócaigh ar maidin.

Mar chuid den phainéal 23 imreoir, tá naonúr a bhuaigh gradaim All-Star Dé hAoine seo caite, Peileadóir na Bliana Jack McCaffrey ina measc. Taobh le McCaffrey, beidh ceathrar eile ó fhoireann Bhaile Átha Cliath a bhuaigh Craobh na hÉireann i mbliana; is iadsan Philly McMahon, Rory O’Carroll, Diarmuid Connolly agus Bernard Brogan. Is é Brogan captaen na hÉireann don chluiche agus cosantóir Mhaigh Eo, Lee Keegan atá ina leaschaptaen.

Tháinig breis agus 70 imreoir le chéile le roinnt seachtainí anuas agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach ar fhoireann Kernan sula ndearna sé féin agus a fhoireann bhainistíochta, Pádraic Joyce, Darragh Ó agus Dermot Early, an painéal a laghdú go dtí an 23 duine a ainmníodh ar maidin, chomh maith le hochtar imreoirí taca a bheidh ar fáil má ghortaítear éinne.

imreoirí ó 12 chontae ar an bpainéal, cúigear as Baile Átha Cliath, triúr as Tír Eoghain, beirt as Laois, Cill Dara, Corcaigh, Muineachán agus Maigh Eo chomh maith le duine amháin as an gClár, Tiobraid Árann, an Longfort, Ciarraí agus Dún na nGall.

Ainmníodh foireann na hAstráile an mhí seo caite agus, fearacht na bliana anuraidh, bhain na himreoirí ann áit amach ar fhoireann ‘All-Australian’, macasamhail ghradaim na All-Stars anseo.

Imreofar an cluiche idir an dá fhoireann i bPáirc an Chrócaigh ag 7i.n. Dé Sathairn, an 21 Samhain agus imreofar an cluiche idirnáisiúnta camánachta idir Éirinn agus Albain díreach roimhe.


Foireann na hÉireann

1 Niall Morgan (Tír Eoghain)

2 Colm Begley (Laois)

3 Gary Brennan (An Clár)

4 Bernard Brogan (Baile Átha Cliath)

5 Eoin Cadogan (Corcaigh)

9 Mattie Donnelly (Tír Eoghain)

10 Eoin Doyle (Cill Dara)

11 Peter Harte (Tír Eoghain)

13 Darren Hughes (Muineachán)

15 Lee Keegan (Maigh Eo)

17 Paul Kerrigan (Corcaigh)

19 Jack McCaffrey (Baile Átha Cliath)

20 Ciarán McDonald (Tiobraid Árann)

22 Philip McMahon (Baile Átha Cliath)

23 Conor McManus (Muineachán)

25 Rory O’Carroll (Baile Átha Cliath)

26 John O’Loughlin (Laois)

28 Aidan O’Shea (Maigh Eo)

29 Michael Quinn (An Longfort)

31 Donnchadh Walsh (Ciarraí)

33 Diarmuid Connolly (Baile Átha Cliath)

34 Paul Cribbin (Cill Dara)

35 Paddy McBrearty (Dún na nGall)

Imreoirí Taca

16 Paddy O’Rourke (An Mhí)

6 Killian Clarke (An Cabhán)

7 Ray Connellan (An Iarmhí)

14 Kieran Hughes (Muineachán)

21 Gearoid McKiernan (An Cabhán)

24 Dessie Mone (Muineachán)

27 Colm O’Neill (Corcaigh)

30 Enda Smith (Ros Comáin)

Fág freagra ar 'Foireann na hÉireann ainmnithe don tsraith idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile'