FÍSEÁN: ‘Údar ollmhór imní’ – drochthús don Ghaeilge i bhFeidhmeannas Stormont

Údar imní do lucht na teanga ó thuaidh é gur ceapadh beirt airí ón DUP sa dá roinn is mó a bhfuil cúraimí na Gaeilge orthu agus nár luaigh aon pháirtí an Ghaeilge agus feidhmeannas Stormont á athbhunú

FÍSEÁN: ‘Údar ollmhór imní’ – drochthús don Ghaeilge i bhFeidhmeannas Stormont

Deir an Dream Dearg gur údar “ollmhór imní” é do phobal na Gaeilge gur ceapadh airí ón DUP sa Roinn Pobail agus sa Roinn Oideachais, an dá roinn is mó a bhfuil cúraimí na Gaeilge orthu.

B’údar “díomá” é chomh maith do lucht na teanga ó thuaidh nár luadh an Ghaeilge oiread agus uair amháin sna hóráidí a rinneadh Dé Sathairn, tráth ar toghadh náisiúnach, Leas-Cheannaire Shinn Féin, Michelle O’Neill, ina Céad-Aire san Fheidhmeannas i dTuaisceart Éireann den chéad uair.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge agus urlabhraí ag an Dream Dearg, go mbeidh “troid” gach lá ag lucht na Gaeilge ó thuaidh lena gcearta teanga a bhaint amach.

“Lá mór, lá stairiúil a bhí ann Dé Sathairn, gan aon amhras. Bhí díomá ar phobal na Gaeilge mar gheall ar rogha na n-aireachtaí agus go raibh an DUP fágtha i gceannas ar an dá rannóg is mó a bhfuil cúraimí orthu ó thaobh cur chun na Gaeilge de – sin an Roinn Pobal a bheas freagrach as an maoiniú thuaidh-theas d’Fhoras na Gaeilge, an t-eagras trasteorann, agus a bheas freagrach as an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge atá faoi stiúir an fheidhmeannais.

“Chomh maith leis sin dar ndóigh sa Roinn Oideachais tá taithí fhada againn ag plé le haire ón DUP a bhíonn leatromach, a bhíonn breá ábalta agus breá sásta ionsaithe a dhéanamh agus cinntí neamhfhabhracha a dhéanamh i gcoinne cur chun cinn na gaelscolaíochta,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Is é Gordon Lyons an DUP a ceapadh ina Aire Pobal, an aireacht ar a mbíonn cúram na Gaeilge agus ar an aire oideachais nua Paul Givan ón DUP a bheidh cúram an ghaeloideachais.

Nuair a bhí Gordon Lyons ina aire sóisearach cheana, shocraigh sé gan freastal ar chruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí teanga agus b’éigean cruinniú amháin a chur ar ceal ag an nóiméad deireanach.

Chuir Coimisinéir na gCaighdeán fiosrú ar bun in Stormont faoi chinneadh Lyons gan freastal ar chruinniú faoi chúrsaí Gaeilge.

I measc na ndualgas a bheidh ar an Aire nua Pobal, beidh air cuidiú le feidhm a thabhairt don reachtaíocht nua teanga agus chultúir. Bhí Lyons é féin glan i gcoinne na reachtaíochta don Ghaeilge.

Nuair a bhí próiseas comhairliúcháin ar bun faoin reachtaíocht, dúirt sé go mbeadh acht teanga ina ábhar deighilte agus gur cur amú airgid a bheadh ann.

Luaigh sé go háirithe an caiteachas a bheadh i gceist le deireadh a chur leis an gcosc ar Ghaeilge sna cúirteanna agus le Coimisinéir Teanga a cheapadh, dhá cheann de na beartais is túisce atá le déanamh faoin reachtaíocht nua.

Rinne an t-aire oideachais nua Paul Givan ceann de na cinntí faoin Ghaeilge ba chonspóidí riamh. Nuair a bhí sé ina aire pobal, chuir Givan deireadh leis an sparánacht Ghaeltachta, Líofa.

Luaigh Martin McGuinness scéal Líofa agus dearcadh an DUP leith na Gaeilge nuair a d’fhógair sé seo go raibh sé ag éirí as mar LeasChéad-Aire, cinneadh a chuir deireadh le feidhmeannas Stormont in 2017.

Níl dearcadh “frithGhaeilge” na beirte airí, Lyons agus Givan, dearmadta ag pobal na Gaeilge ó thuaidh, a deir Ó Tiarnaigh.

“B’údar ollmhór imní agus buairimh é ceapadh beirt ón DUP sna rannóga a bhaineann leis an Ghaeilge, an Roinn Pobal agus an Roinn Oideachais.

“Gordon Lyons, ar ndóigh, fear a bhí mar ionadaí ag an DUP ar an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas nuair a thosaigh a mbaghcat ar na hinstitiúidí ó thuaidh cúpla bliain ó sin, an chéad rud ar tharraing siad siar air ná an Chomhairle Thuaidh Theas agus chuige sin, na socruithe trasteorann d’eagraíochtaí trasteorann, Foras na Gaeilge ina measc.

“Níl Paul Givan dearmadta ag pobal na Gaeilge ó thuaidh ach an oiread, an fear a bhain sparánachtaí Líofa i mbéal na Nollag 2016, – £50,000 punt a tharraing sé siar, an deontas trasphobail do dhaoine nach raibh an t-airgead acu le dul chun na Gaeltachta agus rud a chuir isteach go mór ar dhaoine agus a chuir go mór le titim Stormont in Eanáir 2017 agus le feachtas an Dream Dearg,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Dúirt Ó Tiarnaigh gur ghoill sé ar chainteoirí Gaeilge ó thuaidh chomh maith nach ndearna aon pháirtí oiread agus tagairt amháin don Ghaeilge ar an chéad lá den tionól nua.

“B’údar ollmhór díomá dúinn fosta nár luadh ceist cearta teanga, ceist an Choimisinéara Gaeilge, ceist na reachtaíochta teanga agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga in aon óráid ó aon pháirtí ar an Satharn.

“Drochlá go pointe sa mhéad is go raibh muid ag súil le i bhfad níos mó – bhí muid ag súil le haireachtaí, bhí muid ag súil le tagairtí d’amscála, b’fhéidir, maidir le ceapadh an Choimisinéara agus níor tháinig sin chun tosaigh.”

Deir Ó Tiarnaigh go bhfuil cruinnithe á lorg ag an Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge leis an mbeirt airí nua agus go mbeidh an Dream Dearg ag teacht le chéile an tseachtain seo chun “an chéad chéim eile” ina bhfeachtas a phlé.

“Cúpla éileamh a bhí againn nuair a bhí an toghchán deireanach againn in 2022 ná go mbeadh bille gaelscolaíochta ag teacht tríd an Tionól agus go mbeadh teangacha -teanga amháin – curtha ar ais mar chroí-ábhar don GCSE ó thuaidh. Beidh dúshlán romhainn anois an dá éileamh sin a bhaint amach.

“Chomh maith leis na ceisteanna fadbhunaithe maidir le comharthaíocht, ceist lóistín na ngaelscoileanna, ceisteanna maidir le sainriachtanais oideachais agus maoiniú d’acmhainní, srl. Beidh troid in aghaidh an lae againn ansin,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

“Ag bun an tsléibhe atá muid anois agus creidimid go mbeidh orainn dul i mbun feachtais, go muiníneach agus go láidir leis an mhéid a gealladh dúinn agus leis an mhéid a cuireadh sa dlí anuraidh a bhaint amach,” a dúirt sé.

Tá cainteoir líofa Gaeilge amháin i measc na ndaoine ar bronnadh aireacht orthu, Aisling Reilly, Sinn Féin, atá ceaptha ina haire sóisearach in Oifig an Fheidhmeannais, áit a mbeidh sí ag obair leis an gCéad-Aire nua Michelle O’Neill.

Ba í Reilly an chéad bhall tofa in Stormont a thug óráid iomlán i nGaeilge amháin sa Tionól, rud a rinne sí nuair a toghadh í i mBealtaine 2022.

I dteachtaireacht a chuir sí amach ar na meáin shóisialta, dúirt Aisling Reilly, a fuair a cuid oideachais trí Ghaeilge i mBunscoil Phobal Feirste agus Coláiste Feirste, go raibh sí ag súil go mór le gach dualgas a bhí ar an fheidhmeannas a chomhlíonadh, bunú oifig an Choimisinéara Teanga san áireamh.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Údar ollmhór imní’ – drochthús don Ghaeilge i bhFeidhmeannas Stormont'

  • Seán Mac Cearáin

    Údar speise é nar luaigh siad an damáiste a rinne dhá Aire Oideachais de chuid Sinn Féin ar an Ghaeilge i nDoire Colmcille.