FÍSEÁN: ‘That was the most beautiful Irish Paper 2 that I have ever seen’ – ardmholadh ag daltaí do Pháipéar a Dó na Gaeilge

Cé gur mhair an scrúdú ardleibhéil breis is trí uair an chloig, easpa ama an gearán is mó a bhí ag daltaí as Coláiste Cholmcille in Indreabhán i gConamara a labhair le Tuairisc

FÍSEÁN: ‘That was the most beautiful Irish Paper 2 that I have ever seen’ – ardmholadh ag daltaí do Pháipéar a Dó na Gaeilge

Easpa ama an fhadhb is mó a bhí ag na daltaí a thug faoi Pháipéar a Dó i scrúdú Gaeilge na hArdteiste ar maidin.

Tar éis dóibh tabhairt faoin chluastuiscint agus an cheapadóireacht i bPáipéar a hAon inné, léamhthuiscint, prós, filíocht agus litríocht a bhí rompu inniu ach níor baineadh preab as a bhformhór, de réir gach tuairisce, nuair a osclaíodh na páipéir sa halla ar maidin.

Cé gur mhair an scrúdú ardleibhéil breis is trí uair an chloig, easpa ama an gearán is mó a bhí ag daltaí na hArdteiste i gColáiste Cholmcille in Indreabhán i gConamara.

“Cheap mé go raibh an páipéar éasca ach bhí go leor ann agus níor chríochnaigh mé é in am,” a dúirt Katie Bhreathnach le Tuairisc.

D’aontaigh Chloe Ní Chonaire go raibh sé dúshlánach na ceisteanna uile a fhreagairt in am.

“Bhí sé níos deacra [ná Páipéar a hAon] mar go raibh níos mó ann agus bhí mé ag rith amach as am ach, leis an léamhthuiscint, d’éirigh go maith liom so bhí mé sásta go maith leis agus bhí mé in ann é a chríochnú so bhí mé breá sásta,” a dúirt Chloe.

“Ní raibh sé ródhona ar chor ar bith,” a mheas David Ó Tuathail. “Bhí mé ag ceapadh go dtiocfadh rudaí eile suas ach níor tháinig. Bhí mé sásta go maith leis an scrúdú. Chuaigh chuile rud ceart dom. Bhí mé cineál faoi bhrú ama ach chríochnaigh mé ag an deireadh é, bhí chuile rud críochnaithe agam. Ní raibh sé ródhona ar chor ar bith. Scríobh mé go leor so sin an rud is fearr faoi.”

De réir na dteachtaireachtaí atá scaipthe ar na meáin shóisialta faoin scrúdú, bhí daltaí eile ar fud na tíre sásta go maith leis na dánta agus na scéalta a roghnaíodh don pháipéar.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘That was the most beautiful Irish Paper 2 that I have ever seen’ – ardmholadh ag daltaí do Pháipéar a Dó na Gaeilge'