FÍSEÁN: ‘Ní bheidh mé ábalta intinn polaiteoirí atá glan i gcoinne na teanga a athrú ach beidh mé ag iarraidh iad a thabhairt chun cuntais’ – An Coimisinéir Gaeilge

In agallamh le Tuairisc, labhair an Coimisinéir Gaeilge nua, Pól Deeds, faoi na dúshláin agus na deiseanna atá roimhe sa ról, faoin bhfrustrachas atá air maidir le heaspa cumhachta agus tuilleadh

Deir an Coimisinéir Gaeilge nua ó thuaidh go bhfuil sé dóchasach gur féidir leis cuid de lucht an aontachtais a mhealladh i dtreo na Gaeilge ach go bhfuil súil aige iad siúd a bhíonn ag bréagadóireacht faoin teanga agus faoi fhéin a thabhairt “chun cuntais”.

In agallamh nua le Tuairisc, deir Pól Deeds go bhfuil tuiscint ag roinnt daoine i bpáirtithe an aontachtachais nach bhfuil tairbhe fadtéarmach le baint as a bheith ag déanamh ionsaithe ar an nGaeilge agus go bhfuil súil aige caidreamh a chothú leo siúd ach géilleann sé go bhfuil líon beag polaiteoirí a bheidh i gcoinne na teanga i gcónaí.

Deir Deeds go bhfuil naimhdeas don teanga le brath go laethúil ar na meáin shóisialta agus freisin i dTionól Thuaisceart Éireann agus go raibh taifead á choinneáil aige ar eachtraí éagsúla mar go mbeidh air “freagra a thabhairt ag pointe éigin”.

Gan é a lua go sonrach, thagair Deeds d’eachtra a tharla sa Tionól Dé Céadaoin nuair a thug comhalta de chuid an TUV, Timothy Gaston, “fanaiceach” ar an gCoimisinéir Gaeilge nua agus é ag ceistiú an raibh sé cuí Deeds a cheapadh sa bpost.

“Na daoine a dhéanann na hionsaithe sin, tuigeann siad gur [as sin] a thagann a gcumhacht, nó lucht éisteachta s’acu más maith leat é a chur mar sin, agus ní shílim féin go mbeidh aon athrú ansin,” a deir Deeds.

“Níl féidir liom ach na daoine sin a thabhairt chun cuntais agus beidh mé ag déanamh sin. Ní bheidh mé ag iarraidh intinn s’acu a athrú. Más féidir liom dul i bhfeidhm ar lucht éisteachta s’acu ag pointe éigin, ba mhaith liom é sin a dhéanamh,” ar sé.

“Arís, tá muid ag caint ar chúpla duine anseo ach an cúpla duine atá ar intinn agam, ní bheidh mé ábalta intinn s’acu a athrú, ní dóigh liom. Beidh mé ag iarraidh iad a thabhhart chun cuntais mar ní féidir le daoine cuid de na rudaí bréagacha atá siad ag rá fúm faoi láthair a rá go leanúnach mar beidh siad ag iarraidh cosc a chur ar obair an Choimisinéara agus tá sé sin in éadan an dlí.”

Deir Deeds gur thug an éisteacht atá faighte aige ó na comhairlí áitiúla éagsúla i dTuaisceart Éireann dóchas dó go mbeidh siad sásta oibriú leis chun seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal agus gur “ag brú in aghaidh dorais a bhí oscailte cheana féin” a bheidh sé.

“An ardbhainistíocht in achan uile comhairle, fiú sna ceantair aontachtacha, bhí siad uilig sásta ceist na Gaeilge a phlé liom. Tá mé féin iontach dóchasach faoi sin,” a deir sé.

“Is eagraíochtaí iontach polaitiúla iad na comhairlí agus is teist iontach suimiúil é dar liom don chineál freagra a gheobhaidh mé. Tugann sé an-dóchas dom.”

Tá seachtain anois caite ag Deeds ina ról nua ach deir sé go bhféadfadh tamall a bheith ann sula bhfeicfear toradh na hoibre atá le déanamh ag a oifig nua.

Tá sé maíte go bhfuil cumhachtaí an Choimisinéara Gaeilge srianta go maith, go háirithe agus é ag brath ar bheannacht an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire chun caighdeáin dea-chleachtais d’eagraíochtaí poiblí ó thuaidh a thabhairt isteach, agus glacann Deeds leis gur beag atá sé in ann a dhéanamh i láthair na huaire agus go gcuireann sin “frustrachas” air.

“Níl cumhachtaí ar bith againn go fóill,” arsa Deeds faoin mbeirt Choimisinéirí agus an Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha. “Mar sin, tá brú orainn féin agus tá an brú sin ag teacht ón phobal cheana féin leis na cumhachtaí sin a fháil ionas gur féidir linn tús ceart a chur leis an obair mar faoi láthair, níl mé ach ag dul d’agallaimh, agallaimh cosúil leis an gceann seo.”

Ní hamháin go bhfuil ar Deeds fanacht ar bheannacht na gCéad-Airí do na caighdeáin, agus baol ann a deir sé nach dtiocfaidh an bheannacht sin, ach tá an Coimisinéir fós ag fanacht ar Oifig Thuaisceart Éireann chun ordú um thosach feidhme a thabhairt chun go mbeadh sé in ann cuid dá bhunchúraimí a dhéanamh.

Cé gurb iad na caighdeáin an ghné is tábhachtaí dá chuid oibre, dúirt Deeds gur gné thábhachtach freisin a bhí sa gcomhairle, tacaíocht agus treoir is féidir leis a thabhairt d’eagraíochtaí poiblí maidir leis an nGaeilge ach tá sé arís ag fanacht ar fhaomhadh chun tabhairt faoin obair sin.

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh na cumhachtaí sin agam go luath,” ar sé.

Labhair Pól Deeds freisin san agallamh ar an “tréimhse chinniúnach” atá romhainn agus Straitéis don Ghaeilge á forbairt ag an Roinn Pobal ó thuaidh chomh maith leis an gconspóid a bhaineann le comharthaíocht dhátheangach i i Stáisiún Láir Bhéal Feirste.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Ní bheidh mé ábalta intinn polaiteoirí atá glan i gcoinne na teanga a athrú ach beidh mé ag iarraidh iad a thabhairt chun cuntais’ – An Coimisinéir Gaeilge'