FÍSEÁN: ‘Is fearr liom an iomáint ná an pheil agus An Poc ar Buile mo thallann rúnda’ a deir Ciarán Kilkenny

Cuireann imreoirí óga ó Chaisleán Cnucha aithne níos fearr ar laoch Bhaile Átha Cliath Ciarán Kilkenny i sraith nua a chraolfar ar TG4 tráthnóna

Is fearr le Ciarán Kilkenny, peileadóir aitheanta Bhaile Átha Cliath, an iomáint ná an pheil agus chanfadh sé leagan den amhrán Gaeilge ‘An Poc ar Buile’ dá n-iarrfaí air a “thallann rúnda” a chur i láthair.  

Sin cuid den mhéid a nochtfaidh atá ainmnithe do ghradam Imreoir Peile na Bliana 2018, Ciarán Kilkenny, sa chéad chlár sa tsraith úr C.L.U.B, a chraolfar ar TG4 tráthnóna.

Agus é faoi agallamh ag imreoirí óga a chlub áitiúil, Caisleáin Cnucha, deir Kilkenny, a imríonn ar fhoireann iomána an chlub chomh maith, gur fearr leis an iomáint mar gur cluiche ‘tapa’ é a bhfuil “níos mó scil” i gceist leis agus gur spórt ‘tábhachtach’ ó thaobh stair na hÉireann” atá ann.

Maíonn sé freisin gur “amhránaí den chéad scoth” é agus gurb é ‘An Poc ar Buile’ an “party piece” a bhíonn aige.

Sa tsraith C.L.U.B, léiriú de chuid Macalla Teo, casfaidh imreoirí óga le himreoirí aitheanta óna gclub nó a gcontae féin agus beidh deis acu ceisteanna a chur orthu.  

I measc na n-imreoirí a bheas páirteach sa tsraith, tá Rena Buckley, an sárimreoir camógaíochta agus peile as Corcaigh a bhfuil 18 bonn Uile-Éireann buaite aici, Ciana Ní Churraoin, imreoir liathróid láimhe as cumann Mhicheál Bhreathnach i gConamara agus Éamon Óg Ó Donnchadha, iománaí le Clann na nGael agus contae na Mí as Ráth Chairn.

Is iad Máire Ní Bhraonáin, iar-imreoir peile na Gaillimhe agus Diarmuid Lyng, iar-imreoir iomána Loch Garman a chuirfidh C.L.U.B i láthair agus beidh Mícheál Ó Muircheartaigh ina dteannta gach seachtain chun léargas a thabhairt ar na clubanna ar fad.

Cé go bhfuil C.L.U.B dírithe ar dhaoine óga, dúirt Cian Mac Cárthaigh, léiritheoir na sraithe, go mbainfeadh “daoine de gach aois” sult as an seó agus an deis chun aithne níos fearr a chur ar imreoirí CLG.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Is fearr liom an iomáint ná an pheil agus An Poc ar Buile mo thallann rúnda’ a deir Ciarán Kilkenny'