FISEÁN: Gasúir Ghaeltachta na Ceathrún Rua ag déanamh aithris ar gheáitsíocht Neymar!

Tá físeán curtha amach ar na meáin shóisialta ag CLG na Ceathrún Rua ina bhfuil ógánaigh an chumainn ag baint an-sult as ealaín Neymar, réalta na Brasaíle

FISEÁN: Gasúir Ghaeltachta na Ceathrún Rua ag déanamh aithris ar gheáitsíocht Neymar!

Tá geáitsíocht Neymar tagtha ón Rúis chomh fada leis an gCeathrú Rua i gConamara agus peileadóirí óga Gaeltachta ag déanamh aithris ar réalta na Brasaíle.

Chuir CLG na Ceathrún Rua físeán amach ar na meáin shóisialta inniu ina bhfuil lucht a gcampa samhraidh le feiceáil agus an-sult go deo á bhaint acu as ealaín Neymar.

Dá fheabhas é mar imreoir, tá droch-cháil ar Neymar as scéal chailleach an uafáis a dhéanamh de chuile chor coise a bhaintear as.

Go deimhin, titeann Neymar chun talún chomh neafaiseach sin go ndeirtear, de réir áirimh amháin, go bhfuil 14 nóiméad caite sínte ar an dtalamh aige go dtí i gCorn an Domhain 2018. Beidh muintir na Brasaíle ag súil, áfach, go léireoidh Neymar an seasamh atá ann anocht nuair a thabharfaidh a bhfoireann aghaidh ar an mBeilg anocht i Staid Kazan sa Rúis.

Cá bhfios ach go mbeidh cleas nua le foghlaim ag campa mhuintir na Ceathrún Rua amárach?

Fág freagra ar 'FISEÁN: Gasúir Ghaeltachta na Ceathrún Rua ag déanamh aithris ar gheáitsíocht Neymar!'