FÍSEÁN: Cé chomh fada is a thógfadh sé ort pointe a scóráil i ngach páirc CLG sa tír? Cuir ceist ar an bhfear seo…

An tseachtain seo caite, chas Tuairisc.ie le Kevin O’Riordan, fear óg atá ag iarraidh pointe a scóráil i ngach páirc CLG sa tír ar son na carthanachta. Labhair sé linn faoina aistear agus an obair atá i gceist leis…

chomh fada is a thógfadh sé ort pointe a chiceáil ar gach páirc CLG sa tír? An cineál ceist sheafóideach a chuirtear go minic ag an gcuntar sa teach tábhairne, an cineál ceiste a cheapfá nach bhfuil freagra ar bith uirthi. Ar an dea-uair an turas seo, tá freagra na ceiste ag fear amháin, nó, ar a laghad, beidh freagra na ceiste aige faoi cheann trí mhí nuair a thiocfaidh deireadh lena aistear dochreidte.

Faoi láthair, tá Kevin O’Riordan, múinteoir óg ó Thiobraid Árann, níos mó leath bealaigh trína thuras agus é mar aidhm aige pointe a chiceáil i ngach páirc de chuid CLG atá sa tír; breis agus 1,600 acu. Nuair a chas sé le Tuairisc.ie ag deireadh na seachtaine seo caite, bhí Kevin ar cuairt ar an bhfichiú contae dá thuras – é mar aidhm aige a 1,000ú pointe a chiceáil sa Ghaillimh, sprioc a bhain sé amach ar an Domhnach ar pháirc churaidh iomána na Gaillimhe, Na Sairséalaigh.

Is ar mhaithe le hairgead a bhailiú ar son cumann carthanachta atá Kevin ag tabhairt faoin iarracht seo. Agus é i mbun staidéir in Ollscoil Mhá Nuad dhá bhliain ó shin, chaith an Tiobradach sé seachtaine ag múineadh gasúir óga ni Kolkata san Ind. Chuaigh an turas i bhfeidhm air chomh mór sin gur shocraigh sé filleadh ar an gcathair a luaithe agus a tháinig sé abhaile go hÉirinn.

Is deartháir é Kevin le Colin O’Riordan, iarimreoir Thiobraid Árann a shínigh conradh leis na Sydney Swans san AFL anuraidh, agus ba nuair a bhí Kevin ag imirt le Colin agus a dheartháir eile sa ghairdín a tháinig an smaoineamh le haghaidh an aistir seo chuige.

“Bhí muid ag caint faoi Chumann Lúthchleas Gael agus na clubanna uile atá timpeall na tíre. Thosaigh mé ag bailiú eolais ansin,” a deir sé. Is ar a bhreithlá anuraidh, an 29 Lúnasa, a thosaigh Kevin amach ar a thuras agus tá mar aidhm aige an pointe deireanach dá aistear a chiceáil i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig.

Nuair a chloiseann tú an scéal ar dtús, deir tú leat féin gur bealach maith atá ann airgead a bhailiú ar son cumann carthanachta, ach tá i bhfad níos mó oibre i gceist ná mar a shílfeá.

go mbíonn comhluadar anois agus arís aige ar a aistear, caitheann Kevin laethanta fada leis féin ag tiomáint timpeall na tíre.

“Tá ag iarraidh a bheith ar an mbóthar chomh luath agus atá solas ann. Bím ag an gcéad chumann ag éirí na gréine, sin thart ar 8.10 na laethanta seo, agus coinním orm ag imeacht go dtí go mbíonn sé dorcha. Tá ag caint ar 12 uair a’ chloig in aghaidh an lae uaireanta, ó thaobh an taistil agus gach rud,” a deir Kevin.

an oiread sin oibre i gceist gur togra lánaimseartha atá ann anois. Cé go raibh sé ag obair mar mhúinteoir ionaid roimhe seo, rinne sé cinneadh éirí as an múineadh go dtí go mbeadh a sprioc bainte amach aige.

Bhí i gCorcaigh roimh an Nollaig agus thóg sé naoi lá air an contae uile a thaisteal. “Tá an méid is mó cumann sa tír ann – 155. Bhí breá sásta an ceann sin a chur den liosta roimh an Nollaig agus briseadh a thógáil,” a deir sé.

bhíonn deireadh leis an obair do Kevin nuair a éiríonn sé dorcha ach an oiread. Mar chuid dá thuras, glacann sé pictiúir agus déanann sé físeán ag gach cumann le cur suas ar a chuntais Twitter agus Facebook.

Nuair a shroicheann sé an baile, bíonn air eagarthóireacht a dhéanamh ar an ábhar agus é a uaslódáil, rud a thógann cúpla uair a’ chloig nó níos mó air, ag brath ar céard atá bainte amach aige i rith an lae.

go raibh an geimhreadh go dona ó thaobh na báistí de, deir Kevin nár chuir sé isteach rómhór air. “Bhí báisteach ann, sneachta, tintreach agus toirneach ach nuair atá thíos in iarthar Chorcaí ar leithinis i gCiarraí áit, níl mé in ann tada a dhéanamh ach cur suas leis agus mé imithe chomh fada sin.

“Ba í an Ghaillimh an áit ba mheasa, mar a tharlaíonn sé. Bhí ag iarraidh dul chomh fada le Cinn Mhara an lá cheana. Caithfidh gur thriail mé ocht mbóthar éagsúla ach bhí siad ar fad faoi uisce. Ní raibh Google fiú in ann bealach eile a fháil dom!

“Ní deireadh an domhain é mar go mbeidh mé ag teacht ar ais arís i dtús mhí an Mhárta chun Oileáin Árainn a dhéanamh, ach ba é sin an chuid ba mheasa de go dtí seo.

“Má éirím, níl orm ach geansaí nua a chur orm. Tá urraíocht déanta ag O’Neill’s ar roinnt geansaithe dom agus tá sin iontach agus níl orm ach ceann nua a chaitheamh orm agus an teas a chur ar siúl sa charr!”

D’fhear a bhfuil dúil mhór aige i gCLG, ceann de na príomhbhuntáistí a bhaineann lena aistear ná go bhfuil sé ag tabhairt cuairte ar na cumainn agus ar na páirceanna is stairiúla agus is suimiúla sa tír. “Tugann sé deis dom taisteal go dtí cuid de na páirceanna is áille sa tír. Suas Slí an Atlantaigh Fhiáin, i gCorcaigh, i gCiarraí, in iarthar na Gaillimhe.

“Is in Éirinn amháin a rachfá thar pháirc ceithre nó cúig huaire gan é a thabhairt faoi deara. Bheadh cuma gharraí feirmeora air, an geata dúnta, meirg ar an gcúl agus bíonn ort fiafraí de dhuine áitiúil, ‘Cá bhfuil an pháirc?’, a deir sé, ag gáire.

“Tá gach duine chomh bródúil as a gceantair agus a bpáirceanna féin. Bheadh daoine ag ceapadh go bhfuil áiseanna iontacha acu ach bheadh ormsa an ruaig a chur ar chaoirigh ón bpáirc chéanna chun go mbeinn in ann mo chic a thógáil!”

Fiú nuair a chas Tuairisc.ie le Kevin i mBearna na Gaillimhe, bhí geata na páirce faoi ghlas agus obair dheisiúcháin á dhéanamh faoi láthair ann. Chun a bhealach isteach a dhéanamh, bhí air léim thar chlaí, dul isteach sa phuiteach sa gharraí taobh leis an gcarrchlós, cromadh faoi shreang dheilgneach agus léim thar chlaí eile. Ar son na cúise.

In ainneoin na ndeacrachtaí seo, tá an spiorad pobail a spreagann CLG feicthe ag Kevin chomh maith. Go dtí seo, bhí Kevin ag brath ar chairde chun lóistín a thabhairt dó bhí rófhada ó bhaile ach tá áiteanna ann nach féidir brath ar a leithéid.

“Tá ag déanamh Cúige Uladh an mhí seo chugainn agus bhí amhras orm mar nach bhfuil aithne agam ar mhórán daoine thuas ann ach tá tacaíocht á fháil agam cheana féin. Tá triúr nó ceathrar tagtha chugam ag rá go bhfuil siad ag iarraidh cúnamh a thabhairt dom. Seo daoine nár chas mé leo riamh i mo shaol ach tá siad ag tógáil lá saoire ón obair chun mé a thiomáint timpeall nó tá siad chun leaba a thabhairt dom ina dtithe féin. Sin é an meon atá ann i gCLG, tá dochreidte.”

Is é Maigh Eo an chéad chontae eile ar an liosta ag Kevin, agus é ag tabhairt faoi an tseachtain seo. Faoin am a mbeidh sé críochnaithe, measann Kevin go mbeidh thart ar 70,000km déanta aige ó cheann ceann na tíre. Is dúshlán ar leith é, cinnte, nár thug aon duine eile faoi go dtí seo. Nuair a smaoiníonn Kevin ar an méid sin, ní dhéanann sé tada ach a ghuaillí a chroitheadh.

“Táim i ngrá leis an smaoineamh, táim i ngrá le CLG. Is rud suimiúil é, is rud difriúil é.”

Is fíor dó.

Is féidir síntiús a thabhairt do Kevin ar a shuíomh KickForKolkata anseo nó téacs ‘kick4hope’ a sheoladh chuig 50300 chun €4 a thabhairt

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Cé chomh fada is a thógfadh sé ort pointe a scóráil i ngach páirc CLG sa tír? Cuir ceist ar an bhfear seo…'