FÍSEÁN: An Ghaeilge le cloisteáil ó fheisire parlaiminte nua ina chéad óráid in Westminster

Dúirt an feisire parlaiminte nua-thofa don Dún Thuaidh Stephen Farry gur theastaigh uaidh gur i nGaeilge a bheadh an chéad rud a déarfadh sé i bParlaimint Westminster chun léargas a thabhairt ar oidhreacht chomónta teanga ‘na dtraidisiún’ go léir ó thuaidh

FÍSEÁN: An Ghaeilge le cloisteáil ó fheisire parlaiminte nua ina chéad óráid in Westminster

I nGaeilge a chuir an feisire parlaiminte nua-thofa don Dún Thuaidh Stephen Farry tús lena chéad óráid i bparlaimint Westminster.

“Go raibh maith agat, a Leas-Cheann Comhairle,” a dúirt Stephen Farry ón bpáirtí Alliance mar thús lena chéad óráid.

I mBéarla a mhínigh sé ansin cén fáth gur roghnaigh sé an Ghaeilge le tús a chur lena phíosa cainte le linn na díospóireachta a bhí ar siúl sa pharlaimint inniu faoin mBreatimeacht agus an comhaontú aistarraingthe.

“Thank you, Mr Deputy Speaker. I wanted my first formal comments in this Chamber to be in Irish to reflect the shared heritage of the language across all the traditions in Northern Ireland,” arsa Farry.

Chualathas an Ghaeilge á labhairt i bparlaimint Shasana in Westminster anuraidh nuair a chuir feisire Parlaiminte de chuid Plaid Cymru, Liz Saville-Roberts, ceist faoin éileamh ar acht Gaeilge don Tuaisceart ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann Karen Bradley.

Ach meastar gurb í óráid Farry an chéad uair a chualathas an Ghaeilge le linn céad óráide ó 1901.

Ar an 19 Feabhra 1901 thug Thomas O’Donnell, feisire parlaiminte agus gníomhaí de chuid Chonradh na Gaeilge as Ciarraí, cuid dá chéad óráid in Westminster i nGaeilge ar mhaithe le haird a tharraingt ar chás na teanga. Dúirt O’Donnell go gcaithfeadh sé “labhairt ins an Feis Sacsanach seo in mo theanga féin”.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: An Ghaeilge le cloisteáil ó fheisire parlaiminte nua ina chéad óráid in Westminster'

  • An Teanga Bheo

    Tús maith agus seas an fód.