FÍSEÁN: Aird tarraingthe ag bean óg Ghaeltachta ar dheacrachtaí cainteoirí Gaeilge sa chóras sláinte
Teiripeoir saothair as an gCeathrú Rua í Clíodhna Breathnach ar tharraing a saothar faoi na deacrachtaí a bhíonn ag cainteoirí Gaeilge sa chóras sláinte go leor cainte ar líne. Labhair Tuairisc le Clíodhna agus lena Mamó, Nóra
Tomás Mac Con Iomaire
An- bhean go deo a Chlíodhna. Nár laga Dia thú.
Lelia Ní Bhroin
Ar fheabhas. Sin an rud atá i gceist I gcónaí ná cumarsáid.
Máire Ní Mhurchadha
An-obair, a Chlíodhna.
(is breá liom do ghadhar, dála an scéil!)
Treasa Uí Lochlainn
Tá áird tarraingte agat a Chlíodhna ar dheacracht a bhí agus atá ag cainteoirí dúchais Gaeilge ar bheagán Béarla agus iad ag strachailt le cúrsaí sláinte . Nár laga Dia thú.
Mairín Uí Chéide
Dia leat a Chlíodhna!!
Caitríona Ní Chonaola
Tráth a raibh mé san ospidéal agus mé 7 mbliana d’aois, cuireadh ceist orm: Did your bowels move? Níor chuala mise an focal ‘bowels’ riamh gan trácht ar iad a bheith ag corraí..agus dúirt mé nach raibh aon ‘bhowels’ agam!