Fiosrúchán ar bun faoi thaisí daonna a fuarthas i nGaeltacht Dhún na nGall

Duine a bhí amuigh ag siúl a tháinig ar na taisí daonna thart ar 6.30pm tráthnóna inné agus tugadh go dtí ospidéal Leitir Ceanainn iad chun go ndéanfaí scrúdú iarbháis

Fiosrúchán ar bun faoi thaisí daonna a fuarthas i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá fiosrúchán curtha ar bun faoi thaisí daonna a dtángthas orthu i nGaeltacht Dhún na Gall.

Thángthas ar na taisí daonna ar an gcósta ar an Mhachaire gar don Chlochán Liath.

Tuairiscítear gur lámh duine a bhí i gceist.

Thug na Gardaí i mBaile na nGallógach le fios aréir go raibh fiosrúchán ar bun faoi gach gné den scéal.

Duine a bhí amuigh ag siúl a tháinig ar na taisí daonna thart ar 6.30pm tráthnóna inné agus tugadh go dtí ospidéal Leitir Ceanainn iad chun go ndéanfaí scrúdú iarbháis orthu.

Cuireadh Paiteolaí an Stáit ar an eolas faoin scéal.

Tá na Gardaí agus an Garda Cósta fós i mbun cuardaigh sa cheantar.

Thángthas mí Feabhra ar chos mná ar thrá an Bhuna Bhig i nGaeltacht Dhún na nGall, 25 ciliméadar ón áit a dtángthas ar na taisí daonna inné.

Dúradh mí Feabhra gur scrúdú DNA ar an mball coirp a shocródh cén cúrsa a leanfadh an fiosrúchán agus dearbhaíodh níos déanaí go raibh sin déanta go sásúil.

 

 

Fág freagra ar 'Fiosrúchán ar bun faoi thaisí daonna a fuarthas i nGaeltacht Dhún na nGall'