Tá eagraíocht stáit le fiosrú a dhéanamh faoi chaighdeán an aistriúcháin Ghaeilge a rinneadh ar leabhrán dátheangach atá a scaipeadh ar gach teaghlach sa stát.
Chinn Údarás Uchtála na hÉireann fiosrú a dhéanamh faoi ghearán gur Gaeilge ‘Tá mé fear’ atá sa leabhrán eolais faoin Acht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022.
Ar na botúin a aimsíodh sa leabhrán bhí an abairt ‘Níl an leabhar seo ach achoimre’.
Chuir an té a rinne gearán faoin leabhrán eolais dátheangach ar a súile don Údarás Uchtála gur “botún bunúsach” a bhí anseo a dtugtar “an botún ‘Tá mé fear” air”.
Luaigh sé chomh maith botún sa teideal ar chlúdach an leabhráin, áit a bhfuil ‘faoi Bhreithe’ scríofa seachas ‘faoi Bhreith’ nó ‘faoi Bhreitheanna’.
Thug Údarás Uchtála na hÉireann le fios go bpléifidís ceist an leabhráin leis an gcomhlacht seachtrach a rinne an obair aistriúcháin don leabhrán atá á chur amach ag an Údarás, an Roinn Leanaí agus Túsla.
Sa “sampla” de na botúin agus den drochaistriúchán a cuireadh faoi bhráid an Údaráis, bhí roinnt abairtí Gaeilge nach raibh aon chiall leo.
‘Seo i dtionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann’, mar shampla, an t-aistriúchán a rinneadh ar ‘This is an initiative of the Government of Ireland’.
Bhí briathar san aimsir mhícheart i measc na mbotún eile – ‘osclaítear’ nuair is ‘osclófar’ a bhí i gceist.
Tugadh faoi deara chomh maith go raibh roinnt athrá gan dealramh sa leagan Gaeilge den téacs:
‘Ach tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur seirbhísí ar leith agus ar leith iad an dá cheann agus gur gá iad a chur i bhfeidhm ar leithligh.’
Dúradh go raibh sampla eile den athrá gan dealramh le fáil in úsáid an fhocail ‘rogha’ san abairt, ‘Is bealach é an Clár Tosaíochta Teagmhála le cur ar chumas daoine a rogha rogha a chlárú.’
Botún eile a luaigh an té a rinne an gearán, ar saineolaí ar an nGaeilge é, ná nach ndearnadh aon idirdhealú san aistriúchán Gaeilge idir an focal ‘adoptive’ agus ‘adopted’, rud a d’fhág go raibh ‘tuismitheoir uchtála’ agus ‘páiste uchtála’ aige seachas ‘páiste uchtaithe’.
Dúradh nach raibh ciall ar bith le habairtí eile amhail “Ar choinníoll D’fhéadfadh mír ar bith a bheith i seilbh an Údaráis Uchtála nó Tusla…’
Seoladh an leabhrán mar chuid d’fheachtas poiblí faisnéise a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go dtuigeann daoine a uchtaíodh, go dleathach nó go mídhleathach, go bhfuil cead acu faoin reachtaíocht nua rochtain a fháil ar aon eolas atá ann faoina mbreith nó tús a saoil.
Ní hé seo an chéad uair ar caitheadh amhras ar chaighdeán an aistriúcháin a rinne comhlacht seachtrach do chomhlacht poiblí.
Comhlacht seachtrach aistriúcháin, mar shampla, a d’aistrigh ‘Mind the steps’ mar ‘Intinn na céimeanna’ ar phóstaer de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte níos túisce i mbliana.
Anuraidh baineadh anuas comharthaí a bhíodh ag fógairt cosc ar cheamaraí in ionaid tástála Covid-19 nuair a cuireadh botún san aistriúchán Gaeilge ar a súile do FSS.
Sa bhfógra bhí ‘No cameras’ aistrithe go Gaeilge mar ‘Uimh Ceamaraí’ amhail is gur giorrúchán ar an bhfocal Béarla ‘number’ a bhí i gceist leis an ‘No’.
Dúradh an uair sin chomh maith gur cuireadh an t-aistriúchán Gaeilge don fhógra agus an phriontáil amach ar conradh go dtí soláthróir eile.
Éilís Ní Anluain
‘tionscnamh é seo de chuid Rialtas na hÉireann’ atá ag Google
Aistritheoir
Seans maith go bhfuil an eagraíocht sin ag ligean uirthi féin gur comhlacht seachtrach ba chúis leis na botúin sin ach i ndáiríre gur úsáid siad Google chun an leabhrán a aistriú mar ‘nach léifidh aon duine i nGaeilge é’!
Clive Geraghty
Náireach.
James Pelow
An té nach n-íocann daoine go maith, ní fhaigheann sé daoine maithe…
Antóin
An chéad pharagraf ón leabhrán céanna.
“Deimhníonn sé an ceart atá ag duine eolas a bheith acu ar a mbunús, Beidh rochtain shoiléir ráthaithe ar fhaisnéis agus ar thaifid faoina mbreith agus faoina luathshaol ag daoine a uchtaíodh, a cuireadh ar lóistín, ar ábhar do chlárú breithe mídhleathach nó a rugadh i Máthair agus Leanbh nó institiúid Baile an Chontae.”
“ar ábhar do chlárú breithe mídhleathach” Gan an leagan Béarla ní bheadh a fhios agam gur ‘ the subject of an illegal birth registration’ atá i gceist. Agus maidir le “a rugadh i máthair agus leanbh” !
Agus an chéad líne féin, is iomaí duine mach mbeadh sásta leis an aistriúchán sin.
Ábhar anseo do mhic léinn atá ag déanamh staidéar ar chúrsaí aistriúcháin.
JP
Fáilte go dtí ‘DysDopia’ na hÉireann.
Craoladh
Go raibh maith agat as an t-aistriúcháin sin a Antóin, ní rabhas in ann tóin nó ceann a dhéanamh as
Roisín Ní Ghráda
Náireach ar fad, níl aon mheas ag an rialtas ar ár dteanga, gramadach mícheart agus aistriúcháin ghránna dothuigthe go forleathan ar fud na tíre, m/sh “Geata osclaíonn síos an cnoc” i nDún na nGall, , “Coimhéad an Chéim” ag Iarnród Éireann agus go leor leor im’ chontae féin, Ciarraí. Beidh an leabhrán seo á seoladh ar ais….
Séadna
Tá seo náireach agus maslach do phobal na Gaeilge. Ba choir cosc iomlán a chur i bhfeidhm ar úsáid Google i gcúrsaí aistriúcháin sa státchóras. Cá bhfuil na polaiteoirí gur mór acu an Ghaeilge anois. Ar ndóigh, níl Gaeilge ag ardbhainistíocht an státchórais ó cuireadh deireadh le riachtanas Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí. Mar sin, is polasaí laissez faire atá i bhfeidhm le fada an lá.