Rachaidh daltaí ó Ghaeltacht na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chiarraí agus Mhaigh Eo san iomaíocht lena chéile inniu chun áit a bhaint amach i gcraobh na hEorpa d’fhiontraithe óga.
Reáchtálfar babhta ceannais Chraobh na hÉireann de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta, 2021 inniu agus sé fhoireann ó chúig scoil Ghaeltachta páirteach ann.
Is iad na scoileanna Gaeltachta ar éirigh lena ndaltaí idirbhliana sna babhtaí cúige agus a thabharfaidh faoi Chraobh na hÉireann inniu: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co Chiarraí; Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe; Gaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo; Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga; agus Gairmscoil Chú Uladh, An Clochán, Leifear, Co. Dhún na nGall.
Beidh deis ag buaiteoirí an lae inniu i gCraobh na hÉireann ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag Comhlacht na Bliana, Comórtas Junior Achievement na hEorpa 2021 [JA na hEorpa] a reáchtálfar i mí Iúil. De bharr shrianta an Covid-19 is go fíorúil ar líne a reáchtálfar an comórtas.
Ón scoil a chuirfidh na daltaí a ngnó faoi bhráid na moltóirí inniu trí fhíseán ghairide réamhdhéanta, pleananna gnó agus agallaimh.
Ba iad na fiontair ‘Cártaí Feasa’ agus ‘Bain Triail as Leabhair do Leanaí’ as Pobalscoil Chorca Dhuibhne a bhuaigh Craobh Réigiúnach an Deiscirt den Chomórtas. ‘An Saol Veigeáin’ as Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus ‘Earraí BOSSK’ as Gaelcholáiste Chomáin a bhuaigh Craobh Réigiúnach an Iarthair. ‘Cluasa Cliste’ as Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus ‘DSG Adhmad’ as Gairmscoil Chú Uladh a thug an bua leo ag Craobh Réigiúnach an Tuaiscirt den chomórtas.
Na Foirne
Cártaí Feasa agus Bain Triail as Leabhar do Leanaí, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Cártaí beannachtaí iad seo a insíonn scéalta béaloidis na hÉireann. Tá cód QR ar chúl an chárta agus nuair a dhéantar sin a scanadh tabharfar chuig láithreán gréasáin thú leis an scéal béaloidis iomlán a fháil.
Leabhair oideachais do leanaí chun pianó, bailé agus tarraingt pictiúr a fhoghlaim trí Ghaeilge.
An Saol Veigeáin, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Chuir na daltaí leabhar cócaireachta dátheangach ar fáil do dhaoine ar mhaith leo saol veigeánach a chleachtadh. Tá 19 oideas sa leabhar chomh maith le fíricí faoi veigeánachas agus déantar cur síos ar an aiste bia seo agus an tionchar atá aige ar an tsláinte, an timpeallacht agus ainmhithe.
Earraí BOSSK, Gaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Chruthaigh na daltaí seo pictiúr agus fráma ina bhfuil ainmneacha na clainne greanta air agus iad ag úsáid ealaín Scrabble. Is féidir aon ainm a chur isteach sna frámaí seo.
Cluasa Cliste, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Fáinní cluaise ealaíonta a chuireann féiniúlacht an duine féin chun cinn. Tá na fáinní cluaise déanta as ábhair éagsúla agus as earraí athchúrsáilte.
DSG Adhmad, Gairmscoil Chú Uladh, An Clochán, Leifear, Co. Dhún na nGall
Chruthaigh na daltaí sa scoil seo clár nó losaid le bheith ag mionghearradh bia air sa gcistin. Déantar na cláir as adhmad na háite. Táirge álainn lámhdhéanta a mbeidh an-tóir air, a deirtear.
Meadbh
Is iontach go bhfuil na daoine óga seo ag fáil an deis scileanna mar seo a fhoghlaim. Ach is mór an trua nach bhfuil siad ag foghlaim gur féidir leo margaíocht a dhéanamh ar a gcuid táirgí i nGaeilge. Tá dhá ghrúpa a bhí páirteach anseo go háitiuil feicthe agam agus a gcuid poibliocht ar na meáin shóisialta ar fad i mBéarla. Agus, níos measa, gnó áitiuil ag tacú leis go hiomlán i mBéarla chomh maith. Is léir nach bhfuil treoir láidir uaidh an tÚdarás faoin Ghaeilge.
Seáinín faoi Sceach
Leis an drochchaighdeán Gaeilge a fheictear ar mheáin shóisialta Údarás a Mheadbh seans gur fearr nach bhfuil Údarás ag cuir comhairle ar na daltaí seo!
Rós
An bhfuil polasaí teanga ag an Údarás? D’fhág mé trácht le gairid ar Instagram UnaG ag árdú ceist faoi an raibh gá leagan Béarla de theachtaireachtaí i gcás poibliú an chlár seo – agus i gcomhthéacs an chaint faoi Randox agus An Memo Sin. Seachas freagra, chonaic mé gur scriosadh mo thrácht. Sin é an leibhéal meas atá ag Údarás na Gaeltachta ar an bpobal. Ach feicim gur thug siad freagra agus ghabh leithscéal le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar Twitter inniu nuair a cheistigh sí caighdeán Gaeilge i Tweet. An gcaithfidh tú a bheith fostaithe ag RTÉ le freagra a fháil uaidh foireann Údarás na Gaeltachta?