Fine Gael – páirtí spíonta, sleabhctha ar an eite dheis

Tá an díospóireacht faoi bhuiséad na bliana seo ar bun faoi láthair agus is cinnte nach mbeidh sé éasca ag na trí pháirtí rialtais a theacht ar chomhréiteach

Fine Gael – páirtí spíonta, sleabhctha ar an eite dheis

Simon Coveney agus Leo Varadkar. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Má tá Teachtaí Dála agus baill Fhianna Fáil ag déanamh dianmhachnamh na laethanta seo ar a bhfuil i ndán don pháirtí sin tá an rud céanna ar bun i bhFine Gael. Tá siadsan freisin ag déanamh a marana.

De réir tuairiscí atá ag teacht chun cinn tá cuid mhaith de na baill a cheapadh go bhfuil Fine Gael ag cailleadh a gcuid féiniúlachta. Bhí an fhéiniúlacht sin soiléir go leor ar feadh blianta fada. Ar an eite dheis a bhí siad. Ba mhó acu an dream a bhí go maith as ná an aicme a bhí ag sracadh leis an saol.

Is fíor go raibh an tráth ann ar dhírigh siad de bheagán ar ‘an tsochaí chóir’ mar a thug siad air ach fealsúnacht a bhí inti nach ndeachaigh ródhomhain sa bpáirtí.

Tá Leo Varadkar tosaithe ag caint anois aríst ar ‘an dream a éiríonn go moch ar maidin;. Leide atá ansin gur mian leis Fine Gael a tharraingt níos faide ar an eite dheis ná mar atá siad cheana.

Má dhéanann sé é cé mhéad de lucht tacaíochta an pháirtí a leanfas é? Tharlódh sé nach mbeadh fágtha sa deireadh aige ach na fíréin choimeádacha.

An mbeidh Leo Varadkar i gceannas ar chor ar bith an uair sin go deimhin? Tá an t-eolas a thug sé don Dr Maitiú Ó Tuathail ina scáile os a chionn i gcónaí.

Rud eile de, an leanfadh Fianna Fáil agus an Páirtí Glas an mháirseáil i dtreo na heite deise?

Tá an díospóireacht faoi bhuiséad na bliana seo ar bun faoi láthair agus is cinnte nach mbeidh sé éasca ag na trí pháirtí rialtais a theacht ar chomhréiteach. Tá an costas maireachtála ag ardú as éadan agus teastaíonn cúnamh práinneach stáit ó chuid mhaith daoine.

Theastódh ardú ar chúnamh leasa shóisialaigh a choinneodh leis an mboilsciú, cuirim i gcás. Bheadh leithéid Willie O’Dea as Fianna Fáil ar son ardú fiúntach a cheadú ach tá neart daoine i bhFine Gael a chreideann go diongbháilte gur scraistí leisciúla gan mhaith iad an dream atá ag brath ar chúnamh leasa shóisialaigh.

Idir an dá linn is cosúil go bhfuil Fine Gael in ísle brí ó thaobh eagrúcháin de. Níl na gnáthbhaill ag teacht chuig na cruinnithe chomh fonnmhar agus a bhídís.

Is gearr ó foilsíodh eolas a thug Comhairleoir Contae Fine Gaelach faoi chruinniú amháin a ndearnadh neart poiblíochta faoi roimh ré agus ar cuireadh na mílte bileog eolais ar fáil lena aghaidh. Níor tháinig ann ach deichniúr.

Dúirt Comhairleoir Contae eile go bhfuil os cionn 1,000 ball ag Fine Gael ina dháilcheantar féin ach nach bhfuil ach thart ar 50 acu gníomhach.

Má leanann sé seo ar aghaidh d’fhéadfadh sé go gcaillfeadh cuid mhaith de Theachtaí Dála Fhine Gael a gcuid suíochán sa gcéad olltoghchán eile. Tharlódh sé nach mbeadh suíochán ar bith acu i dTír Chonaill, i dTiobraid Árann ná i Sligeach. Ní bhfaighidís an dara suíochán i Laois/Uíbh Fhailí, i Loch Garman ná i gCeatharlach/Cill Chainnigh. Bhainfí croitheadh astu i gCorcaigh.

Páirtí spíonta, sleabhctha ar an eite dheis a bheadh iontu tar éis an olltoghcháin. Ní bheadh de rogha acu ach a dhul sa bhfreasúra.

Choinneoidís glan ar Shinn Féin agus ní dócha go mbeadh Fianna Fáil sásta a dhul i gcomhrialtas eile leo.

Seans go bhfágfadh sé sin Fianna Fáil agus Sinn Féin in éineacht. Is é sin mura mbaileodh Sinn Féin an oiread tacaíochta ó na páirtithe beaga ar an eite chlé agus a chuirfeadh ar a gcumas an sprioc a bhaint amach agus comhrialtas stairiúil nua a bhunú.

Fág freagra ar 'Fine Gael – páirtí spíonta, sleabhctha ar an eite dheis'

  • Seán Mag Leannáin

    Leo agus Simon, boic mhóra Fhine Gael, duine acu faoi scáil ar sceith sé lena chara Maitiú Ó Tuathail agus an duine eile faoi scáil na conspóide a bhain lena iarracht post bog a chumadh dá iar-chara Katherine Zappone. Caithfidh go bhfuil siad in ísle brí nuair atá cuid acu anois ag caint faoi Simon Harris mar cheannaire nua!