Féile cheoil in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall arís i mbliana

Reáchtáladh an fhéile ‘Dorn san Aer’ den chéad uair anuraidh agus tá sé fógartha an tseachtain seo go mbeidh sí ar bun arís i nGaoth Dobhair mí Mheán Fómhair

Féile cheoil in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall arís i mbliana

Tá an fhéile cheoil Dorn san Aer a bunaíodh in ómós don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí le reáchtáil i nDún na nGall arís sa bhfómhar.

Reáchtáladh an fhéile den chéad uair anuraidh agus tá sé fógartha an tseachtain seo go bhfuil trí lá de cheol, cultúr agus ceiliúradh le bheith ann arís i nGaoth Dobhair idir 26-28 Meán Fómhair 2025.

Deir lucht eagraithe na féile gur “léiriú ar an mheas atá ar Rónán an rath as cuimse a bhí ar an chéad fhéile a reáchtáladh anuraidh”. Bhásaigh Mac Aodha Bhuí, duine de shárchraoltóirí a linne, mí Mheán Fómhair 2023 is gan é ach 53 bliain d’aois.

“Craoltóir iontach ábalta a bhí i Rónán, duine Gaelach, a mheall an óige go háirithe, agus daoine de gach aicme agus cine, i dtreo na Gaeilge lena dhearcadh dílis ionraice agus a phearsantacht rógánta ghealgháireach,” a deir lucht eagraithe Dorn san Aer. “Chuaigh dílseacht oscailte Rónáin don chosmhuintir agus don ghnáthphobal i bhfeidhm ar go leor. Labhair sé amach os ard in éadan na héagóra agus an chos ar bolg atá ag tarlú – ní hamháin in Éirinn – ach ar fud an domhain.”

Léirigh Mac Aodha Bhuí tacaíocht láidir do mhuintir na Palaistíne le linn a shaoil agus is í Ambasadóir na Palaistíne go hÉirinn, an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid, a osclóidh Dorn san Aer go hoifigiúil oíche Aoine in Amharclann Ghaoth Dobhair. Ina dhiaidh sin, pléifidh roinnt aoichainteoirí ceist na Palaistíne ón ardán.

Glacfaidh ar a laghad 20 banna ceoil páirt i bhféile na bliana seo, a bheidh á reáchtáil in ionaid éagsúla ar fud Ghaoth Dobhair, agus meascán de rac, hip-hop, traid-leictreach, ceol Gaelach, ska, is reggae le cloisteáil, chomh maith le seisiúin chainte, Lá Teaghlaigh agus go leor eile.

I measc na ngrúpaí agus na gceoltóirí a bheidh ag seinm, beidh Bréag, Grooveline, Huartan, Macdara Ó Faoláin, Ceann Gólaim, Dysania, Ramper, Piaras Ó Lorcáin agus An Crann Óg.

Beidh comórtas Cath na mBannaí, i gcomhar le Raidió na Gaeltachta, lárnach san fhéile arís i mbliana agus cuireadh tugtha do bhannaí úra cur isteach ar an chomórtas a bhfuil príomhdhuais €2,000 leis.

Leanfar chomh maith le fís eile a bhí ag Rónán: an RACADAMH, acadamh don cheol nua-aimseartha ina mbeidh ranganna le haíonna speisialta, ceardlanna do cheoltóirí agus meantóireacht do dhaoine atá ag dul i mbun na ceirde.

Tá ticéid ar díol anois ó shuíomh na féile, Dorn san Aer. €70 atá ar Thicéad Deireadh Seachtaine agus €30 atá ar Thicéad Lae. Is féidir Ticéad Teaghlaigh a fháil ar €100.

Fág freagra ar 'Féile cheoil in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall arís i mbliana'