Fear gnaíúil is spórt a bhí i John Mór…

Déanann ár gcolúnaí cur síos fileata ar scéal John Mór Delaney

Fear gnaíúil is spórt a bhí i John Mór…

BÁNÚ JOHN MHÓIR

Fear gnaíúil is spórt a bhí i John Mór

Is bhí dalladh den airgead aige

Cheannaíodh sé ól go dhaoine go leor

Ar an traein is in áiteacha eile

 

Bhí suim aige i gceol is é ina shuí ar an stól

Is ba mhaith uaidh féin véarsa a chasadh

Ach tháinig an lá, mo chreach is mo chrá

Nuair a phioc sé an ceann mícheart le canadh

 

Bhíodh  sé imithe de shíor amach as an tír

San Eoraip is níos faide ó bhaile

Bhí tráth ann sa bhFrainc nuair a tháinig air strainc

Nó gur cuireadh cúig mhilliún ina bhealach

 

Sa bPolainn dó geábh is é ‘amuigh leis na boys’

Chuaigh rudaí thar fóir ann cheal faire

Go deireanach san oíche is an ghrian gaibhte  faoi

Crochadh a stocaí is a bhróga chun bealaigh

 

In aice Dumhach Thrá thóg sé áras mór breá

  an díon air i ngar do na clabhtaí

Bhí a chostas dá réir chomh hard leis an spéir

Is na fiacha le n-íoc ar ais sciobthaí

 

Bhí corrdhuine ann a raibh amhras ’na gceann

Nárbh é iomlán an scéil a bhí á inseacht

Chuimhnigh Seán Mór ar chleas a d’oibrigh go deas 

Is choinnigh sa dorchadas iadsan 

 

Lucht rachmais is maoine is ní hiad na daoine

A d’íocfadh an costas ar aon nós

I mboscaí ag ól fíona, ag caitheamh todóga daora

Le Fitzpatrick, le Dunne, ‘s leis an Tíogar

 

É siúd  bheith daortha , b’in é an chéad iarraidh

A chuir an plean mór de na ráillí

Bhí na Seanies bocht spíonta, dá mbeidís níos críonna

Is i bhfad siar ón gcrú bheadh an tairne 

 

Ina phóca domhain fhéin, chuir an fear mór a mhéir

Gur tharraing aníos as céad míle

Go fonnmhar is go pras thug sé uaidh chuile bhlas

Ar fhaitíos go dtitfeadh an díon air

 

Nuachtáin an lae a fuair luaidreán an scéil

Is nós leo a bheith ag tóraíocht na mísce

Ghlaoigh Seán Mór ar an dlí i lár an mheán oíche

Séard a dúradh leis ‘Níl aon mhaith déanta’

 

Bhí sin dona go leor ach ní raibh an cath caillte fós

Níl sé éasca an sionnach a sháinniú

Cuireadh tuairisc thar sáile féachaint seasamh sa mbearna

Ach an freagra féin uathusan níor tháinig

 

Bhí cleachtadh ag Seán Mór ar bhuillí go leor

Is ba dheacair é a chur ar a ghlúine

Ach as seomra i dTeach Laighean tháinig toirneach is bladhm

A d’fhág go raibh a phort seinnte

 

An tAire Shane Ross a bhain dó an snas

Is a scríobh véarsa deiridh an amhráin 

Bhí an deis amháin aige nach raibh ag an gcuid eile

B’in a bheith i gceannas an sparáin.

Fág freagra ar 'Fear gnaíúil is spórt a bhí i John Mór…'

  • Tiarnan de Fréine

    go dtí nach raibh sé in ann stop a chuir le féin cúl ina líon féin agus thit gach rud as a chéile dó!